FOLLÁINE: Is féidir cuid de rithim réidh do laethanata saoire a thabhairt abhaile leat

Ní gá dúinn filleadh ar an luas lasrach céanna a bhíonn faoin saol nuair a thagann muid abhaile ó laethanta saoire

FOLLÁINE: Is féidir cuid de rithim réidh do laethanata saoire a thabhairt abhaile leat

Tá rud éigin faoi bheith as baile a ligeann duit breathnú ar do shaol ar bhealach eile. Tá mé díreach tar éis teacht abhaile ó dheisceart na Spáinne, ó Málaga, trí Sevilla agus síos ó dheas go Tarifa, áit a mbuaileann an tAtlantach leis an Meánmhuir.

Bhí cúpla lá álainn againn.

Bhíomar ag snámh san fharraige, ag siúl sa choill, ag spaisteoireacht sna bailte áille cois cósta, ag ithe tapas agus uachtar reoite, ag éisteacht le ceol, ag féachaint ar dhamhsóirí flamenco. Rinne muid ióga, obair anála, agus folcadán fuaime freisin. Bhí go leor spáis ann chun moilliú, chun análú, chun a bheith i láthair. Agus, b’fhéidir thar aon rud eile, bhí am againn, am gan a bheith ag deifriú.

Thaitin an saol níos moille liom ansin. Ag suí síos do bhéile gan smaoineamh ar an gcéad rud eile a bhí le déanamh. Ag siúl gan mórán plean, ag dul ag snámh, ag suí síos le caife, ag féachaint timpeall orm agus an áit thart orm a thabhairt faoi deara.

Agus ar ndóigh, bhí an siesta ann!

Nuair a bhíonn muid ar saoire, tugaimid cead dúinn féin moilliú. Tugaimid cead dúinn féin suí síos, scíth a ligean, ithe go mall, dul ag siúl, dul ag snámh, nó gan tada a dhéanamh ar feadh tamaill.

Ach tagaimid abhaile agus athraíonn an scéal. Bíonn ríomhphoist le freagairt, rudaí le déanamh – an níochán, an tsiopadóireacht, áiteanna a gcaithfimid dul chucu agus daoine a gcaithfimid bualadh leo. Leanann an saol ar aghaidh mar a bhí sula ndeachaigh muid ar saoire.

Ná bíodh míthuiscint ann, is breá liom teacht abhaile. Go deimhin, tá rud éigin draíochtúil faoi bheith sa bhfarraige anseo arís, ag snámh ar maidin nó sa tráthnóna – áilleacht na spéire os do chionn, na dathanna ag athrú, an solas ar an uisce agus cuma dhifriúil ar an trá gach lá. Uaireanta, bíonn an fharraige ciúin agus mín, uaireanta eile bíonn sí beo agus lán le fuinneamh.

Ansin tá an comhluadar agat, na daoine a mbuaileann tú leo ar an trá. An comhrá beag a bhíonn agat leo, an ‘Dia duit’ nó ‘Cén chaoi a bhfuil tú?’ idir snámh amháin agus an chéad snámh eile. Tá na rudaí beaga sin tábhachtach.

Ó tháinig mé abhaile, tá mé ag meabhrú dom féin arís is arís eile: moilligh, fan i láthair agus bain sult as na rudaí beaga. Mar go mbíonn sé chomh héasca sin againn filleadh ar an seanluas chomh luath is a thagann muid abhaile ón tsaoire.

Agus sin an rud atá mé ag iarraidh a thabhairt abhaile liom ón Spáinn. Ní gá dom saol na Spáinne a thabhairt abhaile liom. Is breá liom an saol atá agam anseo.

Ach ba mhaith liom beagán den luas níos moille sin a choinneáil. Beagán níos mó ama a fhágáil sa lá don fharraige, don dúlra, don ghluaiseacht, don cheangal agus dom féin.

Agus b’fhéidir gur fiú dúinne go léir stopadh anois is arís agus fiafraí dínn féin:

Cén rud a chuireann áthas orm?

Cén rud a chuireann ar mo shuaimhneas mé?

An bhfuilim ag tabhairt ama dom féin le bheith i láthair?

Ní gá dúinn mórán a athrú. B’fhéidir nach bhfuil de dhíth orainn ach cúpla nóiméad eile amuigh faoin aer; cupán tae a ól gan an fón le do thaobh, béile a ithe níos moille, dul ag snámh, cúpla nóiméad a chaitheamh ag análú go réidh… Nó díreach suí síos ag tabhairt faoi deara an nóiméad ina bhfuil muid.

Ní gá dúinn fanacht go dtí an chéad saoire eile chun aire a thabhairt dúinn féin.

Is féidir linn tosú sa mbaile anois.

Glac anáil. Féach timpeall ort. Bí ann.

Bain sult as an nóiméad atá agat.

Uaireanta ní gá dúinn saol iomlán nua a chruthú. Ní gá dúinn ach níos mó den saol atá againn cheana féin a thabhairt faoi deara. B’fhéidir go bhfuil an síol curtha cheana féin. Céim ar chéim a thógtar na caisleáin, nó mar a deir siad sa Spáinn, ‘Poco a poco’.

Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'FOLLÁINE: Is féidir cuid de rithim réidh do laethanata saoire a thabhairt abhaile leat'