LÉIRMHEAS: Camchuairt bhuile charnabhalach Blindboy

Dráma maith atá in ‘Animals’ ach d’fhéadfadh sé a bheith an-mhaith dá leigheasfaí na fadhbanna a bhaineann leis an struchtúr

LÉIRMHEAS: Camchuairt bhuile charnabhalach Blindboy

Animals
Bunaithe ar ghearrscélata Blindboyboatclub
Athchóirithe agus stiúrtha ag Dan Colley
Amharclann na Mainistreach

An Déaglán na nDeich dTroithe ar Airde thú, nó an Caoimhe Schteamáilte atá ionat? Má thuigeann tú na tagairtí aisteacha sin gach seans gur éisteoir de chuid phodchraoladh Blindboy thú. Mura dtuigeann is cinnte gur cuimhin leat fear úd an mhála phlaistigh, fear canta Horse Outside.

Tá fás agus forbairt as cuimse tagtha ar an mBuachaill Dall ó laethanta an chnagaire áirithe sin, agus lucht leanúna dílis bainte amach aige dá phodchraoladh, ar minic é ag barr na gcairteacha éisteachta. Tá aitheantas faighte aige freisin do chláir faisnéise ar stair agus ar shocheolaíocht na hÉireann agus díoladh cóipeanna go leor dá chnuasaigh gearrscéalta The Gospel According to Blindboy agus Topographia Hibernica. Mar a tharlaíonn, tá closleaganacha iontacha de roinnt de na scéalta sin léite aige ar a phodchraoladh. Sna clos-scéalta sin faightear a ghlór sainiúil féin móide canúintí áiféiseacha agus aithris iontach. An rud is fearr ar fad fúthu ná an cúlra ceoil féinchumtha a chuireann bonn mothúchánach plúchtach faoi na scéalta, é scanrúil craiceáilte atmaisféarach de réir mar a theastaíonn. Ba chóir d’údair eile a shampla a leanúint sa mhéid sin.

Tá an dráma Animals bunaithe ar sheacht gcinn de na gearrscéalta sin, chomh maith leis an bpodchraoladh féin. Dan Colley a roghnaigh na scéalta agus a chóirigh (fear a raibh smearaithne agam féin air fadó fadó agus muid beirt i rang aisteoireachta ar Shráid Fhearchair.)                 

Tosaíonn an dráma amach mar a bheadh eipeasóid bheo den phodchraoladh ann, agus siúlann an buachaillín dána dalba amach ar an ardán. Suíonn sé os comhair maidhc idir dhá phlanda agus tosaíonn ag caint. B’fhéidir go n-aithneodh na baill is géarshúilí den lucht féachana ag an bpointe seo nach mar a shíltear a bhítear. Aisteoir atá ann ach is éasca bob a bhualadh ar an lucht féachana (nó cuid de!). Ní aithnítear nach é atá ann go dtí go n-imíonn fear an mhaisc ón maidhc agus an chaint fós le clos. Teachtaireacht réamhthaifeadta atá ann mar sin. Tagann slua de Bhlindboyanna amach ansin in áiteanna éagsúla san amharclann, rogha ar éirigh go maith leis, agus rud nach ndéantar rómhinic san amharclann náisiúnta, claisceadal cloigne cainteacha ag fí meitea-ghréasán casta a aithneoidh lucht éisteachta an phodchraolta gan stró.

Is fiú a lua go raibh an slua a bhí i láthair ar an oíche ar an gceann is éagsúla, le hais ghnáthamhrasáin na Mainistreach, atá feicthe agam le blianta móra fada. Iad i bhfad Éireann níos óige, i bhfad níos cúláilte, agus thugas faoi deara, leis, gurbh fhaide go mór an scuaine don bheár agus iad ann. Sílim go bhfaca Frankie Boyle an ghrinn ina measc, leis.

Scéal faoi asailín anróiteach Nollag a bhí againn ansin, agus baintear úsáid éifeachtach as prapaí simplí le carachtair agus gléasanna iompair a chruthú. Bhí cuid den chóiréagrafaíocht gan a bheith thar mholadh beirte, shíleas, an scáthdhornálaíocht agus an t-asal féin.

Éiríonn thar cionn le Manus Halligan agus Liz FitzGibbon sa scéal Pamela Fags i ndomhan cartúnach buile lán cultacha iontacha, aghaidheanna fidil agus daoine a bholaíonn gabhail brístí.

Tá duine de bhoic mhóra na haisteoireachta agus an ghrinn, Pat Short, i ról Erskine Fogarty i Cat Piss Astronaut (bí ag caint ar theideal agus ainm den scoth), ach bhraith mé ar shlí nár baineadh an leas ceart as. Ní dheachaigh an scéal i bhfeidhm orm mar a theastaigh. Is fearr a oibríonn an scéal mar ghearrscéal, nó mar ghearrscannán. Feictear Short agus bró mhuilinn ar a dhroim aige, an cuisneoir-reoiteoir Fisher agus Paykel, agus é ag radadh fíricí fánacha linn, i rith an dráma ar fad. Snáth amháin is ea a scéal siúd a lúbann tríd an iomlán.

Ba chosúla an chuid faoi stócaigh an tseomra aclaíochta gona bhféith ghrinn ghránna agus a ndúil dhamanta i bpodchraoltaí fearúla le sceitse grinn, agus dá ghreannmhaire é ní raibh an oiread sin de thathag ann.

An fhadhb ba mhó leis an dráma ná a scartha ó chéile a bhí cuid de na scéalta ann. I ndiaidh an tsosa insíonn Halligan scéal The Poitín Maker, scéal atá traidisiúnta go leor ó thaobh téamaí agus suímh. Ba mhó de chur isteach a rinne an seit mionsonraithe (seomra feithimh in ospidéal máithreachais). Tharraing an seit agus na haisteoirí m’aird ón scéal a bhí á insint. Ba dheacair an bhaint a bhí idir an scéal seo agus na scéalta eile a aithint.

Ar aghaidh linn ansin, caol díreach i ndiaidh ár gcinn isteach sa scéal is gáirsiúla agus is greannmhaire sa dráma, Arse Children. Scéal inar gá do Mhícheál Ó Coileáin Éamon De Valera a raighdeáil suas a thóin thiar Ghaelach… chun laochra calma ocht dtroithe ar airde a ghiniúint a thabharfaidh saoirse d’Éirinn, ar ndóigh! Cuirtear an scéal inár láthair i bhfoirm bord lán aisteoirí agus iad ag cleachtadh don dráma. Buaic an dráma ná an toircheas agus breith dhéistineach na bpáistí. Ar shlí is gá teacht ar ais chun talún arís sula dtugann an Cat Piss Astronaut faoi na spéartha arís.

Ní éiríonn leis an scéal deiridh buaic na gáirsiúlachta agus an ghrinn a bhí ann i scéal ár gceannairí calma cróga a scoitheadh. Ar bhealach is é an dara críoch atá ann, agus í níos laige ná an chéad cheann. Cén fáth go bhfuil an dara críoch sin ann más ea? Bhuel, teastaíonn cleas éigin chun an t-iomlán a nascadh le chéile, ar ndóigh. Léiríonn sé sin bunlaige sa dráma. B’fhearr a d’éireodh leis an iomlán dá mba láidre nó dá mba shoiléire an nasc idir na scéalta nó dá bhfágfaí scéal nó dhó ar lár.

Ina ainneoin sin tá móimintí fíorghreannmhara go leor sa dráma agus faightear éachtaint ar smaointe craiceáilte difriúla neamhchoitianta agus ar Éirinn nach bhfeictear mórán de léiriú uirthi fós ar ardáin mhóra náisiúnta na tíre. Camchuairt bhuile charnabhalach atá ann. Tá na cultacha agus go leor den aisteoireacht ar fheabhas ar fad agus baintear úsáid ríchliste as ceamaraí agus teilgean ar ardán.

Dráma maith atá ann agus d’fhéadfadh sé a bheith an-mhaith dá leigheasfaí na fadhbanna a bhaineann leis an struchtúr. Mar sin féin, is fearr a éiríonn leis na scéalta seo léimt in airde ar an ardán ná mar a d’éirigh le saothar drámata pheann Kevin Barry, mar shampla, cé gur fearr Barry go mór ná Blindboy mar scríbhneoir don leathanach. Más duine de na Guramíle Síle’s nó de na N’fheadar a Pheadaireanna taitneoidh sé thar cionn leat cuma cibé rud a déarfar leat.

Beidh an dráma á léiriú go dtí an 7 Samhain 2026. Fad: 2 huair agus 55 nóiméad (sos san áireamh)

 

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Camchuairt bhuile charnabhalach Blindboy'