Tá cúig bliana déag go leith príosúin gearrtha ar an iarmhúinteoir snámha, George Gibney, agus é ciontaithe i mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar chailíní sna 1970idí agus na 1980idí.
Tá Gibney 78 bliain d’aois agus níos túisce i mbliana fuarthas ciontach é i 38 cúiseamh ionsaí mígheanasach agus cúiseamh amháin iarracht ar éigniú.
Dúirt an Breitheamh Mícheál O’Higgins gur mí-úsáid chórasach foghlaí a bhí ina chion.
“Foghlaíocht a bhí san iompar agus feall ar iontaoibh millteach ina ról údarásach mar chóitseálaí snámha,” a dúirt an Breitheamh. “Tháinig sé i dtír ar a ról cóitseála le teacht a bheith aige ar leanaí saonta a bhí faoina chúram agus iad a ionsaí.”
Dúirt an Breitheamh go raibh lá ann nuair a bhí cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Gibney ach “go raibh an cháil mhór sin scriosta ar fad anois”.
Sa mbliain 1993 éiríodh as cás eile maidir le mí-úsáid a tugadh in aghaidh Gibney agus d’fhág sé an tír seo agus ghlac sé post cóitseála snámh i nDún Éideann na hAlban. Níos déanaí arís bhog sé go dtí na Stáit Aontaithe agus shocraigh sé síos in Orlando, Florida.
Eiseachadadh Gibney as na Stáit Aontaithe anuraidh lena chur ar a thriail faoi líomhaintí stairiúla a bhí á ndéanamh ag ceathrar gearánaithe, daoine atá anois sna seascaidí.
Ag dhá ionad i mBaile Átha Cliath a tharla an mhí-úsáid i linn snámha Glen Albyn i Stigh Lorgan agus in ionad spóirt na Páirce Nua ar an gCarraig Dhubh. Ar na líomhaintí bhí crúbáil mhíchuí, pógadh agus gníomhartha gnéis in aghaidh a dtola.
Bhí na leanaí a ndearnadh an mhí-úsáid orthu idir ocht mbliana agus 13 bliain ag an am agus ina charr féin a rinne Gibney an mhí-úsáid agus é ag tabhairt síob dóibh go dtí cleachtadh snámha. Rinneadh mí-úsáid freisin ar bheirt deirfiúracha ina theach féin agus iad ag tabhairt aire dá pháistí.
Fág freagra ar 'Cúig bliana déag go leith príosúin gearrtha ar an iarmhúinteoir snámha, George Gibney'