An pobal i gcontúirt agus gaolta íobartaigh suaite, scanraithe, dúnmharfóir ar a theitheadh tar éis saoirse shealadach a ceadaíodh de bhotún.
Rinneadh praiseach den scéal ar iliomad bealaí a mhúscail ceisteanna faoin gcóras príosúin, a chuir brú ar Aire Dlí Stormont, Naomi Long agus a chothaigh amhras faoi riar na córa.
Sé Gary Anderson, 29 an príosúnach. Gearradh príosún saoil air féin agus a dheartháir Sean Anderson in 2023 as dúnmharú Karol Kelly i nDoire in 2018. Sádh Karol Kelly sa chliabhrach agus sa ghoile roinnt uaireanta in ionsaí brúidiúil; bhí cúigear clainne aige. Rialaigh an chúirt go gcaithfeadh Gary Anderson 15 bliain ar a laghad i bpríosún agus go gcuirfeadh a dheartháir téarma 17 bliain ar a laghad isteach. Is i bpríosún Mhaigh gCabraí a bhí Gary Anderson, a dheartháir i bpríosún Mhic Ghiollagáin.
Diúltaíodh saoire atruach don bheirt chun freastal ar shochraid a n-athar ar an gCreagán i nDoire. Thóg siad cás cúirte in aghaidh an chinnidh. Dhearbhaigh an chúirt an cinneadh i gcás Sean Anderson, bunaithe ar an eolas ón bpríosún ach seachtain is an Domhnach seo caite cheadaigh breitheamh go ligfí Gary Anderson amach ar feadh dhá uair an chloig lá arna mhárach chun freastal ar an tsochraid; ní raibh cead aige a dhul ag an gcréamadh i Leitir Ceanainn.
Ní raibh garda príosúin ná ball den PSNI á thionlacan agus ní raibh glais lámh ar an bpríosúnach; bhí sé faoi chúram duine dá lucht gaoil. D’éalaigh sé am éigin le linn na sochraide. Bhíothas den bharúil go mb’fhéidir go ndeachaigh sé trasna na teorann. Nuair nach raibh tásc ná tuairisc air faighte ag PSNI ná Gardaí tar éis seachtaine bhí athmhachnamh á dhéanamh faoi cá mbeadh sé á chumhdach.
Ní nach ionadh bhain sé croitheadh as muintir Karol Kelly go raibh an té a dúnmharaigh é amuigh i measc an phobail. Agus a gcréachta bróin á gcartadh arís, bhí siad agus go leor eile ag ceistiú an chaoi a gcaitheann an córas le híobartaigh.
Ba iad na ceisteanna faoi conas a saoradh Gary Anderson sa chéad áit ba mhó a tharraing conspóid agus imní áfach. An tseachtain seo caite bhí an roinn dlí atá freagrach as príosúin á thabhairt le fios gurb é an rialú cúirte faoi ndear an phraiseach a bheith déanta. Bhí sé deacair a thuiscint cén fáth nár iarr an breitheamh a thuilleadh eolais ón ngobharnóir nuair nár leor an fhianaise a bhí curtha faoina bhráid. Nuair a thug an príosúnach do na boinn é ba chosúil gurb í an chúirt a rinne botún.
Fuarthas a mhalairt amach nuair a foilsíodh breithiúnas na cúirte ina iomláine ag deireadh na seachtaine. Léirigh sé nach bhfuair an breitheamh freagra ón bpríosún nuair a d’iarr sé soiléiriú faoin measúnú riosca – ní raibh tuairisc oifigiúil an phríosúin ag teacht leis an gcuntas a tugadh don chúirt. D’uireasa freagra ghlac an chúirt leis an taifead oifigiúil riosca agus cheadaigh an tsaoire atruach.
Ar an Luan, agus Gary Anderson fós ar iarraidh b’éigean do Naomi Long, an tAire Dlí is Cirt ráiteas éigeandála a dhéanamh in Stormont. Bhíothas á chur ina leith gur chuir sí an Tionól ar míthreoir, go ndearna sí beag is fiú d’eachtra an-tromchúiseach agus go raibh sí neamhinniúil dá post. Shéan sí na líomhaintí sin ach b’éigean di a cuntas ar imeachtaí a cheartú. Dúirt sí gurb iad na dlíodóirí (ón roinn) a bhí sa chúirt thar ceann an phríosúin a rinne botún; níor inis siad do na húdaráis gur theastaigh a thuilleadh eolais ón mbreitheamh. D’fhógair sí go raibh athbhreithniú ordaithe aici ar gach ar tharla, ghabh sí leithscéal le muintir Kelly agus dúirt go mbuailfeadh sí leo.
Mhaígh roinnt gur ag cur ceisteanna ó dhoras a bhí sí le hathbhreithniú. Tuige nach gceisteodh sí féin agus feidhmeannaigh shinsearacha a roinne na daoine a bhí lárnach sa scéal idir dhlíodóirí agus cheannairí sa tseirbhís phríosúin, daoine atá faoina stiúir?
Bhí agus tá Naomi Long faoi dhianbhrú. Ar ndóigh tá sáiteáin á dtabhairt di ag páirtithe eile a bheas in iomaíocht gan mhoill le Alliance, an páirtí a neartaigh sí go mór le linn a ceannaireachta. Thug sí an deis dóibh. Tá cuid dá loinnir mar pholaiteoir ardchumais tréigthe ach gá le seiftiúlacht agus obair dhearfach maidir le riar na córa.
Fág freagra ar 'Dúnmharfóir ar a theitheadh, aire cirt Stormont agus riar na córa faoi bhrú'