Cúpla pingin le déanamh ar deireadh ar an bhfraoch agus ar an gcíb

In imeacht na mblianta, go háirithe le cúpla bliain anuas, tá an fiach faighte níos géire ar choimíní sléibhe

Cúpla pingin le déanamh ar deireadh ar an bhfraoch agus ar an gcíb

Meas tú, a d’fhiafraigh fear an tsléibhe, an mbeidh aon phingin go brách as an bhfraoch agus as an gcíb? Ag éisteacht a bhí sé le comhrá a bhí ar bun faoi dhaoine a bhí ag baint fheamainne; dúradh go raibh siad ag saothrú pingineacha láidre. Ar ndóigh, ba dhóigh go raibh áibhéil i gceist. Ach, ar a laghad, bhí teacht isteach ag dream an chladaigh – saothraithe go crua – as an bhfeamainn.

Bhí cónaí ar an bhfear a labhair go domhain sa sliabh agus gan bóthar ná cosán aige a dhéanfadh éascaíocht dó. Ag siúl sléibhe seasta a bhíodh sé ag cruinniú caorach. Ní raibh mórán astu san am. Ach meas tú an mbeadh aon phingin buachtála ar an bhfraoch agus ar an gcíb – fásra an chriathraigh

Ceapadh san am sin nach mbeadh.

Níl fós ach tá buachtáil anois ar an talamh righin, riascach ar a bhfásann fraoch agus cíb – an sliabh agus an coimín sléibhe. Athrú mór saoil atá ann agus is cuidiú mór é í bhformhór na gceantar Gaeltachta. Cé nach bhfuil na híocaíochtaí tacaíochta Eorpacha as an gcoimín chomh maith leis na híocaíochtaí ar an talamh bán, tá siad ann anois agus feachtais ar bun le chuile acra talún a chur ar comhchéim. Sa mullach air seo uilig, tá na híocaíochtaí ar an gcoimín tugtha faoi deara ag feilméaraí ón tír amach.

Bheadh sé cúig bliana déag ó shin ó thug mé faoi deara an chéad ruathar faoi choimíní sléibhe i gConamara. Fear as Cúige Mumhan a thairg €50,000 ar chearta (scair) coimín, agus a fuair é. Sa gcás sin, bhíothas ag íoc thart ar €500 in aghaidh an acra. Sula gcuirfidh muid an scéal níos faide, ní mór a shoiléiriú go bhfuil an díol agus an ceannacht seo uilig dlisteanach agus dleathach

In imeacht na mblianta ó shin, go háirithe le cúpla bliain anuas, tá an fiach faighte níos géire ar choimíní sléibhe. D’fhéadfadh sé go mbeadh tairiscintí ar acra chomh hard le €1,000 anois, nó b’fhéidir thairis sin, dá mbeadh an sliabh ag teastáil go géar. Chuaigh coimín sléibhe €1,600 an t-acra i gConamara le gairid ach gur duine áitiúil a cheannaigh é. Níl ach beagán acraí i gcuid de na scaireanna ach d’fhéadfadh scair de chúpla céad acra a bheith ag tionóntaí i mbailte fearainn thar a chéile

Anois in 2026, is féidir praghas a chur ar an bhfraoch agus ar an gcíb. I bhfad rómhall don fhear a chuir an cheist sna blianta a caitheadh, ach tugann sé rogha d’úinéirí na linne seo.

Arb é rogha an dá dhíogha é?

Mar atá feicthe againn i staitisticí talmhaíochta Chonamara le gairid, tá na feilméaraí ag gabháil in aois. Cé a thiocfaidh ina ndiaidh? Taitníodh sé linn nó ná taitníodh ach tá luí ag tromlach na ndaoine óga le bealaí saoil na cathrach. An uair a shroichfidh fir nó mná na blianta mallchosacha, b’fhéidir go bhfeilfeadh sé scaradh leis an gcoimín, dá mbeadh an seic sách láidir. Cá bhfios nach mbeifí ag cuimhneamh ar chostas teach altranais agus an ‘Fair Deal’, rud nua i saol na tuaithe.

Go hiondúil, is rud mínádúrtha é an díolachán i gcroíthe lucht na talún. Ach feiceann siad an óige ag eitilt don Astráil i bhfad ón gcíb agus ón bhfraoch. D’fhéadfadh an scéal dul go snaidhm i rópa.

Tá údar maith – chomh fada agus a bhaineann sé leosan – ag feilméaraí suas faoin tír le dhul sa tóir anois ar choimíní sléibhe ar an gcósta thiar. Ar an gcéad iarraidh, tá fáil ar na cistí tacaíochta astu agus ar scéimeanna timpeallachta ar nós ACRES. Ansin, méadaíonn do chuid acraí feilme má tá acraí agat ar an gcoimín, pé áit a bhfuil an coimín sin. Tugann an méadú seo tuilleadh scóipe duit ó thaobh aoileach láidir níotráite a úsáid. Beidh an féar níos fearr agus na hainmhithe níos beathaithe.

An dtiocfaidh sé sa déanamh go scarfar le go leor den choimín? Beidh le feiceáil in imeacht na mblianta.

Ach síleadh go raibh fóidín mearaí ar an bhfear a bhí ag súil go gcuirfeadh an chíb agus an fraoch cúpla punt ina phóca.

Fág freagra ar 'Cúpla pingin le déanamh ar deireadh ar an bhfraoch agus ar an gcíb'