Cé go raibh tús brónach le hOireachtas na Samhna agus a laoch, Fearghas Mac Lochlainn, ar lár, choinnigh an fhéile féin leis na buanna ab ansa le Fearghas féin, spiorad na nGael agus ceiliúradh an chultúir. Caitear súil anseo ar imeachtaí agus ar phobal na Féile i dtrí scór pictiúr le Seán Ó Mainnín
Bhí Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ina measc dóibh siúd a shínigh leabhar ómóis d’Fhearghas Mac Lochlainn ag an Oireachtas. Gael uasal ab ea Fearghas a thug a chroí agus a chumas don Ghaeilge, don dúchas agus dá phobal.
Buaiteoir Bhuaicghradam Cumarsáide an Oireachtais 2026 Cathal Mac Coille le linn a óráide
Sam eile ag Maigh Eo? An tAire Dara Calleary le trófaí Gael Linn/The Irish Times a bronnadh sa chraobh díospóireachta tríú leibhéal. Sa phictiúr tá Bláithín Ní Chianaigh agus Uachtarán an Oireachtais, Áine Ní Ghlinn
Rónán Ó Conghaile ag ceiliúradh a bhua i gComórtas Shean-Nós na bhFear. Chun feabhais a chuaigh cúrsaí do Rónán a bhuaigh Corn Uí Riada freisin an oíche dár gcionn
Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus Duibhneach
An gang s’againne! Féinín mór á ghlacadh ag Roseanne Ní Cheallaigh tar éis bhua Neasa Ní Ifearnáin agus Neans Nic Dhonncha, Ollscoil na Gaillimhe i nDíospóireacht Gael Linn/The Irish Times Dé Sathairn
Comhghairdeachas ón Uachtarán Connolly agus a fear céile, Brian, le Aodh Ó Brosnacháin (8) Dún Chaoin, a bhain an dara háit sa chomórtas aithriseoireachta. Taobh leis tá Ellie Ní Fhlatharta, as Conamara
Cóilín Ó Dufaigh agus a iarléachtóir, Regina Uí Chollatáin
Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta le RTÉ agus TG4; Róisín Ní Chinnéide sa lár agus Orla Ní Shíthigh ar dheis
RoseAnn Foley agus a deirfiúr Catherine Foley
Máire Mhic Craith, a fear céile Rónán agus Tríona Ní Shíocháin
Caoimhín Ó Peatáin le buaiteoirí na Lúibíní Comórtas B d’iomaitheoirí 11-12, Holly Ní Dhonnacha agus Ada Ní Thuairisg, Indreabhán, Conamara. Corn Cuimhneacháin a mhná, Sorcha Uí Pheatáin, a bhronn Caoimhín
Síle Uí Chróinín ag tabhairt comhairle a leasa do na moltóirí
Patrick ‘Fóidín’ Ó Conaola agus a dheartháir, Tommy
Majella Ní Chríocháin agus Liam Carson
Donncha Mac Con Iomaire agus Katie Ní Mhuircheartaigh, Molscéal
Fáilte go dtí an tOireachtas! Bridie Ó Conámha agus a cúntóir óg
Chris Breathnach ina seasamh ar a barraicíní chun coinneáil le Colm Jimmy Ó Curraoin, ar chlé agus a fear céile Beartla Breathnach, ar dheis
Guth an phobail, Eoghan Ó Riada
Mo cheol sibh!
Aedraen Ó Dubhghaill, Tigh Mochua, Co Laoise ag ceiliúradh a ghradam sa chomórtas Dreas Cainte lena chairde as Cois Fharraige
Ellen de Visser as An Ísiltír, ag an Oireachtas. Sa tóir ar aistritheoirí a bhfuil Gaeilge acu a bhí Ellen atá ag obair san AE
Micheál de Mórdha ag éisteacht lna mhac, Daithí
Clann agus gaolta óga Chathal Billings ag seoladh an leabhair ‘An Spórt agus an Réabhlóid in Éirinn’. Ar chúl ó chlé: Aoibhín O’Keeffe, Maria Billings, bean Chathail agus Cathal féin. Chun tosaigh ó chlé: Fiadh O’Keeffe, Siún, Daithí agus Bláthín Billings
Raidió na Life ag craoladh ón Oireachtas
Brian Ó Conchubhair, Ollamh le Gaeilge agus Litríocht in Ollscoil Notre Dame le Paul Rouse, Ollamh le Stair i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
James Ó Maoláin, Scoil Abán Naofa, Baile Bhuirne, a bhuaigh Amhránaíocht ar an sean-nós faoi 10 lena mháthair agus a dheirfiúr, Mairéad agus Shauna, agus a mhúinteoir Seosaimhín Uí Chuilleanáin
Micheál Ó Gliasáin, iarchomhairleoir contae agus iarpheileadóir le Ciarraí. Ghnóthaigh sé dhá bhonn na hÉireann leis an gcontae i 1969 agus 1970 in aghaidh Chorcaí agus Uíbh Fhailí
Áine Uí Chuív leis an Aire Dara Calleary
Gráinne Ní Mhuilneoir ar diúité sa siopa leabhar
Celia de Fréine agus Muireann Ní Mhóráin
Séarlas Ó Baoil, An Baile Thoir, Oileán Thoraí a bhuaigh an comórtas Amhránaíocht ar an Sean-Nós
Fiadh Ní Fhinneadha, a bhuaigh an comórtas Agallamh Beirte Faoi 9 lena comhghleacaí Aoibhín Ní Dhróna anseo lena clann féin, Siobhán, Diarmaid, Ruairc agus Séimí
Ag ‘tolgadh’. Caoimhín Mac Giolla Mhín, Eoghan Mac Cormaic agus Lorcán MacGabhann
Buaiteoir sa Rapcheol: Páidí Ó Flaithearta, f/c Scoil na Maighdine Muire Gan Smál, Camus, Co na Gaillimhe
Pádraig Ó Sé, ceoltóir ag Club na Féile
Daithí de Mórdha, Caitríona Ó Torna, Róisín Ní Ghairbhí agus Paul Rouse ag Seimineár ‘An bhfuil níos mó i gceist le spórt ná spraoi: CLG agus an náisiúntacht?’ Dé hAoine
Liam Mac Cóil ag léamh ag seoladh a leabhair ‘Litir go Ceann Scríbe’, foilsithe ag Leabhar Breac. Ag cur Liam faoi agallamh bhí Máire Ní Annracháin
Aaa!! Fón Íte Ní Chionnaith á chur féin in iúl ag seoladh leabhair
Ailbhe Ní Ghearbhuigh ag seoladh a leabhar nua filíochta, Liadain
Breanndán Ó Beaglaoich á tionlacan le hamhráin
Seimineár an Oireachtais ‘Gaeltacht gan Tithe – Gaeltacht gan Todhchaí’ a craoladh beo ar ‘An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra’ Dé Sathairn. Ar an bpainéal bhí ó chlé: Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga, Dúchas an Daingin; John Prendergast, Bainisteoir Abhcóide, Conradh na Gaeilge, Máirín Ni Ghadhra, John Walsh, aoi speisialta agus údar ‘Ar Lámh Shábhála Coimisiún na Gaeltachta 1926″. Ar fhíordheis tá Dónal Ó Grádaigh, Cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn
‘CRÁ’ mo chroí thú! Lucht TG4 ar an airdeall
Hannah Hutchinson, Feothanach, Corca Dhuibhne. Dílseoir de chuid an Oireachtais agus rinceoir ag an gcomórtas Steip le blianta
Bridie Uí Chonámha, Seosaimhín de Róiste agus Máirín Ni Bhroin
Is mór an spórt iad… Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Damien Ó Domhnaill, RTÉ RnaG
Máire Ní Iarlaithe agus Micheál Ó Coisdealbha
Máire Mhic Aogáin agus Máirín Uí Mhurchú
Trí ghlúin. Anne Mulqueen, ar chlé, lena gariníon Neans Nic Dhonncha agus a hiníon, Sorcha Ní Chéilleachair, máthair Neans. Tá lámh Neans ar Chorn Gael Linn-The Irish Times a bhuaigh sí féin agus a comhghleacaí in Ollscoil na Gaillimhe, Neasa Ní Ifearnáin
Ardchruinniú ceoltóirí
Suzanne Uí Ghallchóir agus Áine Ní Bhreisleáin, An Charraig, Gaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, buaiteoirí Trófaí Fhoras na Gaeilge do Lúíbíní
Gráinne McElwaine, Póilín Nic Géidigh agus Seán Ó Ceallaigh ag Cóisir TG4
Tagann an ceamara aniar aduaidh ar Mháirín de Brún agus Emer Ní Bhrádaigh agus Mellissa MacDonald ag baint spraoi as
Ceol agus damhsa sa lobaí oíche Dé Sathairn
Lis Ní Dhálaigh, Deirdre Ní Choistín, Ardstiúrthóir TG4 agus Nóra Máire Ní Mhocháin
Éanna Ó Cróinín, Ráth Chairn
Na Muimhnigh: Helen Uí Loibhéid, a hiníon, Edel sa lár agus Sinéad Ní Uallacháin ar dheis
Bríd Áine agus Cassie Ní Ghrádaigh, Ráth Chairn na Mí. Bhuaigh Bríd Áine an fheadóg agus ceol beirte faoi 12 agus Cassie, an fheadóg agus amhránaíocht faoi 8 mbliana
Níl deireadh le bóthar na grianghrafadóireachta ag an Oireachtas
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Oireachtas na Samhna 2026 i dtrí scór pictiúr'