Deir Foras na Gaeilge go bhfuil easpa tacaíochta ón bhFeidhmeannas ó thuaidh ag cur bac ar fhorbairt an phróisis pleanála teanga i dTuaisceart Éireann.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, an tseachtain seo nach mbeadh an eagraíocht in ann cur le líon na Líonraí Gaeilge ó thuaidh gan tuilleadh maoinithe a fháil.
Dúradh ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais go raibh Foras na Gaeilge ag iarraidh léirithe spéise a fháil ó bhailte agus ceantair ó thuaidh agus ó dheas a bheadh ag iarraidh aitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach faoin phróiseas pleanála teanga ach gur fhág an easpa maoinithe ó thuaidh nach bhféadfaí an glaoch a dhéanamh.
Tá Foras na Gaeilge ag cur tacaíocht ar fáil do chúig cinn do Líonraí Gaeilge i láthair na huaire – Cluain Dolcáin, Inis, Baile Locha Riach, Carn Tóchair agus Iarthar Bhéal Feirste – agus dúirt Seán Ó Coinn gurb é an Rialtas ó dheas seachas an Feidhmeannas a thugann maoiniú do na líonraí ó thuaidh.
“Faoi láthair, is é an Rialtas ó dheas amháin atá ag soláthar cuid de na costais a bhaineann leis na Líonraí Gaeilge i ndlínse an Fheidhmeannais ó thuaidh, Foras na Gaeilge atá ag soláthar an chuid eile de,” a dúirt sé.
“Ní bheidh sé ar chumas Fhoras na Gaeilge líonraí úra a mhaoiniú ó thuaidh gan maoiniú breise a fháil, nó gan cur chuige cuí forbartha ag an Roinn Pobal ó thuaidh. Is le haghaidh líonraí faoi Acht na Gaeltachta 2012 amháin atá an t-allúntas pleanála teanga a chuireann an Rialtas ó dheas ar fáil faoi láthair.”
Faoi láthair, cuireann Roinn na Gaeltachta €96,000 in aghaidh an bliana ar fáil do Líonraí Gaeilge chun oifigeach pleanála teanga a fhostú agus chun gníomhaíochtaí a reáchtáil i dtreo spriocanna phlean teanga an líonra a bhaint amach.
Dúradh ag an gcruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo go raibh go leor grúpaí ann ar fud na tíre a raibh spéis léirithe acu aitheantas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach ach nach féidir leis an bhForas tuilleadh iarratas a mheas go dtí go mbeidh siad cinnte go mbeidh an tacaíocht chéanna ar fáil do cheantair ó thuaidh agus ó dheas.
“An deacracht atá againn ná is foras trasteorann muid, is foras uile-oileánda muid,” a dúirt Breandán Mac Craith, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Fhoras na Gaeilge. ”Agus muid ag smaoineamh ar ghlaoch eile a dhéanamh do líonraí, bheadh muid ag iarraidh é a dhéanamh ar bhonn uile-oileánda agus ní fheictear dúinn cá bhfuil an fhoinse mhaoinithe do thuilleadh líonraí i ndlínse an Fheidhmeannais faoi láthair, rud atá ag cur bac orainn an glaoch a dhéanamh ag an nóiméad seo.”
Géarghá le deireadh a chur le ‘éiginnteacht’ faoin bpleanáil teanga – ceannasaí Údarás na Gaeltachta
Tiocfaidh deireadh le saolré na bpleananna teanga sna Líonraí Gaeilge in 2027 ach deir Seán Ó Coinn go bhfuil sé tábhachtach gur tacaíocht fhadtéarmach a chuirfí ar fáil d’aon cheantar a bhaineann an t-aitheantas amach.
“Is tionscadal fadtéarmach é an tionscadal forbartha teanga i gceantar ar bith agus ní hé go mbíonn sé curtha i gcrích i ndiaidh seacht mbliana, ceithre bliana déag, bliain is fiche nó ocht mbliana is fiche féin.
“Is dóigh liom gur infheistíocht é seo sna ceantair seo agus bheadh sé riachtanach má tá an próiseas le leanstan go leanfaidh an infheistíocht sin go ceann i bhfad agus go dáiríre go n-aithneofaí an infheistíocht sin mar infheistíocht bhuan ar fhorbairt na Gaeilge sna bailte agus na ceantair sin.”
Maidir le tacaíocht ó na húdaráis áitiúla i dtaobh na pleanála teanga, dúirt Ó Coinn go bhfuil “easpa mhór feasachta ag leibhéal an Rialtais lárnaigh agus na hearnála poiblí maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge.”
Dúirt sé gur fhág easpa maoinithe ag na húdaráis áitiúla go raibh srian ar an tacaíocht a d’fhéadfaí a chur ar fáil ach go raibh cruinniú fiúntach ag an bhForas le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás ina bhfuil Líonraí Gaeilge ag feidhmiú agus go raibh glactha le moladh fóram a bhunú idir na príomhfheidhmeannaigh chun dea-chleachtais a roinnt lena chéile maidir leis an bpleanáil teanga.
Fág freagra ar 'Srian ar bhunú líonraí Gaeilge ó thuaidh de dheasca easpa tacaíochta –Foras na Gaeilge'