Tá maoiníu fógartha ag an Aire Oideachais d’eagraíochtaí óige Gaeilge mar chuid den mhaoiniú caipitil €500,000 d’eagraíochtaí náisiúnta óige.
Is iad an dá eagraíocht Ghaeilge a gheobhaidh airgead faoin maoiniú ná Feachtas agus Ógras. 24 eagraíocht óige ar fad a fuair maoiniú caipitil faoin Scéim Maoinithe Caipitil Óige 2026.
Bronnfar €6,577 ar Fheachtas le “hacmhainní teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide” a uasdátú, agus bothán daingean stórais a thógáil do “threalamh club”. Gheobhaidh Ógras €16,211 le huasdátú a dhéanamh ar a seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide siúd, feabhas a chur ar áiseanna oifige, agus an suíomh idirlín atá ag an eagraíocht a fhorbairt a thuilleadh.
Bunaíodh an eagraíocht Feachtas i 1980 leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus le cabhrú le “forbairt phearsanta agus shóisialta an duine óig”. Freastalaíonn an eagraíocht ar dhaoine atá idir 10-18 mbliana d’aois agus tá sí lonnaithe i dTamhlacht i ndeisceart chontae Bhaile Átha Cliath. Eagraíonn sí clubanna óige agus imeachtaí éagsúla trí Ghaeilge le “gréasáin shóisialta de Ghaeilgeoirí óga” a fhorbairt.
Is eagraíocht náisiúnta í Ógras a fhreastalaíonn ar an aoisghrúpa 8-19. Clubanna óige lán-Ghaeilge a gcúram agus bíonn campaí samhraidh agus cúrsaí eile á reáchtáil ar fud na tíre acu freisin.
Dúirt an tAire Naughton go raibh “ríméad” uirthi an maoiniú a fhógairt agus go bhfuil ról “ríthábhachtach” ag eagraíochtaí óige na hÉireann.
“Tá ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí óige le tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga scileanna nua a fhoghlaim, a bhféinmhuinín a aimsiú, cairdeas a chruthú, agus a bpoitéinseal a bhaint amach ina iomlán. Neartóidh an maoiniú seo an obair sin trí chúnamh a thabhairt do na heagraíochtaí a n-áiseanna a fheabhsú, trealamh a athnuachan, agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil a fheabhsú,” a dúirt sí.
€4,000 an deontas ba lú a tugadh faoin scéim i mbliana agus €63,000 an deontas ba mhó. I measc na n-eagraíochtaí eile a fuair maoiniú bhí Banóglaigh na hÉireann, Crosscare, Foróige, agus Young Irish Film Makers.
Bhí cead ag 35 eagraíocht óige ar fud an stáit cur isteach ar an scéim maoinithe i mbliana. Ceadaíodh deontas do gach uile eagraíocht a rinne iaarratas ar cheann.
Fág freagra ar 'Maoiniú fógartha ag an Roinn Óige d’eagrais óige Ghaeilge'