Leagan closleabhair de ‘Tinte na Farraige Duibhe’ á chraoladh mar shraith raidió

Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh an leabhar ón nGàidhlig agus atá ina scéalaí sa leagan nua closleabhair

Leagan closleabhair de ‘Tinte na Farraige Duibhe’ á chraoladh mar shraith raidió

Tá an leabhar Tinte na Farraige Duibhe, a d’aistrigh Eoin P. Ó Murchú ó Ghàidhlig go Gaeilge cúpla bliain ó shin, á chraoladh ina shraith ar an stáisiún pobail Raidió na Life. Cuireadh tús le craoladh an chlosleabhair ar RnaL an tseachtain seo caite, agus is é Ó Murchú féin atá i mbun na scéalaíochta.

Leabhar ficsean-eolaíochta ó pheann an Mheiriceánaigh Tim Armstrong is ea Air Cuan Dubh Drilseach a aistríodh go Gaeilge faoin teideal Tinte na Farraige Duibhe sa bhliain 2020. Insítear ann scéal Sál agus Ríosa, beirt atá ar a dteitheadh ó ghealach bheag agus an bithiúnach, an Sáirstint Raithdead ar a dtóir.

Tá an closleabhar á chraoladh ina chuid agus ina chuid mar mhír ar an gclár nua litríochta de chuid RnaL – Abair Leat. Míreanna cúig nóiméad déag an ceann a chraolfar ar an gclár seachtainiúil.

Beidh na míreanna ar fad ar fáil ar na gnáthardáin phodchraoltaí i ndiaidh a gcraolta Dé Máirt agus cuirfear an closleabhar ar fad ar fáil in aon mhír amháin nuair a thiocfaidh an tsraith chun críche.

Dúirt Ó Murchú le Tuairisc gur closleabhar atá sa tsraith nua “a bhfuil an drámaíocht curtha isteach ann”.

“Is closleabhar é ach, is dócha go bhfuil an drámaíocht curtha isteach ann. Is mé féin a dhéanann na glórtha, agus déarfainn go bhfuil níos mó aisteoireachta ann ná mar a bheadh i gclosleabhair eile,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh sé i gceist aige “ag pointe amháin” maisíocht fuaime a chur leis an taifeadadh ach go bhfágfadh sé sin gur i dtreo dráma raidió seachas closleabhar a bheifí ag dul leis an togra.

Tá Ó Murchú den tuairim go bhfuil sé “tábhachtach” go mbeadh leabhair ar fáil do chainteoirí Gaeilge nach mbíonn nós na léitheoireachta acu agus go bhféadfadh tograí mar seo cabhrú le daoine eile atá ag foghlaim na teanga.

“Bímse féin ag éisteacht le roinnt mhaith leabhar. Tá sé ábhairín éagsúil bheith ag éisteacht le leabhar, ní hionann an t-eispéireas, ach oireann sé do thuras mór fada sa charr nó nuair a bhíonn obair ghlantacháin ar siúl agat.

“Tá daoine áirithe ann nach mbíonn ach ag éisteacht le leabhair. Ní léann siad mórán ar chor ar bith, agus tá sé tábhachtach go mbeadh leabhar ar fáil dóibh sin freisin. Chomh maith leis sin, i gcás daoine nach bhfuil greim chomh maith sin acu ar an teanga, d’fhéadfadh closleabhar cabhrú leo mar bíonn an téacs agus an fhuaim acu,” a dúirt sé.

Chuir Ó Murchú dua mór air féin an scéal a thabhairt ó leathanaigh an leabhair go haerthonnta na cathrach. Dúirt sé go raibh sé dúshlánach go maith mar obair ach gur bhain sé taitneamh aisti.

“Cuid de na carachtair atá sa leabhar, tá canúintí éagsúla acu. Tá na canúintí sin bunaithe ar an nGàidhlig sa bhunleabhar, ar ndóigh, ach chuir mé canúintí Ghaeilge na hÉireann orthu san aistriúchán. Bhí sé an-suimiúil an taifead a dhéanamh ach thóg sé go leor ama.

“Roimh na babhtaí taifeadta, léigh mé tríd an iomlán a bhí le taifeadadh an lá sin, agus deirinn liom féin ‘an mar sin a déarfadh an carachtar seo é sin?’. Bhain mé an-úsáid as [na taifeadtaí fuaime ar] Teanglann.ie le cinntiú go raibh fuaimniú na bhfocal agam sna canúintí éagsúla. Dúirt mé ar dtús nach mbeadh sé ródheacair, ach chruthaigh na ceisteanna canúna sin go leor deacrachtaí! An ‘mh’ agus an ‘bh’ i gcanúintí áirithe, shampla,” a dúirt sé.

Cé go bhfuil Ó Murchú tar éis a bheith ar an ardán agus ar an scáileán cúpla uair, maíonn sé féin nach “aisteoir é dáiríre” agus go raibh an aisteoireacht gutha a rinneadh sé don chlosleabhar dian ar a ghlór.

“Bhí glórtha ísle agus glórtha arda le déanamh, agus cuireann sé sin an-bhrú ar an nglór. Nuair atá glór ard nó glór íseal móide canúint le déanamh, déanann sé sin níos deacra fós é.

“Bhí [an próiseas] thar a bheith fadálach. Níl a fhios agam an ndéanfainn arís é! Tá a lán rudaí ann is gá a bheith i gceart – rithim na cainte, an drámatúlacht, agus gan slócht ná leathshlaghdán a bheith ort! Lá áirithe bheadh slócht ort agus d’fhágfadh sé fuaim beagán éagsúil air. Bhí brú mór ar an nglór sa stiúideo,” a dúirt sé.

Buntáiste a bhí ann, dar leis, áfach, gurbh é féin a d’aistrigh agus a chuir eagar ar an leagan Gaeilge den scéal. Bhí tuiscint ar leith aige ar an scéal agus ar bhrí an uile fhocal a bhí sa téacs, rud nach mbeadh ag aisteoir gutha eile, dar leis.

“Thuigeas an téacs ón aistriúchán agus ón eagarthóireacht a rinne mé air. I ngach aon téacs bíonn rudaí ann nach dtuigeann tú céard atá i gceist go díreach ann ar an gcéad, dara, nó fiú tríú léamh gan taighde a dhéanamh air. Focal, meafar, nó díreach fíric nó eolas. Bhí an buntáiste sin agam féin go raibh an obair sin ar fad déanta agam don aistriúchán, rud nach mbeadh déanta ag léitheoir eile,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur fiú do dhaoine a bhfuil an t-aistriúchán Gaeilge léite acu cheana féin cluas éisteachta a thabhairt don eagrán nua seo den scéal mar tá “tuilleadh beochta agus drámaíochta” curtha sa scéal sa leagan closleabhair.

“Tá an bunleabhar taitneamhach agus an-taitneamhach, agus taitneoidh [an closleabhar] go mór leor mar tá tuilleadh beochta agus drámaíochta curtha sa scéal ann.

“Tá mé ag súil go mbeidh na daoine ar fad a rinne comhghairdeachas liom as an leabhar a chuir amach in 2020 ach a dúirt nach léann siad leabhair ag éisteacht leis an leagan seo anois!” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Leagan closleabhair de ‘Tinte na Farraige Duibhe’ á chraoladh mar shraith raidió'