Ní bheidh riachtanas Gaeilge ann d’oibrithe an Daonáirimh sa Ghaeltacht in 2027

Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag an CSO le daoine a fhostú ar fud na tíre a chabhróidh leo Daonáireamh 2027 a chur i gcrích

Ní bheidh riachtanas Gaeilge ann d’oibrithe an Daonáirimh sa Ghaeltacht in 2027

Ní bheidh aon riachtanas teanga ann d’áiritheoirí a bheidh ag obair thar ceann na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) i gceantair oifigiúla Ghaeltachta le linn an daonáirimh a bheidh ar siúl in earrach na bliana seo chugainn.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid an CSO do Tuairisc nach mbeidh riachtanach go mbeadh Gaeilge ag duine a chuirfí ag obair sa Ghaeltacht ach go “n-aithníonn” lucht an daonáirimh “an tábhacht” a bhaineann le cainteoirí Gaeilge a bheith ag obair sa Ghaeltacht.

“Níl aon riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag baill foirne allamuigh an Daonáirimh atá ag obair i gceantair Ghaeltachta, [cé] go n-aithnímid an tábhacht a bhaineann le baill foirne a labhraíonn Gaeilge a bheith ag obair sna pobail seo agus go ndéanaimid ár ndícheall i gcónaí cainteoirí Gaeilge a earcú nuair is féidir,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.

Dúradh freisin go raibh “iarrachtaí ar leith” á ndéanamh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh cainteoirí Gaeilge “a mhealladh” le cur isteach ar na 3,850 folúntas atá ann faoi láthair le haghaidh “oifigigh thacaíochta allamuigh” d’fheachtas an daonáirimh an bhliain seo chugainn.

“Mar chuid dár ngníomhaíochtaí earcaíochta, déanaimid iarracht ar leith iarrthóirí a labhraíonn Gaeilge a mhealladh trí fhógraíocht i nGaeilge agus trí theagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí Gaeilge,” a dúradh sa ráiteas.

Tá feachtas earcaíochta ar siúl faoi láthair ag an CSO le daoine a fhostú ar fud na tíre a chabhróidh leo Daonáireamh 2027 a chur i gcrích. Beidh ar na hoifigigh thacaíochta allamuigh 18 uair an chloig sa tseachtain a dhéanamh ar feadh ocht seachtaine i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine seo chugainn.

Is iad na hoifigigh thacaíochta allamuigh a thiocfaidh in áit na ‘n-áiritheoirí’ a bhíodh ann san am a caitheadh. Tá athruithe móra le teacht ar Dhaonáireamh 2027 agus ar an gcaoi a líonfaidh daoine isteach an fhoirm. Beidh rogha ann, mar shampla, an fhoirm a líonadh ar líne.

“Tiocfaidh oifigigh thacaíochta allamuigh in áit ghnáthról an Áiritheora Daonáirimh agus tabharfaidh siad tacaíocht do theaghlaigh tuiscint a fháil ar an gcaoi le foirm an Daonáirimh a líonadh isteach, ar an áit a mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh agus faoin uair a bheidh siad in ann é a dhéanamh,” a dúradh i ráiteas ón CSO.

Ag cruinniú i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo caite, dúirt Brendan Murphy, staitisteoir sinsearach leis an CSO, go raibh sé i gceist níos mó anailíse a dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge agus ar an nGaeltacht mar chuid den obair ar thorthaí Dhaonáireamh 2027.

Dúirt sé go bhfuair siad “roinnt mhaith” aighneachtaí faoin nGaeilge mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh i ndiaidh an daonáirimh dheireanaigh. Lorgaíodh sna haighneachtaí sin tuilleadh eolais maidir le cainteoirí Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta.

“Ní hamháin [ go mbeimid] ag breathnú ar labhairt na Gaeilge ach [beimid] ag breathnú ar fhostaíocht, ar chianobair agus ar an margadh fostaíochta sna ceantair sin. Breathnóidh muid air sin a thabhairt isteach mar chuid [den obair].”

Dheimhnigh oifigigh an CSO nach bhfuil sé i gceist aon cheist nua faoin nGaeilge a chur i nDaonáireamh 2027.

Bhí ceist nua faoi líofacht na Gaeilge mar chuid de Dhaonáireamh 2022 ach dúradh nach mbeidh aon cheist bhreise faoin teanga sa daonáireamh atá le reáchtáil an bhliain seo chugainn.

Fágann sin gur trí cheist faoin nGaeilge a bheidh i nDaonáireamh 2027, ceann ina gcuirtear ceist ar dhaoine an bhfuil Gaeilge acu, ceann eile faoi cé chomh minic is a labhraíonn siad í agus ceann faoin chumas Gaeilge atá acu.

Chomh maith leis an gceist faoina gcumas Gaeilge, dúradh gur baineadh triail as cúpla ceist nua faoi labhairt na Gaeilge ag baile roimh an daonáireamh deireanach ach gur measadh gur chuir na ceisteanna sin mearbhall ar dhaoine agus dá bharr nach bhféadfaí seasamh leis na torthaí a cuireadh ar fáil.

Fág freagra ar 'Ní bheidh riachtanas Gaeilge ann d’oibrithe an Daonáirimh sa Ghaeltacht in 2027'