Ba é Martin O’Hagan an chéad iriseoir a dúnmharaíodh i dTuaisceart Éireann i ngeall ar a chuid oibre. Cúig bliana fichead i ndiaidh an ionsaithe ar admhaigh paraimíleataigh dhílseacha gurb iadsan ba chiontach as, tá tost agus faillí na n-údarás oifigiúil do-mhaite.
Bhí Martin O’Hagan, 51, agus a bhean Marie ag siúl abhaile ó theach tábhairne ar An Lorgain oíche an 28 Meán Fómhair 2001 nuair a mharaigh paraimíleataigh dhílseacha é. Bhí siad i bhfoisceacht cúig dhoras dá dteach féin nuair a thosaigh fear gunna ag scaoileadh leo. D’éirigh leis a bhean a chosaint ach bhuail ceithre philéar eisean. Fuair sé bás sula dtáinig an t-otharcharr. Dúirt grúpa a thug Red Hand Defenders orthu féin gurbh iad a bhí freagrach. Ainm cleite a bhíodh in úsáid ag an LVF agus an UDA ab ea Red Hand Defenders. Ba léir gur maraíodh é mar go bhfoilsíodh sé tuairiscí go minic san Sunday World faoi choiriúlacht na bparaimíleatach, mangaireacht drugaí san áireamh, i Lár Uladh.
Deich lá ó shin, cothrom an lae a maraíodh é cúig bliana fichead ó shin, rinne ceardchumann na nIriseoirí, an NUJ, ina raibh sé gníomhach, comhghleacaithe san Sunday World agus a mhuintir comóradh poiblí air i mBéal Feirste. Ag bigil lasmuigh d’Oifig Ombudsman na bPóilíní crochadh bratach nua ‘Martin O’Hagan 25 years demanding justice’.
Níor ciontaíodh éinne as an marú cé gur gheall na húdaráis ag an am nach staonfaidís go dtí go mbéarfaí orthu sin a bhí freagrach. Deirtí go raibh a fhios ag go leor- an Sunday World san áireamh – cé a bhí freagrach. Maíodh go raibh gníomhaire stáit ina measc. Cúisíodh ceathrar i dtaca leis an marú ach thit an tóin as an gcás. Thairg iarchúisí fianaise a thabhairt mar ollbhrathadóir ach cinneadh nach raibh a ráiteas iontaofa agus tugadh tearmann finné dó. Chothaigh láimhseáil an fhiosraithe míshuaimhneas agus ceisteanna nár freagraíodh go fóill.
Dá bharr sin chuir Oifig na nIonchúiseamh Poiblí an cás faoi bhráid Ombudsman na bPóilíní in 2013. Níor foilsíodh tuairisc go fóill. Gheall an tOmbudsman nua, Jacqui Durkan a ceapadh le gairid, go n-eiseofar ráiteas go luath. Is mithid. Ach tuairisc iomlán atá dlite don teaghlach agus don bpobal. Dúirt dlíodóir gur insíodh don teaghlach dhá bhliain ó shin go raibh clabhsúr curtha ar an bhfiosrú agus go raibh tuarascáil críochnaithe ach nárbh fhéidir í a fhoilsiú ag an am mar nach raibh Ombudsman in oifig.
Teastaíonn freagraí ó mhuintir O’Hagan. Creideann siad gur ceileadh an fhírinne agus an ceart orthu chun gníomhaire stáit a chosaint. Tá gach cosúlacht ar an scéal nach raibh fiosrú an dúnmharaithe chomh dúthrachtach is ba cheart. Is gránna an rud an chomparáid, mar a deirtear, ach ba mhór idir an cur chuige abhus agus na gníomhartha éigeandála a rinneadh ó dheas tar éis mharú an iriseora Veronica Guerin. Níl éinne ciontaithe as marú Lyra McKee, an t-iriseoir a maraíodh le linn círéibe i nDoire ach thug na húdaráis níos mó airde ar fhiosrú an uafáis ná mar a rinneadh i gcás Martin O’Hagan.
Is iomaí marú le linn na dTrioblóidí nár fuasclaíodh agus is crá croí do theaghlaigh an mhoill ar fhaisnéis gan trácht ar an gcóir. D’fhéadfaí a rá gur ag tochras ar a gceirtlín féin a bhíonn iriseoirí is sinn ag éileamh gnímh faoi mharú dhuine dár ngairm féin ach tá tábhacht ar leith leis an gceathrú heastát mar is léir ar pháirceanna an áir ar fud na cruinne. Iarracht chun nochtadh mí-iompair, calaoise nó coireanna cogaidh a sheachaint is ea foréigean in aghaidh iriseoirí. Má theipeann ar an stát lámh láidir i gcoinne iriseora, nó sa gcás seo marú Martin O’Hagan, a fhiosrú go críochnúil coinsiasach, ní hamháin go gceileann sé an chóir ach éascaíonn sé an bealach do lucht ionsaithe rud atá do-ghlactha agus contúirteach.
Fág freagra ar 'Tost agus faillí na n-údarás i gcás Martin O’Hagan do-mhaite'