Suas le cúig Líonra Gaeilge nua le bunú faoi phróiseas nua de chuid Foras na Gaeilge

Tá aitheantas mar Líonra Gaeilge bainte amach ag cúig cheantar timpeall na tíre ach níl aon Líonra nua aitheanta le cúig bliana anuas

Suas le cúig Líonra Gaeilge nua le bunú faoi phróiseas nua de chuid Foras na Gaeilge

Seán Ó Coinn, An tAire Dara Calleary agus Regina Uí Chollatáin. Pictiúr: MAXWELLS

D’fhéadfaí líon na mbailte timpeall na tíre atá aitheanta mar Líonraí Gaeilge a dhúbailt as seo go ceann cúpla bliain má bhíonn rath ar phróiseas léirithe spéise atá tosaithe ag Foras na Gaeilge.

Faoin Scéim Líonraí Gaeilge, atá mar chuid den phróiseas pleanála teanga, cuireann Foras na Gaeilge tacaíocht agus maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí an teanga a chur chun cinn ina gceantar.

Tá an scéim ag feidhmiú i gcúig cinn de cheantair agus bailte ar fud na tíre i láthair na huaire – Cluain Dolcáin, Inis, Baile Locha Riach, Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste – ach tá léirithe spéise anois á lorg chun aitheantas a thabhairt do suas le cúig Líonra eile, idir thuaidh agus theas.

Tá eagraíochtaí teanga agus grúpaí pobail i Muineachán agus i gCill Dara ina measc siúd a léirigh spéis cheana aitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach faoin bpróiseas pleanála teanga ach d’fhág easpa maoinithe nach raibh sé ar chumas Foras na Gaeilge forbairt a dhéanamh ar an scéim ó ceadaíodh na chéad cúig Líonra cúig bliana ó shin.

Bhí airgead breise don scéim i measc na n-éileamh a rinne feidhmeannaigh Foras na Gaeilge ar Aire na Gaeltachta níos luaithe i mbliana agus tá tuilleadh maoinithe anois le cur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.

Faoin reachtaíocht, is í Roinn na Gaeltachta atá freagrach as maoiniú a chur ar fáil do Líonraí Gaeilge ó dheas. An Foras féin a chuireann an maoiniú ar fáil do na Líonraí ó thuaidh. Thart ar €100,000 sa mbliain a chuirtear ar fáil do Líonra Gaeilge chun plean teanga a chur i bhfeidhm.

Mar chuid den fhorbairt nua atá beartaithe, cuirfidh Roinn na Gaeltachta maoiniú ar fáil chun suas le trí Líonra Gaeilge nua a bhunú ó dheas agus déanfaidh an Foras suas le dhá Líonra eile ó thuaidh a mhaoiniú.

Tá go dtí deireadh na míosa seo ag dreamanna ar mhaith leo aitheantas mar Líonra Gaeilge a fháil spéis a léiriú le Foras na Gaeilge.

Is é an próiseas iarratais an chéad chéim. Roghnófar ina dhiaidh sin eagraíochtaí le cur i láthair a dhéanamh le Foras na Gaeilge lena gcás a chur chun tosaigh.

Roghnóidh Foras na Gaeilge ansin na heagraíochtaí is fearr cumas agus tabharfar maoiniú agus tacaíocht dóibhsean chun plean teanga a ullmhú laistigh de 12 mhí. Nuair a aontófar plean teanga ceantair, ainmneofar ansin é mar Líonra Gaeilge.

Nuair a bheidh aitheantas mar Líonra Gaeilge ag ceantar, soláthróidh Foras na Gaeilge tacaíocht i bhfoirm deontais do na heagraíochtaí a bheidh roghnaithe chun oifigeach pleanála teanga a fhostú chun an plean teanga sin a chur i bhfeidhm. Feidhmeoidh plean teanga thar thréimhse seacht mbliana agus déanfaidh an Foras monatóireacht air.

Fág freagra ar 'Suas le cúig Líonra Gaeilge nua le bunú faoi phróiseas nua de chuid Foras na Gaeilge'