Tá beagnach €78,000 ceadaithe ag an Aire Gaeltachta Dara Calleary le huasghrádú ar bhealaí siúil sa Ghaeltacht ó cheann ceann na tíre. Caithfear an t-airgead ar bhinsí, ar chomharthaíocht, ar chosáin agus ar nithe eile ar bhealaí siúil i nGaillimh, Dún na nGall, Ciarraí, agus Corcaigh.
Ceadaíodh €9,887 do Lúb Dhún Fearbhaí in Inis Meáin i gcontae na Gaillimhe le cláir eolais, comharthaíocht, agus binsí a fheistiú chomh maith le leibhéaladh a dhéanamh ar dhromchla an chosáin.
Ar an mórthír, i nGaeltacht Chois Fharraige agus Conamara, déanfar obair fheabhsúcháin ar an Seanbhóthar i nDúiche Sheoigheach (€10,000); ar Lúibín Mhaírois in Iorras Aithneach (€10,000); ar Shlí Chonamara (€10,000), slí shlímharcáilte a shíníodh ó chathair na Gaillimhe go dtí an Sraith Salach agus atá á hathnuachan faoi láthair; agus ar Shlí an Iarthair (€10,000), slí a shíníonn ó Uachtar Ard trí Ghaeltacht na Gaillimhe go Béal an Átha i Maigh Eo.
Tá €10,000 le caitheamh, freisin, i nGaeltacht Dhún na nGall ar Shlí na gCruach Gorm. Crochfar comharthaíocht nua agus déanfar uasghrádú ar na háiseanna atá ar an tslí ar an taobh ó thuaidh den Chloch Mhín.
Tá uasghráduithe le déanamh ar Shlí Chorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí, freisin, agus €9,867 le caitheamh ar fheabhsú cosáin ar an tslí shlímharcáilte sin a shíníonn ina lúb ó Thrá Lí timpeall Chorca Dhuibhne agus aniar arís chuig an mbaile mór. Caithfear tuilleadh airgid fós i gCorca Dhuibhne ar bhinsí nua atá le feistiú ar Shiúlóid na Cille (€1,700), cosán 4.5km a thosaíonn agus a chríochnaíonn ag Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin.
Ar deireadh, tá €6,265 le caitheamh ar chomharthaíocht bhreise, ar bhinsí, agus ar licíní QR atá le feistiú ar Lúb an Ghleanna atá lonnaithe i gCléire, an t-oileán Gaeltachta i gcontae Chorcaí.
Dúirt an tAire Calleary gur “cúis áthais” dó an maoiniú a fhógairt do na “ceantair thuaithe áille” agus go bhfuil “rún daingean” ag Roinn na Gaeltachta conairí siúil a fhorbairt agus a fheabhsú ar fud na tíre.
“Is iomaí buntáiste atá i gceist lena bheith ag siúl i gceantair thuaithe áille na hÉireann, don siúlóir agus do phobail áitiúla. Tá réimse leathan conairí ann ar fud na tíre, idir chonairí cósta agus chonairí coille agus sléibhe, a fhágann gur fusa do shiúlóirí iad féin a thumadh sa dúlra.
“Is cúis áthais dom an maoiniú seo a fhógairt chun tacú le breis feabhais a chur ar na conairí seo de chuid Scéim na Siúlóidí, ionas gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint astu,” a dúirt sé.
Ghabh an tAire Gaeltachta buíochas leis na húinéirí talún “as a dtalamh a chur ar fáil” agus leis na grúpaí pobail áitiúla a “oibríonn go díograiseach chun na conairí seo a fhorbairt agus a bhainistiú”.
Fág freagra ar '€78,000 curtha ar fáil do chosáin siúlóide sa Ghaeltacht'