Beidh An Uile Bhealach Abhaile, a choimisiúnaigh Stiúideo Cuan, mar chuid de chamchuairt náisiúnta atá á dhéanamh ag Colm Ó Foghlú in éineacht le Aoife Ní Bhriain agus a saothar nuachumtha Bóthar na Smaointe.
Saothar an-phearsanta é An Uile Bhealach Abhaile do Cholm Ó Foghlú, agus é fréamhaithe i gcuimhní cinn óna óige, an caillteanas, agus an nasc atá aige le ceantar Charna agus Iorras Aithneach.
“An áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfaidh do chosa thú, sin é Stiúideo Cuan domsa,” a deir Colm.
Tá an seanfhocal tráthúil ó thaobh an chosáin atá tógtha ag Colm ina shaol féin. Cé gur i mBaile Átha Cliath a rugadh é, bhí baint aige i gcaitheamh a shaoil le Carna agus ceantar Iorras Aithneach, an áit arb as a mháthair ó dhúchas.
Chaith sé go leor ama ann agus é ina naíonán lena Mhamó agus a Dhaideo, agus is ann atá cónaí air anois tar éis dó bogadh siar roinnt blianta ó shin. Is ann a bhí sé nuair a chum sé An Uile Bhealach Abhaile agus tá spiorad agus ceol an cheantair le cloisteáil fite fuaite tríd.
Saothar beathaisnéise atá ann ar bhealaí go leor, a deir Colm ina mbreathnaíonn sé siar ar thréimhsí cinniúnacha ina shaol.
“Ní scríbhneoir focal mé agus uaireanta an bealach is fearr domsa le cur síos ar smaointe agus cuimhní ná tríd an gceol. Bíonn faoiseamh ann dúinn mar dhaoine, in amanna, nuair a bhreathnaíonn muid siar is nuair a fhágann muid slán ag rudaí inár saol, bíodh siad maith nó olc.”
Ceann de na heachtraí cinniúnacha a tharla in óige Uí Fhoghlú ná bás a athar. Cailleadh a athair le fadhb shláinte nach raibh a fhios acu fúithi go dtí gur buaileadh tinn é. Bhí máthair Choilm 26 bliain d’aois ag an am agus thóg sí ina haonar é féin agus a dheartháir a thógáil.
“Cailleadh m’athair nuair a bhí mé ocht mí d’aois, bhí fadhb shláinte air agus níor airigh siad é go dtí go raibh obráid á cur ar a chroí agus cailleadh é i rith na hobráide.
“Ina dhiaidh sin rinneadh tástáil ormsa agus ar mo dheartháir agus fuair siad amach nach raibh sé ormsa ach bhí sé ar mo dheartháir. Bhí mo mháthair gafa le tástálacha agus mar sin de do mo dheartháir agus iad ag iarraidh an fhadhb a réiteach. Thug mo Mhamó agus Daideo cúnamh di i rith an ama sin, agus thug siad aire domsa agus chuaigh mé siar go Carna in éineacht leo.”
Chaith Colm go leor ama i gCarna agus é ina naíonán sular thosaigh sé ar scoil i mBaile Átha Cliath. Bhí tionchar ag na blianta sin air ar feadh a shaoil, ó thaobh an cheoil, an traidisiúin agus na scileanna a chonaic sé thart air.
“Mhúin mo Mhamó dom conas cáca baile a dhéanamh, ní raibh aon oideas aici ach d’fhoghlaim mé len é a dhéanamh ón gcaoi ar airigh an taos i do lámha.”
Cuimhníonn sé ar na ceoltóirí agus na hamhránaithe agus nósanna traidisiúnta cruthaitheacha an cheantair, agus déanann sé machnamh sa saothar ar na cuimhní sin agus ar a shaol anois. Tá an teideal atá ar an saothar ceoil ceangailte don taithí a bhí ag Colm é féin agus é ag filleadh ar Charna.
“Céard é an baile? Ó thaobh na tíreolaíochta dhe d’fhéadfadh gur seoladh atá ann, nó go sroicheann tú pointe i do shaol go bhfuil aithne agat ort féin mar dhuine agus tuigeann tú thú féin. Ní bhíonn éinne ag siúl thart agus straois mhór gháire orthu an t-am ar fad, ach go dtagann tú go pointe ina bhfuil tú suaimhneach ionat féin agus i do shaol. Cé gur rugadh i mBaile Átha Cliath mé, airíonn mé sa mbaile i gCarna.”
Tá an teaghlach ina snáithe eile sa saothar, agus tá gluaiseacht amháin sa bpíosa ceoil tiomnaithe aige dá mháthair.
“Píosa eile den ‘baile’ ná ‘cé thú féin’, nó ‘cé leis thú’? Ó thaobh na fealsúnachta de, sin ceist mhór mhillteach agus baineann an píosa sin le mo Mham, is rud é le tabhairt di mar bhronntanas as an méid atá tugtha aici domsa, agus an briseadh croí a d’fhulaing muid mar chlann agus an stuif sin ar fad atá eadrainn mar chlann, ach ar an taobh eile tá an t-ádh orm go bhfuil sí fós linn.
“Sa bpíosa sin, ceapann daoine áirithe go bhfuil sé an-bhrónach, ach ceapaimse go bhfuil aoibhneas ag baint leis freisin.”
Thug an coimisiún ó Stiúideo Cuan an tsaoirse dó, a deir sé, píosa ceoil a chumadh gan cloí le téama ar leith. Ó thaobh na fuaime de, bhí sé tábhachtach do Cholm nach mbeadh an ceol deacair le teacht chuige, ach go mbeadh sé macánta agus dílis don scéal atá taobh thiar de.
“Scríobh mé an ceol seo le mo chroí seachas le mo cheann. Is ceol é do gach duine agus tá súil agam go dtiteann sé go héasca ar do chluais agus ar do chroí. Níl mé ag iarraidh a bheith cliste leis an gceol seo ar mhaithe le bheith cliste, tá mé ag iarraidh a bheith fírinneach leis.”
Fág freagra ar 'AGALLAMH LE COLM Ó FOGHLÚ: ‘Cé gur rugadh i mBaile Átha Cliath mé, airíonn mé sa mbaile i gCarna’'