Tharla sé cheana in Árainn. Sin a deirtí tráth nuair a thagadh scéal chun cinn a bhí iontach, aisteach nó áiféiseach féin. Más teoranta féin críocha an oileáin is maith a tuigeadh nach bhféadfaí teorainn a chur le hiompar an duine. Ach cuir i gcás – ceist hipitéiseach amach is amach – go mbeadh aire rialtais ann lá breá éigin a bheadh taghdach, fíbíneach agus glanoscartha as a chranna cumhachta maidir le riaradh gnóthaí móra stáit, cé a sheasfadh roimhe?
Bíonn airí rialtais freagrach don Dáil agus má fheictear don fhreasúra go bhfuil ciseach déanta d’ábhar a bhaineann lena gcúram is féidir rún mímhuiníne a chur síos. Is é freagra clasaiceach an rialtais ná rún muiníne a dhéanamh den rún mímhuiníne ach a bheith deimhin faoi na vótaí. Amanta, má bhíonn peaca marfach i gceist, tugtar ar aire a chríonnacht a dhéanamh nó cuirtear críonnacht in iúl dó. Sin ar fad tar éis an bhirt.
An féidir teacht roimh mhearbhall, místuaim nó amaidí aire rialtais? Cén ról a bhíonn ag an tSeirbhís Phoiblí Shinsearach, scothaicme na Rúnaithe Cúnta, Leas-ArdRúnaithe agus Ard-Rúnaithe Roinne? Státseirbhísigh iad a bhfuil taithí mhór acu agus a roghnaítear faoin gcóras TLAC, an Coimisiún um Cheapacháin Ardleibhéil. Íoctar iad ar bhandaí éagsúla tuarastail idir €171,000 agus €283,000 nó mar sin. Isteach is amach le €217,000 a íoctar le haire rialtais díreach mar bhunús comparáide. Fíor-chorruair a bhíonn na hoifigigh seo i mbéal an phobail mura dtarraingíonn leithéidí Robert Watt aird air féin.
Is é an tsamhail is aitheanta den ard-státseirbhíseach thall sa Ríocht Aontaithe ná an carachtar ficseanúil, Sir Humphrey Appleby. Amach as ucht mhúnla na Breataine a tháinig státseirbhís an tSaorstáit. Ach tá a thraidisiúin, nósanna agus cultúr féin ag seirbhís bhuan riaracháin an stáit faoi seo agus ardmheas ar a neamhspleáchas agus neamhchlaontacht.
Ní hin le rá nach mbaineann macallaí deisbhéalacha ón tsraith ghrinn Yes Minister le hábhar i gcónaí. Nathán tráthúil é go mbíonn inneall lomaire féir ach coscáin Rolls Royce ag an gcóras thall.
Is iad Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse (1956-2005) a rialaíonn iompar státseirbhísigh abhus. Leagtar amach na dualgais shonracha a bhíonn ar Ard-Rúnaí Roinne san Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí, 1997. Ní hann do chód iompair ar leith d’airí rialtais seachas an cód iompair ginearálta do shealbhóirí oifige faoi na hAchtanna Eitice (1995-2001). Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifig Phoiblí imscrúdú a sheoladh de bhun gearáin ach aithnítear laige an chórais sin ó rinneadh fiosrú faoi cháipéisí a sceith Leo Varadkar le Maitiú Ó Tuathail ón NAGP.
Arbh fhiú cuimhneamh ar dhealú níos mine a dhéanamh idir freagrachtaí aire agus dualgais an SPS? An gcuirfí le cultúr cuntasachta dá mbeadh meicníocht ann faoina bhféadfadh an SPS dúshlán aire a thabhairt ar cheisteanna polasaí má fheictear dóibh gurb é an leas poiblí é? Arbh fhiú d’Ard-Rúnaithe a bheith in ann treoir aire a lorg i scríbhinn nuair a bhítear in amhras faoi chinneadh nó nuair is léir go bhfuil roghanna polasaí eile ann? Ar ndóigh níorbh fholáir cothromaíocht a chinntiú idir róil reachtúla an ionadaí phoiblí agus an státseirbhísigh.
Bíonn deis ag Comhchoistí Oireachtais fios a chur ar státseirbhísigh shinsearacha agus baineann luach áirithe leis seo maidir le trédhearcacht agus oscailteacht. Ba cheart go mbeifí in ann tástáil láidir a dhéanamh ar fhreagracht na n-oifigeach poiblí. Is iomaí mísc a ceileadh faoi chló chosaint thraidisiúnta na discréide sna hAchtanna um Airí agus Rúnaithe. Tá an líon daoine san SPS ag méadú leis freisin, beagán de bhreis ar 330 duine ar fad nuair a dhéantar na gráid chuí a chur le chéile.
Comhlacht neamhspleách neamhreachtúil é TLAC a dhéanann gráid an SPS a earcú. Cuirtear na comórtais i gcomparáid le dianbhabhtaí coraíochta. Tráchtar go mion ar threochtaí agus staidreamh ionchuimsithe, cothromaíocht inscne srl i dtuarascálacha bliantúla TLAC. Trí thuarascáil atá foilsithe ag TLAC ó ritheadh an tAcht Teanga leasaithe i ndeireadh 2021. Ní luaitear Gaeilge ná inniúlacht Ghaeilge ar chor ar bith iontu. Coimisiún ardleibhéil aonteangach is léir.
Cé go mbeadh sé thar a bheith inmholta cód Iompair sonrach d’airí rialtais a chur leis an gCód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú beidh fuireacht orainn. Tá scaitheamh an-fhada ó rinne na polaiteoirí leasú ar reachtaíocht a dhéanann maoirsiú ar a n-iompar féin. B’fhéidir go bhféadfaí ról an SPS a threisiú le go mbeadh ráille cosanta ar an bhfaopach ar fáil. Más fíor go bhfuil daol athchóirithe ar Jeaic na Tiachóige an mbeadh sé tráthúil an t-ábhar a chur ar chlár na gcainteanna pá nár thosaigh fós? Nár dheas córas éigin a bheith ann le teacht roimh aire a bheadh ag imeacht fánach?
Fág freagra ar '‘Ní hea, a Aire!’ – córas ag teastáil le teacht roimh mhístuaim nó amaidí aire rialtais'