Cúig leid go mbíonn tú ag rith is ag rás an iomarca (agus an chaoi le moilliú)

Nuair a bhíonn an saol róthapa againn, is ag cur na laethanta dínn seachas a bheith ag baint taitnimh astu a bhíonn muid

Cúig leid go mbíonn tú ag rith is ag rás an iomarca (agus an chaoi le moilliú)

“Cá ndeachaigh an samhradh?”

Tá mé ag cloisteáil na ceiste céanna le cúpla seachtain, ó thuismitheoirí, ó chairde agus ó dhaoine a mbím ag casadh leo.

Nóiméad amháin bhíomar ag súil leis na tráthnónta fada agus an saol ag éirí níos moille, agus anois tá Meán Fómhair buailte linn. Tá na gasúir ar ais ar scoil agus tá an dialanna á líonadh arís.

Trí mo chuid oibre, cloisim go minic ó dhaoine atá faoi bhrú, tuirseach nó ag iarraidh breith suas leis an saol. Ach tugaim faoi deara é ionam féin chomh maith. B’fhéidir nach é an t-am féin a bhíonn ag imeacht róthapa i gcónaí ach gurb é an chaoi go mbíonn muid féin atá ag imeacht róthapa tríd.

Seo cúig leid go bhfuil tú ag rith agus ag rás an iomarca

1. Bíonn tú i gcónaí ag smaoineamh ar an gcéad rud eile

Agus tú ag déanamh gnáthrudaí an tsaoil, ag ól tae ar maidin, nó ag réiteach don lá bíonn d’intinn ag smaoineamh ar an gcéad rud eile atá le déanamh agat. Nó nuair a bhíonn tú ag caint le duine bíonn cuid de d’intinn ag smaoineamh ar rud éigin eile. Má tá tú ag ól do chuid tae, ól do chuid tae.

2. Ag iarraidh a bheith táirgiúil i gcónaí

In áit a  bheith ag dul ar shiúlóid, is ag déanamh ‘cleachtadh coirp’ a bhíonn tú, nó in áit a bheith ag bualadh le cara is ag cur dáta sa dialann le cruinniú a shocrú a bhíonn tú.

Fiú an sos féin, is féidir tasc a dhéanamh de. Beirim orm féin agus an meon seo agam agus mé ag smaoineamh, ‘an féidir liom tairbhe breise a bhaint as an tsiúlóid seo?’ agus mar sin.

Ach ní gá go mbeadh táirgiúlacht ag baint le gach rud sa saol. Uaireanta níl sa tsiúlóid ach siúlóid, agus is leor sin.

3. Freagraíonn muid gach rud láithreach

Tagann teachtaireacht isteach ar an bhfón agus freagraíonn muid í ar an bpointe boise. Iarrann duine gar orainn agus deirimid go ndéanfaidh muid é gan cuimhneamh orainn féin ar dtús.

Cruthaigh spás beag duit féin sula dtabharfaidh tú freagra ar dhaoine. Cuimhnigh ar abairtí simplí a bheith réitithe agat sula dtabharfaidh tú freagra an chéad uair eile, ar nós, ‘Lig dom smaoineamh air’, nó ‘tiocfaidh mé ar ais chugat’.

Tugann an sos beag ama sin seans dúinn cinneadh a dhéanamh.

4. Ní thugaimid an saol thart orainn faoi deara

Nuair a bhíonn deifir orainn, cailleann muid amach ar go leor rudaí.

Tá an nádúr agus an dúlra timpeall orainn, an solas ag athrú le himeacht na séasúr, na chéad chomharthaí den fhómhar, fuaim na báistí, an fharraige ag athrú leis an taoide.

Is minic a thugaim faoi deara gur leor cúpla nóiméad amuigh faoin aer le mé féin a thabhairt ar ais chugam féin. Nuair a bhíonn an saol róthapa againn, is féidir linn a bheith ag cur na laethanta dínn seachas taitneamh a bhaint astu.

Uaireanta ní gá dúinn ach ár gceann a ardú.

5. Mothaímid ciontach nuair a stopaimid

Seo ceann a aithním go maith. Le déanaí, bhí mé ag obair le grúpa múinteoirí óga agus labhair duine acu faoin gciontacht a mhothaigh sí nuair a stop sí ag obair, fiú nuair a bhí sos de dhíth uirthi.

Chuir sé ag smaoineamh mé faoin méid a fhoghlaimímid: gurb ionann a bheith gnóthach agus go leor a bhaint amach, agus go gcaithfimid sos a thuilleamh.

Ach ní gá dúinn sos a thuilleamh. Beidh rud eile le déanamh i gcónaí. Uaireanta ní cur amú ama é stopadh den obair, uaireanta is chun leas na hoibre é sos a thógáil. Fillimid ar an obair níos deireanaí agus níos mó fuinneamh, foighne agus fócas againn.

Mar sin, agus Meán Fómhair buailte linn, b’fhéidir, in áit fiafraí, ‘Cé mhéad eile is féidir liom a chur isteach sa lá?’ go gcuirfimis ceist eile:

‘Céard a d’fhéadfainn a dhéanamh chun rudaí a thógáil níos réidh le go mbeinn in ann an saol a thabhairt faoi deara i ndáiríre?’

Ní féidir linn an t-am a mhoilliú.

Ach is féidir linn sinn féin a mhoilliú chun go mbeadh muid ‘i láthair’ i gceart san am atá againn.

Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Cúig leid go mbíonn tú ag rith is ag rás an iomarca (agus an chaoi le moilliú)'