Chuir liosta leabhar Gaeilge an Irish Times olc míréasúnta orm ag an deireadh seachtaine. Is beag a bhí ag déanamh imní dom, a deir tú. Ní raibh ruibh ná cantal as éadan orm óir níor chuir torthaí na gComórtas Amhránaíochta in aer mé agus ní raibh an múisiam céanna orm maidir le Sárimreoirí Peile is Iomána na bliana, go háirithe tar éis dom a bheith ag éisteacht le Dara Ó Cinnéide agus na saineolaithe eile a bhí faoi agallamh ag Michael Bharry ar Spórt an tSathairn.
Bhí an plé stuama agus bunaithe ar eolas, aithne agus léargas tuisceanach. Tugadh a gceart do chuile dhuine agus má cuireadh ar son imreoirí nach bhfuair duais, níor baineadh de na himreoirí ar bronnadh gradaim orthu.
De ghrá na cothromaíochta, déarfaidh mé go bhfuil piardaí liteartha Shráid na Teamhrach le moladh as gníomh aitheantais de chineál éigin a dhéanamh i dtreo litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Deirtear linn gurb ann don liosta seo mar thoradh ar ghearáin a rinneadh faoi liosta aonteangach ficsin a foilsíodh anuraidh, i bhfocail an Irish Times féin: ‘prompted by a few Irish speakers’. Míle moladh le miondéithe na héigse as a bhféile.
Amhdaím go raibh mise mé féin páirteach san obair chéanna seo, is é sin, chuir mé 25 leabhar in ord fiúntais ar iarratas ón Irish Times. Tharraing mé ar liostaí a bhí curtha le chéile agam cheana. Ba chúnamh é go raibh mé in áit na garaíochta sa mbaile nuair a tháinig an ríomhphost. Ciúta don chuimhne is ea an leabhar ar sheilf. Níorbh é an liostáil ba mheasa ach an t-iarratas cúpla líne fánach a scríobh i mBéarla faoin leabhar a chuir mé in áit na craoibhe. Fiche nóiméad a ghlac sé orm trí abairt ghearra a scríobh go spadánta.
Leabhar nach bhfaca solas an lae sa liosta mór ar ndóigh ainneoin go raibh caoga teideal i gceist ar deireadh thiar. Níor mhiste liom faoi sin – ní lia duine ná barúil go mór mór i gcúrsaí liteartha – ach bhí torthaí na fadliostála féin rud beag aisteach mheas mé.
Bhí ríméad orm ceithre leabhar le Biddy Jenkinson a fheiceáil ar an liosta. D’fhéadfaí sin a thuiscint mar léiriú ionadaíoch ar leithead a cuid oibre ó thús an chéid. Bheifí ag súil go mbeadh gach leabhar i dtriológ chéadach Liam Mhic Cóil ar an liosta ach tuige nach bhfuil dé ar oiread is leabhar amháin de theitrealóg théagartha Anna Heussaff? Níl Na Comharthaí i measc na dtrí leabhar atá luaite le Darach Ó Scolaí. Is uaillmhianaí agus is dúshlánaí mar shaothar é ná Súil an Daill, dá fhiúntaí sin, feictear domsa.
Maidir leis an bhfilíocht is ceart go mbeadh saothair le Louis de Paor, Caitríona Ní Chléircín, Ailbhe Ní Ghearbhuigh ann cé go gcreidim gur fearr Old Friends (2024) le hAifric Mac Aodha seachas Gabháil Syrinx. Tá dhá chnuasach le Laoighseach Ní Choistealbha ar an liosta. Is maith an oidhe ar Laoighseach an t-aitheantas seo ach chuimhneoinn ar theidil eile le Bríd Ní Mhóráin nó Áine Durkin nó Dairena Ní Chinnéide mar rogha ar Solas Geimhridh, mar shampla.
I ndeireadh 2025 a foilsíodh Bódléar agus tháinig I mBéal na Péiste amach in 2023. Ritheann sé liom go bhféadfaí claonadh i dtreo na déanaíochta a chasadh le cuid de na roghanna ar an liosta. Agus an liosta a foilsíodh ar Comhar anuraidh chomh maith le bheith cóir. Cás ar leith iad na leabhair acadúla ar an liosta. Tá monagraf Mháirín Nic Eoin, Trén bhFearann Breac (2004), ar an bhfód le fada agus ardmholta le fada. An é nach raibh Titley (2018) le Máirtín Coilféir léite ag mo chuid cómholtóirí ná Múinídh dom Glao (2016) le Michelle O’Riordan ná Carnabhal na Marbh (2023) le Radvan Markus?
Táimse chomh ciontach le cách. Cuirim liostaí leabhar i dtoll a chéile. Roinnim mo thuairim le daoine eile a chuireann liostaí leabhar i dtoll a chéile. Léim liostaí leabhar go tráthrialta.
Déanaim talamh slán go bhfuil fios a gcúraim ag an dream a bhíonn i mbun na léitheoireachta.
Ach bhí troigh chantail orm an iarraidh seo mar airím go bhfuil lorg na treochtála agus na bolscaireachta ar an rogha. Gur liosta don Ghort Ribeach seachas don Irish Times é.
Ach más ea féin, is fada ó d’áitigh Nóra Sheáinín ar Dotie go mba é an chéad chéim sa gcultúr ná ‘gach claon-bhreith agus gach réamh-bhreith a scagadh as t’intinn.’
Dea-chomhairle do lucht liostaí agus léitheoirí leabhar Gaeilge.
Fág freagra ar 'Na cúiseanna is mó gur chuir liosta leabhar Gaeilge an Irish Times olc míréasúnta orm'