Trump agus na Poblachtánaigh ar a ndícheall ag iarraidh seasamh roimh ‘Maidhm Ghorm’

D'fhéadfadh 'Maidhm Ghorm' athrú mór a chur ar an dá bhliain deiridh ag an Uachtarán Trump agus tús a chur le hiomaíocht ghéar chomharbais

Trump agus na Poblachtánaigh ar a ndícheall ag iarraidh seasamh roimh ‘Maidhm Ghorm’

Beidh deis ag breis is 100 milliún duine vóta a chaitheamh sna toghcháin lár téarma sna Stáit Aontaithe inniu, tráth a bhfuil caint go leor ann go bhféadfadh an tUachtarán Donald Trump agus an páirtí Poblachtánach a smacht ar Thithe na Comhdhála a chailleadh agus cuid den loinnir tréigthe den Uachtarán.

Ó Harry Truman i 1946, is ag an Uachtarán Trump atá an ráta tacaíochta is ísle a bhí ag aon Uachtarán riamh sa tír sin agus iad ag tabhairt faoi thoghcháin lár téarma, agus tugadh gleadhradh do pháirtí Truman an geábh sin.

Beidh rogha le déanamh ar gach uile cheann den 435 suíochán i dTeach na nIonadaithe inniu chomh maith leis an tríú cuid den 100 suíochán atá sa Seanad. Tá cual feidhmeannach eile le toghadh ag leibhéal na stát agus vóta le caitheamh orthusan inniu freisin.

Dá n-éireodh leis an bpáirtí Daonlathach tromlach is ceannas a fháil ar cheachtar de Thithe na Comhdhála nó ar an bpéire sna toghcháin seo inniu, d’fhéadfaidís buarach a chur ar an Uachtarán is a chuid scéimeanna sa dá bhliain atá fágtha aige sa Teach Bán.

Le dhá bhliain anuas, is beag nach raibh cead a chinn ag Trump lena chumhacht feidhmiúcháin agus d’éirigh leis a chiontú in dhá tháinseamh a sheachaint a bhuíochas don tromlach a bhí ag a pháirtí in dhá theach na Comhdhála.

Más fíor do na pobalbhreitheanna d’fhéadfadh athrú scéil a bheith aige de bharr thoghcháin an lae inniu.

Mar is dual do mhaidhmeanna, d’fhéadfadh ‘Maidhm Ghorm’ athrú mór a chur ar an dá bhliain deiridh ag an Uachtarán Trump agus tús a chur le hiomaíocht ghéar chomharbais.

Tá a vóta caite cheana féin ag os cionn 52 milliún Meiriceánach sna toghcháin seo mar tá ballóid phoist agus neamhláithrithe ag na Stáit Aontaithe.

Faoi láthair is iad na Poblachtánaigh atá i gceannas ar Theach na nIonadaithe agus ar an Seanad ach tá na pobalbhreitheanna ag tabhairt an bhuntáiste do na Daonlathaithe agus an gean ar Donald Trump níos fuaire ná a bhí sé go dtí seo..

Léiríonn na pobalbhreitheanna deireanacha ag an New York Times agus ag Ollscoil Siena go bhfuil an páirtí Daonlathach chun cinn sna seacht stát is tábhachtaí ó thaobh cé acu páirtí a gheobhaidh ceannas ar an Seanad.

In Texas, bhí iarrthóir na nDaonlathach, James Talarico, i bhfad chun cinn, toradh a thugann misneach don páirtí go n-éireodh leo greim a fháil ar shuíochán Seanaid ansin den chéad uair ó 1988. Ní raibh suíochán Seanaid ag an bpáirtí i Kansas ó 1932 ach tá a n-iarrthóir Adam Hamilton chun cinn ansin freisin.

Bhí cosamar le spáráil acu chomh maith sna pobalbhreitheanna ar na Seanadóirí Poblachtánacha reatha i dtrí stát thábhachtacha eile, Maine, Ohio agus Alasca.

Faoi láthair tá tromlach beag ag na Poblachtánaigh i dTeach na nIonadaithe agus 218 ionadaí acusan. Ceathrar níos lú atá ag na Daonlathaigh, 214 ionadaí. Tá feisire neamhspleách amháin ansin agus tá dhá fholúntas ann.

Níl dóchas caillte ag na Poblachtánaigh agus súil ag an bpáirtí go n-éireoidh leo seasamh roimh an tonn ghorm trí neart airgid a chaitheamh ar fhógraíocht agus na daoine sa lár a scanrú faoi pholasaithe an pháirtí Dhaonlathaigh.

Más aon fhuinneog í an stair, le ceithre scór bliain chaill páirtí an Uachtaráin [ag an am sin] suíocháin sna toghcháin lár téarma in 18 toghchán as 20.

Tá gobharnóirí le toghadh inniu freisin i 36 as an 50 stát chomh maith le suíocháin a líonadh sna forais reachtacha ag leibhéal na stát. Tá 55% de na suíocháin sna forais reachtacha sa tír ag an bpáirtí Poblachtánach faoi láthair agus gan ag na Daonlathaigh ach 43.8%.

Sa Seanad tá 53 suíochán ag na Poblachtánaigh agus 47 ag na Daonlathaigh ach níl ach an tríú cuid acu sin ar an mballóid sa toghchán seo.

Ba iad na ceisteanna is mó a tharraing caint i rith an fheachtais seo an eacnamaíocht, an costas maireachtála, an inimirce, an cogadh san Iaráin agus an imní faoin intleacht shaorga. Sna stáit is deirge nó is dílse don pháirtí Poblachtánach is follasaí an comhrac mar a léiríonn an rath atá sna pobalbhreitheanna ar James Talarico i Texas.

Tá na Daonlathaigh ag díriú go tréan freisin ar Pennsylvania, New Jersey, North Carolina, Ohio, Alaska, Maine, Michigan, Iowa, New Hampshire, Kansa agus Georgia.

Léiríonn pobalbhreitheanna go bhféadfadh suas le 20 suíochán a bheith idir dhá cheann na meá agus go bhfuil 20 suíochán eile atá claonta de bheagáinín i dtreo ceann éigin den phéire.

An dúshlán atá roimh na Daonlathaigh le tromlach a fháil sa Seanad greim a choinneáil ar na suíocháin atá acu agus ar a laghad ceithre cinn eile a bhaint de na Poblachtánaigh inniu.

Scáthán a bhíonn sna toghcháin lár téarma ar a shásta agus atá Meiriceánaigh le saothar an uachtarán go dtí seo.

Má éiríonn leis na Daonlathaigh tromlach a fháil sa Teach nó sa Seanad, gabhfaidh sé crua ar an Uachtarán aon dlí a rith tríd an gComhdháil.

Tá sé ina imní freisin go ndéanfadh an tUachtarán iarracht cur isteach ar thorthaí an toghcháin, mar is iad na stáit féin a ritheann na toghcháin.

D’ainneoin nár chuir sé aon fhianaise ar fáil fós, bíonn an tUachtarán Trump seasta síoraí ag caitheamh amhrais ar bhailíocht thorthaí toghcháin agus ag áitiú go mbíonn séitéireacht nó camastaíl bhallóide ar bun sna toghcháin i stáit áirithe.

Is maith an ceapadh ag duine a bheith ag súil anois le neart daoine a bheith ag caint faoin té a d’fhéadfadh teacht i ndiaidh Trump mar iarrthóir na bPoblachtánach in 2028 agus cé a bheidh ag na Daonlathaigh ina n-iarracht an Teach Bán a fháil ar ais.

 

Fág freagra ar 'Trump agus na Poblachtánaigh ar a ndícheall ag iarraidh seasamh roimh ‘Maidhm Ghorm’'