Tá cead pleanála faighte ag an aisteoir Cillian Murphy agus a bhean, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, chun athchóiriú a dhéanamh ar an phictiúrlann aitheanta i mbaile an Daingin, The Phoenix.
Dúnadh doirse na pictiúrlainne ag tús na paindéime in earrach 2020 agus fógraíodh an bhliain dár gcionn nach mbeadh sí ag oscailt arís. Bunaíodh feachtas go háitiúil chun an phictiúrlann, a bhí lárnach i saol cultúrtha agus sóisialta an Daingin ar feadh na mblianta, a cheannach agus sa deireadh cheannaigh an t-aisteoir cáiliúil agus a bhean í ar phraghas nár nochtadh.
I ráiteas a d’eisigh siad ar na meáin shóisialta an tseachtain seo, dúirt siad go bhfuil blianta fada caite ag an Daingean ag fanacht ar ionad ealaíon agus go dtabharfaidh pictiúrlann an Phoenix spás don phobal le teacht le chéile anois.
“Tabharfaidh an Phoenix spás, a raibh géarghá leis, do phobal na háite inar féidir leo teacht le chéile, rudaí a chruthú agus ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr uathúil, ar oidhreacht agus ar chruthaitheacht na háite speisialta seo.”
“Tá muid ar bís faoi na deiseanna a chruthóidh an spás seo do mhuintir an Daingin agus d’ealaíontóirí na tíre i gcoitinne,” a dúirt siad.
Cheannaigh Murphy agus McGuinness an phictiúrlann in 2024 ach cuireadh moill ar an obair athchóirithe mar gur sháraigh sé orthu cead pleanála a fháil mar gheall ar achomhairc a rinne comharsana níos luaithe i mbliana.
Dúirt comharsa amháin go mbeadh an fhorbairt “rómhór” and go gcuirfeadh sé isteach ar sholas agus ar phríobháideachas. Bhí dochtúir teaghlaigh áitiúil buartha faoi chúrsaí páirceála agus rochtain d’othair a bheadh ag freastal ar ionad leighis in aice láimhe.
Dúirt duine eile a bhí in éadan na forbartha gur cheart go mbainfí úsáid as an suíomh chun tithe a thógáil in áit níos mó ionaid chultúir agus ealaíon a thógáil.
In ainneoin na n-achomharc, cheadaigh An Coimisiún Pleanála an t-iarratas agus rachaidh an próiseas ar aghaidh chuig an chéad chéim eile anois.
Tá sé i gceist ag Murphy agus McGuinness an foirgneamh atá ann cheana féin a fhágáil ann mar phictiúrlann agus síneadh a chur leis chun spás léirithe, taispeántais agus cleachtaidh a chruthú ann, chomh maith le beár, caifé, bialann, stiúideo do na healaíontóirí agus clós athdheartha.
Tá teach saoire ag muintir Murphy i gCorca Dhuibhne le blianta fada agus dúirt sé go mbíodh sé go minic sa Phoenix nuair a bhí sé ina leaid óg, mar a bhí a athair roimhe.
Osclaíodh an Phoenix ar dtús i 1919 mar phictiúrlann agus halla rince ach scriosadh an foirgneamh faoi dhó nuair a chuaigh sé trí thine i 1921 agus arís i 1938.
Cheannaigh muintir Uí Shúilleabháin an Phoenix i 1978 agus osclaíodh arís í mar phictiúrlann i 1980. Dúnadh na doirse go deireadh le linn na paindéime.
Fág freagra ar 'Cead pleanála faighte do phictiúrlann cháiliúil an Daingin faighte ag Cillian Murphy agus Yvonne McGuinness'