Lula, Bolsonaro agus an Trumpach: céard atá ar na bacáin i Meiriceá Theas?

Tá víosa bronnta ag Donald Trump ar Flávio Bolsonaro atá ar a theitheadh ón mBrasaíl, ach ag an am céanna deir uachtarán SAM ‘go dtaitníonn Lula leis’

Lula, Bolsonaro agus an Trumpach: céard atá ar na bacáin i Meiriceá Theas?

An chéad rud a rith liom nuair a theith Flávio Bolsonaro agus a chlann go dtí na Stáit Aontaithe tar éis dó toghchán uachtaránachta na Brasaíle a chailleadh seachtain go leith ó shin ná seo: bainfidh Trump úsáid as seo chun ionradh a dhéanamh ar an mBrasaíl, ionradh den chineál mar a rinne na Stáit Aontaithe ar Veiniséala i dtús na bliana.

Má bhí fórsaí na Stát Aontaithe in ann Nicolás Maduro a ghabháil i Veiniséala, beidh siad in ann athair Flávio Bolsonaro, Jair, a shaoradh, a shíl mé liom féin.

Bhí sean-Bholsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl idir 2019 agus 2023 ach tá sé faoi bhraighdeanas baile le bliain anuas as iarracht coup d’état a dhéanamh i 2023.

Ba chuma sa sioc le Trump faoi chás na mBolsonaro dáiríre – dream chomh míthaitneamhach iad nach dtaitneodh siad leis an Trumpach féin – ach d’oirfeadh sé dó duine acu a bheith ina uachtarán ar an tír is mó i Meiriceá Theas. Ach oiread leis an nGraonlainn, tá neart stuif le fáil in ithir shaibhir na Brasaíle agus tá an chuid is mó den dufair is mó ar chlár na cruinne laistigh dá teorainneacha lena chois.

Níor aithin Trump bua Luiz Inácio da Silva (Lula) i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle go hoifigiúil fós agus dúirt uachtarán na Stát Aontaithe, go gairid i ndiaidh thoghchán na Brasaíle, gur mheas sé go raibh ‘cuma na calaoise’ ar an toghchán sin. (Ag tagairt a bhí Trump do chinneadh údarás toghchánaíochta na Brasaíle (TSE) síneadh ama dhá uair an chloig a chur leis an vótáil ag an nóiméad deiridh toisc gur chuir drochaimsir agus fadhbanna le córas iompair phoiblí na tíre as do vótóirí. Tá scagadh déanta ar na figiúirí ó shin agus is léir nach raibh tionchar dá laghad ag an síneadh ama ar thoradh an toghcháin.)

Gan dabht, fearacht cuid mhór uachtarán Meiriceánacha a tháinig roimhe, breathnaíonn Donald Trump ar Mheiriceá Theas agus Láir mar a bheadh gairdín cúil na Stát Aontaithe iontu. Le tamall de bhlianta anuas tá comhghuaillíocht á bunú aige le slám tíortha sna réigiúin sin atá faoi stiúir na heite deise: an Airgintín, an tSile, an Cholóim, Peiriú, Hondúras, an tSalvadóir, agus mar sin de.

Thitfeadh straitéis a bhainfeadh úsáid as muintir Bolsonaro mar chleas chun tionchar a imirt ar an tír is mó ar fad sa réigiún – An Bhrasaíl, atá faoi stiúir na heite clé – isteach le cinneadh na Stát Aontaithe cúpla mí ó shin dhá bhuíonta drugaí sa Bhrasaíl, an PCC agus an CV, a chur ar liosta na n-eagraíochtaí sceimhlitheoireachta idirnáisiúnta, rud a thabharfadh leithscéal do na Meiriceánaigh a ladar a chur isteach i gcúrsaí na Brasaíle. Lámh láidir a úsáid, fiú amháin.

Ach, agus seachtain caite anois ó theith Flávio Bolsonaro agus a chlann go Meiriceá – calaois agus sciúradh airgid curtha ina leith –, tá maolú ar chaint an Trumpaigh maidir leis an mBrasaíl.

‘Thaitin Lula liom i gcónaí,’ a deir sé, ‘réitím go maith leis’, agus ‘níor thóg mé taobh sa toghchán sin riamh.’

Agus toghchán lár téarma ar siúl sna Stáit féin gan dabht bhí rudaí eile seachas polaitíocht na Brasaíle ar a intinn ag Trump.

Lena chois sin, cáineadh go géar a chinneadh víosa a bhronnadh ar Flávio Bolsonaro. Agus cogadh á fhearadh ag Trump ar inimircigh mhídhleathacha sa bhaile, gan dabht bhí cuma aisteach ar an scéal seo: fáilte a chur roimh fhear as Meiriceá Theas atá ar a theitheadh maidir le calaois agus caimiléireacht.

Ach ag deireadh an lae, cé nach mbíonn a fhios agat riamh leis an Trumpach agus cé nach féidir rud ar bith a chur as an áireamh, ní hionann cás na Brasaíle agus cás Veiniséala, nó fiú amháin cás na hIaráine.

Ní hionann agus an dá thír sin, daonlathas réasúnta sláintiúil – níos sláintiúla ná na Stáit féin – atá sa Bhrasaíl agus bheadh sé ionann is dodhéanta ionradh armtha ar an tír sin a chosaint go hidirnáisiúnta. Sa chás sin, bheadh na Stáit go hiomlán leo féin.

Lena chois sin, gan dabht, tír ollmhór í an Bhrasaíl agus dufair is ea cuid mhór dí. Cogadh i ndufair, sin rud nach n-éireoidh le huachtarán ar bith i Meiriceá a dhíol lena chuid saoránach. Barraíocht cuimhní.

Ar an gclaí a fhanfaidh Trump go fóilleach maidir leis an mBrasaíl mar sin, is cosúil; Tadhg an dá thaobh a deir go dtaitníonn Lula leis, ach a thugann féirín víosa do Flávio Bolsonaro leis an lámh eile.

Fág freagra ar 'Lula, Bolsonaro agus an Trumpach: céard atá ar na bacáin i Meiriceá Theas?'