‘Bearna shoiléir’ i mbille turasóireachta ó thaobh cosaint a thabhairt don Ghaeltacht

Dúradh sa Dáil an tseachtain seo go mbeadh an Bille Ligean Gearrthéarmach agus Turasóireachta ‘an-dona go deo’ do Ghaeltacht Chonamara agus do cheantair eile Ghaeltachta

‘Bearna shoiléir’ i mbille turasóireachta ó thaobh cosaint a thabhairt don Ghaeltacht

Dúradh le linn díospóireachta Dála go bhfuil “bearna shoiléir” sa Bhille Ligean Gearrthéarmach agus Turasóireachta 2026 ó thaobh cosaint a thabhairt don Ghaeltacht.

Agus an bille á phlé sa Dáil, dúradh go raibh “géarchéim” ann a d’fhág go raibh an Ghaeltacht i mbaol agus go gcaithfí an reachtaíocht atá á moladh a leasú chun dul i ngleic leis sin.

Dúirt Sinéad Gibney, urlabhraí turasóireachta na nDaonlathaithe Sóisialta, go bhfuil “tionchar ar leith” ag an ligean gearrthéarmach ar cheantair Ghaeltachta agus nach leor an méid atá molta sa reachtaíocht le dul i ngleic leis an tionchar sin.

“Tá tionchar ar leith ag [an ligean gearrthéarmach], mar atá ráite ag mo chomhghleacaí, ar phobail tuaithe agus Ghaeltachta. Má labhraíonn an tAire le daoine i gCorca Dhuibhne, sa Daingean, i gConamara, agus in iarthar Chorcaí, déarfaidh siad leis nach féidir le daoine óga fanacht sa bhaile.

“Ní féidir leo clann a thógáil. Ní féidir leo saol a dhéanamh dóibh féin mar ní féidir leo tithe a fháil mar gheall ar líon ard na Airbnb sna ceantair Ghaeltachta seo,” a dúirt sí.

Dúirt Gibney sa díospóreacht Dála faoin mbille an tseachtain seo caite nach “fadhb nua” é seo agus go mbeidh drochthionchar aige ar thodhchaí na Gaeilge agus ar mheath na Gaeltachta.

“Tá an fhadhb seo ann le fada agus tá tionchar aige ar thodhchaí na teanga agus meath na Gaeltachta. Caithfear an reachtaíocht seo a athrú le cuimsiú go mbeidh ceantair Ghaeltachta faoina bráid. Ní sé sách maith go mbeadh rialacha boga sna Gaeltachtaí agus moill dhá bhliain orthu mar gheall nach bhfuil daonra os cionn 20,000 duine [in aon cheantar Gaeltachta].

“Is é an aidhm is ceart a bheith ag an mbille seo ná an mhaoirseacht agus an chosaint cheart a thabhairt dóibh le go mbeadh cainteoirí Gaeilge ina gcónaí ann agus ag méadú ann amach anseo. Tá bearna shoiléir sa reachtaíocht seo a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi ag céim na gcoistí,” a dúirt Gibney.

Dúirt comhghleacaí Gibney sna Daonlathaithe Sóisialta, Rory Hearne, atá ina urlabhraí tithíochta don pháirtí, gur “tubaiste” atá sa ghéarchéim thithíochta in Éirinn agus gurb é ceist an ligin ghearrthéarmaigh an léiriú is soiléire air sin.

“Níl daoine óga in ann fanacht sna háiteanna arb as iad, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta, mar gheall nach bhfuil teach le fáil ann, ach mar sin féin tá 34,000 teach ar fáil le ligean go gearrthéarmach ar Airbnb agus ar ardáin eile,” a dúirt Hearne.

Mhaígh sé go raibh tionchar na dtithe atá á ligean go gearrthéarmach níos géire fós ar phobail Ghaeltachta ar fud na hÉireann.

“Tá an ghéarchéim thithíochta inár gceantair Ghaeltachta ag cur todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo i mbaol. Tá géarchéim bás nó beatha, roimh ár gceantair Ghaeltachta mar gheall nach bhfuil áit ar bith ann do dhaoine atá ag fás aníos ansin le cónaí ann, a fhad is atá tithe á ligean go gearrthéarmach ar fud na mball.

“Iarraim ar an Aire [Peter Burke] dul ar Airbnb agus ansind daft.ie. Inniu, ar Airbnb i nGaoth Dobhair i nDún na nGall, is féidir 22 teach a roghnú, ach níl ceann ar bith acu ar fáil ar daft.ie. I gCorca Dhuibhne i gCiarraí, Daingean Uí Chúis san áireamh, tá 139 teach ar Airbnb agus níl ach aon cheann amháin ar daft.ie, ach níl ansin ach árasán dhá sheomra a bheidh ar fáil ar feadh ocht mí ar €1,600 sa mhí,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur gá roinnt mhaith leasuithe a dhéanamh ar an reachtaíocht sula n-achtófar í leis na ceantair Ghaeltachta a thabhairt faoi scáth shrianta breise cosanta. Mhaígh sé nach raibh an Rialtas ag éisteacht le leithéidí Chonradh na Gaeilge, Tinteán, ná Pobal Shíomóin faoi cheisteanna tithíochta.

“Toisc gur ceantar mór turasóireachta cois cósta iad cuid mhaith de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, tá drochthionchar ag Airbnb ar an nGaeltacht sa mhéid is go mbíonn sé an-deacair agus costasach ar chainteoirí Gaeilge ón Gaeltacht nó atá ag obair sa Ghaeltacht áit chónaithe a aimsiú.

“Sin an fáth a mbeidh muid ag cur roinnt leasuithe ar an reachtaíocht seo chun cinn, a bhfuil tacaíocht Chonradh na Gaeilge, Threshold, Pobal Shíomóin, Tinteán, agus Bánú acu. Féachfaidh na leasuithe seo leis na ceantair seo a thabhairt faoi na srianta [atá i bhfeidhm d’áiteanna eile]. Ní féidir glacadh leis nach mbeadh na ceantair seo faoi shrianta ná riachtanais phleanála ar feadh dhá bhliain eile,” a dúirt sé.

Dúirt Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta Shinn Féin, go mbeidh gnéithe áirithe den bhille “an-dona go deo” do phobail i nGaeltacht Chonamara.

Fág freagra ar '‘Bearna shoiléir’ i mbille turasóireachta ó thaobh cosaint a thabhairt don Ghaeltacht'