Tá imní ar Údarás na Gaeltachta gurb é an Béarla an teanga atá in uachtar i measc óige na Gaeltachta agus iad ag déanamh cumarsáide lena chéile tríd an Idirlíon. Dúirt stiúrthóir seirbhísí corparáideacha an Údaráis, Ruairí Ó Néill, leis na meáin ag ócáid faoin intleacht shaorga an tseachtain seo go bhfuil an “riosca” ann gur i mBéarla amháin atá a “saol digiteach” á chaitheamh ag déagóirí na Gaeltachta.
“Tá riosca ann ó thaobh an tsaoil dhigitigh do dhéagóirí. Is é an Béarla teanga nádúrtha na teicneolaíochta faoi láthair agus tá an-seans ann gur beag Gaeilge atá in úsáid ag an óige ar an idirlíon. Is féidir leas a bhaint as an intleacht shaorga le dul i ngleic leis an dúshlán seo,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur “ceist níos leithne” í ceist na teanga ar an idirlíon do phobal na Gaeltachta agus go dtiocfaidh sí chun cinn go mór sna deich nó cúig bliana déag atá amach romhainn.
Thug Ó Néill staitisticí faoi fhairsinge an Bhéarla ar an idirlíon i gcomparáid le mórtheangacha eile an domhain agus dúirt gur ar éigean a thabharfaí faoi deara go bhfuil an Ghaeilge ann ar chor ar bith nuair a bhreathnaítear ar an ardán idirnáisiúnta.
Mhaígh sé go bhfuil “beagnach 50%” den ábhar atá ar an Idirlíon i mBéarla agus go bhfuil an dara teanga is mó i bhfad i bhfad taobh thiar de. Níl ach 6% den Idirlíon sa Spáinnis, an dara teanga is mó úsáid ar líne. De réir an chomhlachta staitisticí Statista, tá an Ghearmáinis sa tríú háit agus 5.6% den Idirlíon sa teanga sin.
“Má táimid ag caint ar an nGaeilge ar líne, níl i gceist ach codáin fíor-fíor-fíorbheag den chéatadán fíorbheag. Tá i bhfad níos lú ná 0.1% den idirlíon ann i nGaeilge faoi láthair,” a dúirt Ó Néill.
Dúradh ag an ócáid gurb í aidhm an Údaráis glúin óg a chothú a bheadh “ag súil go nádúrtha le [uirlisí AI] a úsáid trí mheán na Gaeilge” agus go bhfuil iarrachtaí ar bun ag an eagraíocht glúin a chruthú “nach mbraithfidh teoranta ag úsáid na Gaeilge sa spás digiteach”.
“Trí ábhar a chruthú don óige ag úsáid teicneolaíochtaí giniúna intleachta saorga, tabharfar deis dóibh a n-ábhar féin a chruthú i nGaeilge agus a bheith páirteach i bhforbairt cultúir dhigitigh na Gaeilge.
“Is í an fhís seo an bunús le todhchaí ina mbeidh an Ghaeilge ina cuid lárnach de shaol digiteach na hóige, seachas a bheith ar an imeall, nó ina rogha thánaisteach,” a dúradh.
Maíodh go raibh “easpa ábhair ar ardchaighdeáin” ar fáil ar an idirlíon don óige ar leithéidí YouTube agus seirbhísí sruthaithe ach go bhféadfaí an “bhearna” sin a líonadh leis an intleacht shaorga “trí chur go mór leis an raon ábhair atá ar fáil i nGaeilge i ngach réimse den saol”.
Chomh maith le hábhar siamsaíochta a fhorbairt a d’fhreastalódh ar riachtanais óige na Gaeltachta, tá an tÚdarás den tuairim go bhféadfaí an intleacht shaorga a úsáid le “hábhar múinteoireachta agus acmhainní ranga” a fhorbairt.
Tá súil ag an eagraíocht go bhfeicfidh cainteoirí óga Gaeltachta “go mbeidh na deiseanna céanna acu mar chainteoirí Gaeilge” is atá ag cainteoirí óga mhórtheangacha an domhain.
“Beidh siad níos compordaí ag lorg seirbhísí Gaeilge ó ghrúpaí éagsúla toisc go mbeidh tuiscint acu ar na féidearthachtaí teicneolaíochtaí atá ann. Cruthófar tuiscint láidir go bhfuil an Ghaeilge ábhartha sa domhan nua intleachta saorga, agus nach mbeidh siad fágtha ar lár i dteicneolaíocht nua-aimseartha,” a dúradh.
Máire Úna Ní Bheaglaoich
” riosca”… focal gránna eile ag teacht isteach sa teanga..is ar éigean a bheidh aon Ghaelainn nádúrtha fágtha,le rudaímar sin i gcló.Tá náire orm.M
Colette
Ní leor IS (intleacht shaorga) chun an óige sna Gaeltachtaí a spreagadh chun “iompú ar an nGaeilge” agus iad ar an idirlíon. Tá dúshlán níos bunúsaí ná sin ann agus ba chóír don Údarás díriú ar an fhadhb sin freisin; mar shampla seo ceann des na conclúidí sa tuairisc “Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: an sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta” 2014
“Is lú go mór cumas na bpáistí sa Ghaeilge ná an cumas a bheadh ag cainteoir aonteangach, agus is féidir Gaeilge laghdaithe a thabhairt ar Ghaeilge na ndaltaí. Is mó an tionchar teangeolaíochta a imríonn a dteanga cheannasach, an Béarla, ar a dteanga lag, an Ghaeilge, ná an tionchar a imríonn an Ghaeilge ar a gcuid Béarla. Ó thaobh na teangeolaíochta foirmiúla de, is sa teanga is mó cumas atá acu, an Béarla, is fearr a fheidhmíonn formhór na ndaltaí.” lth 222
https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/iniuchadh-ar-an-gcumas-datheangach-1.pdf