An bhfuil a fhios agat cé hí Ursula von der Leyen?

Ba léir in Strasbourg an tseachtain seo go bhfuil go leor leor cesiteanna casta le réiteach ag an Aontas Eorpach

An bhfuil a fhios agat cé hí Ursula von der Leyen?

Ach cé hí Ursula von der Leyen ?

Cuireadh an cheist sin ar fud na hEorpa le gairid i bpobalbhreith a rinne an eagraíocht nuachta Politico. 45% de na daoine a d’fhreagair an cheist a raibh a fhios acu cé hí von der Leyen fiú sa nGearmáin, tír dhúchais Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Rinneadh an phobalbhreith le linn na seachtaine is mó sa mbliain go mbíonn aird ar uachtarán an Choimisiúin, dar le go leor, an tseachtain go dtagann sí os comhair seisiún iomlán de Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Seachtain mhór a bhíonn inti mar go dtugann an tUachtarán léargas ar na tosaíochtaí atá le bheith ag an Aontas ar feadh bliana.

Tháinig Frau von der Leyen i láthair na bhFeisirí an tseachtain seo agus liosta le háireamh aici de na mianta a theastaíonn uaithi a chur i gcrích. Bhí liosta le háireamh aici anuraidh freisin – os cionn dhá scór beartas – agus más cóir géilleadh dóibh siúd a leanann imeachtaí an Aontais ó lá go lá níl éirithe leo ach faoi bhun a leath a chur i gcrích.

Tuigeann muid ar fad go bhfuil  sé deacair ag an Aontas Eorpach feidhmiú faoi luas mar gheall ar an líon ballstát atá ann. Tá sé fíor a rá freisin go mbíonn sé ag gluaiseacht ó ghéarchéim go géarchéim eile ina chuid iarrachtaí ceisteanna a láimhseáil. An t-athrú aeráide, loisceadh na hEorpa agus luach breosla a bhí i measc na gceisteanna ba mhó a bhí dá bplé ag feisirí in Strasbourg an tseachtain seo.

Bhí iliomad ábhar eile ag déanamh imní d’fheisirí agus d’oifigigh, ina measc caighdeán an tsicín agus na mairteola, cúrsaí tithíochta, na srianta nua ar na meáin shóisialta do dhaoine óga, an imirce mhídhleathach agus ceist na dteifeach. Bhí sin go léir á phlé agus na cainteanna ar dul ar aghaidh, go fíormhall ar fad, faoi bhuiséad an Aontais a aontú.

Ina leaba sin ar fad bhain an fógra ba mhó in óráid Uachtarán an Choimisiúin le fáilte a chur roimh Phríomh-Aire Cheanada Mark Carney. Dúirt sí go bhfuil sé i gceist glacadh le Ceanada mar bhall comhlach den Aontas Eorpach. Níl a leithéid ann go dtí seo agus ba dhíol iontais do roinnt de lucht an mhaorlathais cén fáth tabhairt faoi phróiseas leasaithe ar na conarthaí Eorpacha le slí a dhéanamh do bhallraíocht chomhlach.

Tuigeann lucht polaitíochta go mbaineann an chaint le hiarracht a chur ar a súile do Stáit Aontaithe Mheiriceá go bhfuil Ceanada agus an Eoraip ag tarraingt le chéile sa gcogadh trádála ina n-aghaidh. Mar sin féin, is fiú an cheist a chur cén fáth dul sa treo seo le Ceanada nuair atá cainteanna faoi bhallraíocht an Aontais in oirthear na mór-roinne ag gluaiseacht go mall righin.

Cén fáth nach ar na bearta faoi na meáin shóisialta do pháistí faoi thrí bliana déag, an fórsa dóiteáin leis an Aontas a chosaint ó loisceadh nó cur i bhfeidhm comhaontais imirce le dul i ngleic le himircigh mídhleathacha a chuir Ursula von der Leyen an bhéim ba mhó ina hóráid?

Mar go dtuigeann sí féin agus foireann an Choimisiúin gur deacra i bhfad a bheidh sé comhthuiscint agus comhghéilleadh a fháil i measc bhaill an aontais féin ná a bheidh sé comhoibriú breise a dhéanamh le Ceanada nach mbeadh aon ról díreach acu i bhfeidhmiú cúrsaí sa mBruiséil.

Ní hin le rá nach mbeidh dúshláin go leor fós le sárú ag an Aontas sula mbeidh an chéad óráid eile ag an Uachtarán von der Leyen an bhliain seo chugainn. Ceann de na dúshláin sin ná a chinntiú go mbeidh a fhios ag níos mó de shaaoránaigh an Aontais, cé hí féin.

Fág freagra ar 'An bhfuil a fhios agat cé hí Ursula von der Leyen?'