Ta maoiniú €2.5 milliún breise á lorg ag Foras na Gaeilge chun dul i ngleic le “riachtanais éagsúla” agus forbairt tuilleadh Líonraí Gaeilge i measc na dtograí gur mhaith leis an eagraíocht tabhairt fúthu.
Chuir Foras na Gaeilge riachtanais bhuiséid na heagraíochta os comhair Aire na Gaeltachta Dara Calleary agus é ar cuairt ar cheannáras an Fhorais i mBaile Átha Cliath inniu agus plé déanta ar na tosaíochtaí maoinithe a bheidh ag Foras na Gaeilge in 2027.
Deir Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Cuinn, gur chuir an méadú de bhreis is €2 milliún a cheadaigh an tAire Calleary don bhForas i mbliana lena chumas infheistíocht bhreise a dhéanamh i gcur chun cinn na Gaeilge ach deirtear freisin go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta.
Deir an Foras i ráiteas gur pléadh leis an Aire an tábhacht go mbeadh “creat maoinithe ilbhliantúil bonnlíne” ann idir seo agus 2030 chun go mbeidh Foras na Gaeilge ábalta freastal “ar an éileamh suntasach ón bpobal agus tacú leis na dúshláin in earnáil an oideachais agus óige”.
I measc na n-éileamh sin ón bpobal, dúradh go mbeidh babhta eile de phríomhscéim pobail Fhoras na Gaeilge, Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge.
Tá spéis léirithe ag grúpaí áirithe timpeall na tíre, grúpaí pobail i Muineachán agus i gCill Dara ina measc, aitheantas mar Líonra Gaeilge a fháil faoin phróiseas pleanála teanga ach ní raibh sé de chumas ag an bhForas an scéim a fhorbairt gan tuilleadh maoinithe. Tá aitheantas tugtha do chúig cinn de Líonraí Gaeilge i láthair na huaire – Cluain Dolcáin, Inis, Baile Locha Riach, Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste.
Deir an Foras gur pléadh leis an aire chomh maith an easpa soláthair cúram leanaí trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, go háirithe i mBaile Átha Cliath agus an gá le cur chuige comhordaithe ag an Rialtas do mhúineadh na Gaeilge do dhaoine fásta.
Labhair an tAire le foireann Fhoras na Gaeilge faoi na tosaíochtaí atá aige don chuid eile de 2026 agus do 2027, faoi sholáthar seirbhísí Gaeilge sa stát agus an tábhacht a bhaineann le hUachtaránacht an Aontais Eorpaigh don Ghaeilge agus do chur i gcrích iomlán stádas atá ag an nGaeilge mar theanga oibre i bParlaimint na hEorpa.
“Fuair Foras na Gaeilge cluas éisteachta inniu maidir leis na deiseanna ollmhóra atá ann anois don Ghaeilge, ach na hacmhainní a bheith ar fáil le freastal orthu,” a dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin.
“Tá sé ríshoiléir ón tuarascáil taighde a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge le gairid go bhfuil pobail ar fud an oileáin ag éileamh go mbeadh Gaeilge ag daoine óga – go bhfuil siad ag santú deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid agus gur seo an t-am chun tógáil ar a bhfuil déanta bunaithe ar thorthaí an taighde.
“I ndiaidh cruinniú dearfach leis an Aire, tá mé cinnte go dtuigeann an tAire an t-éileamh d’úsáid na Gaeilge sa phobal agus an uaillmhian beartais don Ghaeilge, agus go mbeidh sé sásta sin a chur in iúl dá chomhghleacaithe ag bord an Rialtais.”
Bhí an tAire i láthair le plé a dhéanamh leis an gCathaoirleach agus leis an bhfoireann Ardbhainistíochta ar an dul chun cinn atá déanta ó d’fhógair sé ardú maoinithe suntasach don fhoras forfheidhmithe Thuaidh Theas i dtús 2026.
Agus é ar cuairt, sheol an tAire Calleary dhá scéim maoinithe nua atá fógartha ag Foras na Gaeilge, ‘Bígí Linn’ agus ‘Glacaigí Páirt’, le linn na cuairte.
Beidh sé mar aidhm ag Bígí Linn deiseanna úsáidte Gaeilge a éascú do phobail a bhfuil tearcionadaíocht acu i bpobal na Gaeilge; pobail mhionlaigh agus mionphobail eithneacha. Tá ciste €50,000 ar fáil don scéim.
Díreoidh Glacaigí Páirt ar thacaíocht a chur ar fáil do ghrúpaí caitheamh aimsire trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá ciste €90,000 ar fáil don scéim seo.
Fág freagra ar 'Airgead breise á lorg ag Foras na Gaeilge do níos mó Líonraí agus deiseanna d’úsáid na teanga'