Fiche ceist fhánach i ndiaidh Oireachtas na Samhna, CRÁ ar ais agus Peig Sayers ar jet-ski

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

Fiche ceist fhánach i ndiaidh Oireachtas na Samhna, CRÁ ar ais agus Peig Sayers ar jet-ski

Fiche ceist fhánach a rith linn i ndiaidh Oireachtas 2026

  1. Grá mór do Chill Airne a léirigh formhór daoine i mbliana ach conas mar a bheidh ag caidreamh grá seal gráin seal an Ghaeil leis an mbaile turasóireachta nuair a fhillfidh an fhéile arís ann an bhliain seo chugainn?
  2. An bhfuil na lúibíní ag éirí níos barrúla?
  3. Arb é Rónán Ó Conghaile an chéad duine a raibh tatú ar a mhuineál a bhuaigh Comórtas na bhFear agus Corn Uí Riada an bhliain chéanna?
  4. An bhfuil deich a chloig róluath le bheith ag cur iachall ar dhuine deoch a ól as gloine phlaisteach?
  5. Arb é Bricín an bhialann is deise agus is Gaelaí i gCill Airne?
  6. An raibh an ceart ag an té a dúirt linn go bhfuil ‘stíl Chorn Uí Riada’ anois sa sean-nós agus má tá cén rud é féin?
  7. An bhfuil na comórtais faighte ródháiríre nuair atá iomaitheoirí ag dul a chodladh ar feadh cúpla uair an chloig i lár an lae chun aire a thabhairt dá nglór?
  8. Cén aois ar chóir do dhuine éirí as a bheith ag caitheamh boinn timpeall a mhuiníl?
  9. Agus gan í ach bliain in oifig arb í Catherine Connolly an tUachtarán is dílse riamh don Oireachtas cheana féin?
  10. An bhfuil sé in am gearradh siar ar fhad na gcomórtas atá ag éirí níos faide agus a bhí rófhada, pé scéal é?
  11. Cén chaoi a mbíonn CV chomh fada sin ag na daoine ar ghearrliosta do Ghradam Réalt Óg na Bliana ag na gradaim chumarsáide?
  12. An bhfuil ardú ar líon na ndaoine atá ag leaindeáil Dé Máirt?
  13. An bhfuil ardú ar líon na ndaoine a bhíonn ag fágáil Dé Sathairn?
  14. An bhfuil traidisiún nua á bhunú gur ar an scáileán mór sa Backstage Bar a fhéachtar ar Chorn Uí Riada?
  15. An raibh níos lú daoine ag scrolláil ar a bhfónanna ná mar a bhíonn ag go leor féilte agus ócáidí móra eile, nó an orainn féin amháin a bhí sé?
  16. Cé mhéad uair ar féidir leat an comhrá céanna a bheith agat leis an duine céanna nach ligfeadh an náire duit a admháil nach n-aithníonn tú é?
  17. An raibh níos mó Béarla le cloisteáil nó an é go bhfuil na Béarlóirí ag éirí níos glóraí?
  18. Cén fáth gur ‘timpeall leathuair tar éis a ceathair’ i gcónaí an freagra a bhíonn ag gach duine a gcuireann tú ceist orthu, ‘Cén t-am a chríochnaigh sibh aréir?’
  19. Cá mbeidh Oireachtas 2028?
  20. An bhfuil Gaeilge ag chuile amadán anois?

***

‘Crá’ ar nós ‘Peig ar jet ski’, tús curtha leis an dara séasúr

Thosaigh an dara séasúr den choirdhráma Crá ar TG4 an tseachtain seo agus tá sé ar fáil ar an seinnteoir. Díoladh an chéad sraith le 68 tír ar fud an domhain faoin teideal Boglands.

Coirdhráma nós imeachta dorcha bagrach é, gan aon bhaint beo ag ábhar an chláir le ceist na Gaeilge. Cén fáth mar sin go gcaithfí chuile tróp seanchaite faoin nGaeilge a tharraingt isteach sa léirmheas a rinneadh ar an tsraith nua san Irish Times?

“The characters in Crá speak in both Irish and English. Yet the script never feels like it’s wagging its finger at you about the importance of the language.”

Cén teanga atá i gceist aige? An í an Ghaeilge, an Béarla nó an dá rud? An díol suntais é nach mbeadh script i gcoirdhráma ag bagairt méar ar an lucht féachana faoi chúrsaí teanga?

Seans gur cluiche ‘Biongó Gaeilge’ a bhí ann. Tá na rialacha simplí, tá beart focal ann a chaithfear a chur in aon alt a scríobhann iriseoir Béarla in Éirinn faoi aon rud a bhaineann leis an nGaeilge, is cuma cé chomh lag is atá an ceangal leo.

Ina measc, tá Peig, Clannad, Kneecap, do ráiteas pearsanta faoi Ghaeilge nó easpa Gaeilge an iriseora…

Má fheiceann nó má chloiseann tú aon cheann acu, caith siar bolgam de pé deochín draíochta is fearr leat féin. (Poitín, is dócha, cosúil le do mhuintir romhat.)

Má thagann gach focal le chéile in aon alt amháin caith uait an ghloine is bí á ól as an mbuidéal.

Lena cheart a thabhairt dó, rinne an léirmheastóir a dhícheall casadh nua a bhaint astu.

Tá Peig Sayers ar scairdscí aige, mar shampla, agus é ag tagairt do luas an chláir.

“Plus, it moves like Peig Sayers on a jet-ski…”

(Sa léirmheas a bhí ag an duine céanna ar an gcéad sraith de Crá cúpla bliain ó shin bhí “the young people of Ireland” á mbualadh “around the head with a dog-eared copy of Peig”.)

Bhí Dialann Tuairisc ag déanamh iontais cé acu de laochra liteartha eile na Gaeilge a caitheadh go leataobh sula socraíodh ar Pheig bhocht agus a jet-ski a tharraingt isteach sa scéal. Tomás Ó Criomhthain ar rollchóstóir, an Cadhnach ar scútar leictreach, an Direánach ar léim bhuinsí…

Geallann an léirmheastóir go leánn an Ghaeilge léi siar sa gcúlra i Crá, tar éis tamaill. Is é sin le rá go bhfuil sé chomh maith sin agus go ndéanfaidh tú dearmad go bhfuil sé i nGaeilge, só like, ná bíodh aon imní ort.

Níl cead, de réir dlí áirithe, mura bhfuil dul amú orm, ainm Pheig a lua mura luafaidh tú Kneecap freisin – ‘An Kneecap-Peig Sayers-Effect’ a thugtar air seo.

Deirtear linn go bhfuil radharc amháin sa scannán nach bhféadfaí aon chur síos eile a dhéanamh air seachas ‘an action movie version of rap group Kneecap’.

Caith uait an ghloine anois.

Fág freagra ar 'Fiche ceist fhánach i ndiaidh Oireachtas na Samhna, CRÁ ar ais agus Peig Sayers ar jet-ski'