‘Céim shuntasach chun cinn’ – an chéad uair riamh don DUP tacú le rún ar son comharthaíocht Ghaeilge

Ceadaíodh £100,000 do chomharthaíocht sráide dhátheangach i mBéal Feirste ag cruinniú míosúil de chuid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste aréir

‘Céim shuntasach chun cinn’ – an chéad uair riamh don DUP tacú le rún ar son comharthaíocht Ghaeilge

Den chéad uair riamh tá tacaíocht tugtha ag an DUP do rún ar son comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i gcathair Bhéal Feirste.

Thacaigh an páirtí aontachtach leis an rún a ritheadh ag cruinniú den chomhairle cathrach go gcaithfí £100,000 ar thionscadal Gaeilge chun comharthaíocht dhátheangach a chur in airde i gcathair Bhéal Feirste.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “céim shuntasach chun cinn” é go bhfuair an rún seo “tacaíocht thraspháirtí” agus gur vótáil an DUP ar son an rúin.

Vótáil Sinn Féin, an DUP agus an SDLP uilig Dé Luain ar son an rúin chun comharthaíocht dhátheangach a chrochadh sa Cheathrú Ghaeltachta in iarthar na cathrach.

Thug an DUP a mbeannacht do mhaoiniú chomh maith do chomharthaí sráide dátheangacha a bhaineann le 50 sráid eile ar fud na cathrach, agus ar ceadaíodh maoiniú dóibh fríd an ghnáthphróiseas suirbhéireachta, ag an chruinniú.

Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Chearta Teanga le Conradh na Gaeilge, gur próiseas athshlánaithe teanga é an tionscadal seo sa Cheathrú Ghaeltachta a thabharfadh go leor de na logainmneacha dúchasacha ar ais os comhair an phobail “ar chomharthaí buana”.

Dúirt sí gur fágadh “sciar suntasach” den Cheathrú Ghaeltachta “ar lár” roimhe seo mar nár cuireadh comharthaí sráide dátheangacha in airde iontu, ach go bhfuil siad “millteanach sásta” anois go bhfuil iomlán na Ceathrún Gaeltachta aitheanta ag an Chomhairle i mBéal Feirste.

“Cinnteoidh an tionscadal seo go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ó bhun go barr an limistéir sin, ó Bhóthar Seoighe go bun Bhóthar na bhFál, agus achan áit idir eatarthu,” a dúirt sí.

Dúirt sí go gcuideoidh an tionscadal sa Cheathrú Ghaeltachta le leigheas na a fháil fadhbanna móra atá ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste san am i láthair dul i ngleic leis an éileamh mór ar an gcomharthaíocht dhátheangach sa chathair. Dúirt sí go raibh na “céadta iarratas” ar chomharthaí dátheangacha fós gan ceadú ó tugadh córas nua isteach in 2022 a d’fhág go raibh sé níos éasca iarratas ar chomhartha dátheangach a dhéanamh.

In 2024 cuireadh i gcrích scéim chun 764 comhartha a chur in airde ar 301 sráid sa chuid íochtarach den Cheathrú Ghaeltachta a bhí aitheanta ag an Chomhairle ag an am sin.

Mar chuid den dara céim sa scéim seo, caithfear an t-airgead a aontaíodh ag an gcruinniú Dé Luain ar chomharthaíocht sráide dhátheangach sa chuid uachtarach den Cheathrú Ghaeltachta, sa cheantar ina bhfuil Bealach Uí Chinnéide, Baile Andarsan, Bóthar Seoighe agus Bóthar an Ghleanna.

Fág freagra ar '‘Céim shuntasach chun cinn’ – an chéad uair riamh don DUP tacú le rún ar son comharthaíocht Ghaeilge'