IS MÓR AN SPÓRT É: Tolka Rovers ag dul siar go Conamara, an áit a bhfuil an chispheil is an spraoi

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

IS MÓR AN SPÓRT É: Tolka Rovers ag dul siar go Conamara, an áit a bhfuil an chispheil is an spraoi

Tolka Rovers ag dul siar go Conamara

 Beidh turas mór fada le déanamh ag Tolka Rovers ó Bhaile Átha Cliath ar an Satharn agus iad ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Cuilinn na Gaillimhe sa chéad bhabhta don Chorn Náisiúnta.

Ach ní bheidh foireann Bhaile Átha Cliath ag triall ar cheantar Mhaigh Cuilinn ar chor ar bith an deireadh seachtaine seo, mar is ag dul siar go Leitir Móir a bheas siad chun an cluiche áirithe seo a imirt ag Spórtlann Naomh Anna.

Turas chóir a bheith trí uaire go leith a bheas le déanamh ag foireann cispheile Átha Cliath, i bhfad ó abhainn na Tulchann siar chomh fada le farraigí fiáine an Atlantaigh a ritheann thart ar cheantar na n-oileán i gcroílár na Gaeltachta.

Cé go mbeidh ar bhuachaillí agus lucht leanúna Mhaigh Cuilinn a n-aghaidheanna a thiontú siar chomh maith, tá aithne mhaith ag imreoirí Mhaigh Cuilinn ar chúirt Naomh Anna agus tá ar a laghad cluiche amháin imirste acu ar an chúirt i ngach séasúr le roinnt blianta anuas gan mórán cluichí caillte acu ann.

Beidh an buntáiste le Maigh Cuilinn agus Tolka Rovers ag streachailt sa tsraith san am i láthair ach má éiríonn le buachaillí Átha Cliath neamhaird a dhéanamh de na cuaillí arda peile agus díriú ar an sprioc cheart, b’fhéidir go n-éireodh leo.

Slán le Murphy agus CR7

 D’fhógair duine de pheileadóirí móra na linne seo, Michael Murphy, inné go raibh sé chun éirí as mar imreoir idirchontae le Dún na nGall den dara huair.

Buille mór eile d’fhoireann Dhún na nGall i mbliana agus Finnbarr Roarty, a bhuaigh gradam Pheileadóir Óg na Bliana anuraidh, thall san Astráil anois agus conradh sínithe aige le Collingwood san AFL.

D’imir Murphy a chéad chluiche d’fhoireann shinsir Dhún na nGall in 2007 agus bhí sé mar chaptaen ar Dhún na nGall nuair a bhain siad Cluiche Ceannais na hÉireann in éadan Mhaigh Eo in 2012. Bhain sé sé chraobh Uladh agus ceithre ghradam All Star lena chontae dúchais.

In 2007 a bhain réalta mór na Portaingéile Cristiano Ronaldo a chéad chraobh i bPríomhroinn Shasana le Manchester United. Bliain roimhe sin beidh cuimhne againn ar fad ar an chéad uair riamh dó imirt sa Chorn Domhanda leis an Phortaingéil in 2006. I bpreabadh na súl, bhí cárta dearg ag Wayne Rooney bocht.

Níos luaithe an tseachtain seo a d’fhógair CR7 go mbeadh sé ag fágáil slán le geansaí na Portaingéile, geansaí a chaith sé 234 uair – curiarracht ó thaobh an líon is mó cluichí idirnáisiúnta imeartha i gcluiche na bhfear.

146 cúl atá faighte ag Ronaldo don Phortaingéil. An líon is mó riamh sa stair agus curirracht eile.

Laochra móra na linne seo imithe ón stáitse mór agus cé nach bhfeicfidh muid Murphy i ngeansaí uimhir 14 do Dhún na nGall níos mó, nó Ronaldo i ngeansaí uimhir 7 don Phortaingéil, thig linn go fóill iad a fheiceáil i ngeansaithe a gclubanna – Gleann tSúilí agus Al-Nassr.

 

Cláirsí na Finne ceannaithe ag an bhFilipíneach Freddy Gonzalez

Le blianta beaga anuas tá Cláirsí na Finne ag streachailt. Chríochnaigh siad ag bun an tábla sa Chéad Roinn de shraith sacair na hÉireann anuraidh agus tá staid úr de dhíobháil ar an fhoireann ó Bhealach Féich le fada an lá.

Ach anois, tá Freddy Gonzalez, fear gnó agus iar-imreoir idirnáisiúnta de chuid na nOileán Filipíneach leaindeáilte ar bhruach na Finne agus pota mór airgid leis chomh maith.

Bhí 99% de bhaill chomharchumann Chláirsí na Finne ar aon fhocal nuair a vótáil siad chun cead a ligean do Gonzalez an club a cheannacht i rith na seachtaine seo.

Tá gealltanas tugtha ag Gonzalez go ndéanfaidh sé níos mó ná €3.6 milliún d’infheistíocht sa chlub thar thréimhse trí bliana.

Nuacht nach raibh duine ar bith ag súil leis ach nuacht mhór mhaith do chlub an iarthuaiscirt agus do Dhún na nGall.

Fág freagra ar 'IS MÓR AN SPÓRT É: Tolka Rovers ag dul siar go Conamara, an áit a bhfuil an chispheil is an spraoi'