Tá cinneadh déanta ag an bhfoilsitheoir Gaeilge Futa Fata “laíon” a dhéanamh dá bhfuil fanta den stoc leabhar atá acu ó pheann an údair Shasanaigh David Walliams, a bhfuil líomhaintí tromchúiseacha curtha ina leith.
Dúirt úinéir an chomhlachta, Tadhg Mac Dhonnagáin, le Tuairisc go gcuireann na líomhaintí a bhaineann le mí-iompar gnéasach i leith ban agus cailíní óga “alltacht” ar fhoireann Futa Fata agus nach mbeadh aon aistriúchán nua á dhéanamh ar shaothair dá chuid.
“Bhí formhór na gconarthaí imithe in éag le tamall agus bhí cinneadh tógtha againn gan athnuachan a dhéanamh ar na leabhair ná athchló a chur ar aon cheann díobh.
“Agus catalóg nua á réiteach againn an samhradh seo caite, shocraigh muid na leabhair a bhaint den suíomh. Nuair a fuair muid scéal ón bhfoilsitheoir Harper Collins ar an 8 Meán Fómhair go raibh deireadh lena gcaidreamh siúd le Walliams, shocraigh muid an uair sin laíon a dhéanamh den stoc beag a bhí fanta,” a dúirt Mac Dhonnagáin.
D’fhoilsigh Futa Fata leaganacha Gaeilge de chúig leabhar de chuid David Walliams. Ba é An Billiúnaí Beag (Billionaire Boy) an chéad cheann, leabhar ar chuir an t-aistritheoir Máirín Ní Mhárta Gaeilge air sa bhliain 2017.
Foilsíodh leaganacha Gaeilge de Mr Lofa (Mr Stink) [2018], An Fiaclóir Fíochmhar (Demon Dentist) [2020], Buachaill an Ghúna (The Boy in the Dress) [2021], agus Mamó an Gadaí Mór (Gangsta Granny) [2022] freisin.
Thug Mac Dhonnagáin le fios do Tuairisc gur díoladh thart ar 10,500 cóip de leabhair Ghaeilge uile David Walliams in imeacht na naoi mbliana ó chéadfhoilsíodh An Billiúnaí Beag in 2017. Níor foilsíodh aistriúchán ar aon leabhar eile dá chuid ón mbliain 2022.
Scríobh Walliams 23 úrscéal do pháistí idir na blianta 2008 agus 2025. Foilsíodh seacht mbailiúchán gearrscéalta sa tsraith The World’s Worst… óna pheann freisin, agus scríobh sé 13 phictiúrleabhar. Níor aistríodh na gearrscéalta ná na pictiúrleabhair go Gaeilge.
D’fhógair na foilsitheoirí HarperCollins i mí na Nollag 2025 nach raibh sé i gceist acu aon leabhar eile leis an údar a fhoilsiú tar éis iniúchadh a rinneadh sa chomhlacht faoi líomhaintí faoi mhí-iompar i leith mná óga a bhí ag obair ann.
An tseachtain seo, dúradh i dtuairiscí nuachta gurb é Walliam an t-údar mór le rá atá á fhiosrú maidir le líomhaintí faoi mhí-iompar gnéasach i leith ban agus cailíní a bhí chomh hóg le 15 bliana d’aois. Bhí iarracht déanta ag Walliams urghaire cúirte a chur i bhfeidhm a chuirfeadh cosc ar fhoilsiú a ainm i dtuairiscí faoi na líomhaintí ach theip ar an iarracht sin.
Séanann Walliams gur bhain sé mí-úsáid as an gcumhacht agus an stádas a bhí aige mar dhuine mór le rá ar mhaithe le mná óga agus déagóirí a mhealladh chun leapan. Dúirt sé go bhfuil sé trí chéile go mbraitheann na mná atá i gceist gur amhlaidh atá. Shéan sé freisin go ndearna sé mealltóireacht ar dhéagóirí.
“Agus mé ag breathnú siar, tuigim gur beag an beann a bhí agam ar dhaoine a raibh caidrimh fhánacha chollaíochta agam leo. Tuigim nár chuir mé na mothúcháin a bhí ag daoine eile san áireamh mar is ceart. Tá aiféala orm faoi sin.
“Agus cé go mbíonn éagothroime cumhachta ann i gcónaí nuair a bhíonn duine amháin cáiliúil, is rud eile ar fad mí-úsáid a bhaint as an gcumhacht sin agus is rud é nach ndearna mé riamh. Ní foghlaí gnéis mé, níor bhris mé an dlí, ach tá mé trína chéile go bhfuil mná ar chas mé leo deich nó fiche bliain ó shin gortaithe nó feargach i mo leith,” a dúirt Walliams i litir a scríobh sé chuig iriseoirí i Sasana.
Fág freagra ar '‘Laíon’ le déanamh de leabhair Ghaeilge David Walliams ag an bhfoilsitheoir Futa Fata'