Bua stairiúil ag na Daonlathaigh, teip a mbeidh trácht sa stair uirthi do Trump agus na Poblachtánaigh

Agus gaisce déanta ag iarrthóirí Daonlathacha ar fud na tíre, d’éirigh leis an bpáirtí smacht a fháil ar Thithe na Comhdhála, rud a fhágann go mbeifear ábalta Donald Trump agus a chomhghuaillithe a fhiosrú

Bua stairiúil ag na Daonlathaigh, teip a mbeidh trácht sa stair uirthi do Trump agus na Poblachtánaigh

Fíoraíodh brionglóid na nDaonlathach sna toghcháin lár téarma nuair a scuab an ‘tonn ghorm’ léi seacht gcinn de shuíocháin Seanaid a raibh greim docht ag na Poblachtánaigh orthu agus os cionn 20 suíochán breise i dTeach na Ionadaithe.

Bhí bua stairiúil ag na Daonlathaigh in áiteanna móra poblachtánacha ar nós Maine, South Carolina, North Carolina, Ohio, Texas, Iowa agus Kansas, bua a thabharfaidh smacht dóibh ar Donald Trump sa dá bhliain deiridh aige sa Teach Bán.

Má bhí na Daonlathaigh caithréimeach, beidh trácht sa stair ar an stánáil a tugadh do na Poblachtánaigh ar fud na tíre agus ar an achasán a thug an pobal sna botháin vótála don Uachtarán Donald Trump.

In Texas, bhí an lá le James Talarico, an chéad Daonlathach chun suíochán Seanaid a fháil sa stát sin ó 1988.

James Talarico

94 bliain a bhí Kansas ina daingean ag iarrthóirí poblachtánacha nó gur chuir Adam Hamilton na nDaonlathach deireadh leis sin inné.

Chaill na Poblachtánaigh suíochán Seanaid in South Carolina den chéad uair le beagnach 30 bliain nuair a fuair an Dr Annie Andrews an ceann is fearr ar Darline Graham, deirfiúr le Lindsey Graham, an seanadóir agus dílseoir mór de chuid Trump a fuair bás i mbliana.

Dr Annie Andrews

In Iowa agus North Carolina toghadh Seanadóirí Daonlathacha den chéad uair ó 2008.

B’ionann farasbarr breis is 12 pointe céatadáin na nDaonlathach sa vóta náisiúnta do Theach na nIonadaithe agus an farasbarr is mó ag ceachtar den dá pháirtí i dtoghchán Comhdhála le 50 bliain.

Agus Poblachtánaigh ag iarraidh ciall a dhéanamh dá mbris, bhí an chuma ar an scéal gur sólás don Uachtarán Trump nach raibh sé féin ar an bpáipéar ballóide.

“Ní raibh mise ar an mBallóid agus dá mbeadh bheadh an bua faighte againn agus OLLBHUA!” a dúirt Trump.

Roimh na toghcháin d’achainigh an Trump go minic ar an bpobal a vótaí a chaitheamh amhail is go raibh sé féin ar an bpáipéar ballóide.

Rinne iarrthóirí Daonlathacha gaiscí stairiúla ar fud na tíre.

In Georgia, toghadh ina gobharnóir Keisha Lance Bottoms, an chéad bhean dhubh a toghadh ina ghobharnóir i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Roimhe seo, níor toghadh riamh ach triúr den chine dubh ina ngobharnóirí, triúr fear ón bPáirtí Daonlathach.

Keisha Lance Bottoms

Rinne Abdul El-Sayed, dochtúir agus forásaí ar an eite chlé, an beart in Michigan, rud a d’fhág go mbeidh sé ar an gcéad Mhoslamach sa Seanad riamh.

Abdul El-Sayed

In Texas bhí Gina Hinojosa ar an gcéad iarrthóir Daonlathach ar éirigh leo i dtoghchán stáit le 30 bliain anuas agus is í an chéad ghobharnóir Laidineach ansin.

Gina Hinojosa

In New Hampshire d’éirigh le Chris Pappas suíochán Seanaid a fháil agus is é an chéad Seanadóir a toghadh riamh a dúirt go poiblí raibh sé aerach.

Chris Pappas

Agus smacht acu ar Theach na nIonadaithe agus ar an Seanad, beidh ceannairí comhdhála an Pháirtí Daonlathaigh in ann Donald Trump agus a chomhghuaillithe a fhiosrú.

“Bíodh bhur ndlíodóirí faoi réir agaibh [‘lawyer up’] an chomhairle do Trump a bhí ag Robert Garcia, a bheidh ina cheann ar choiste maoirseachta Theach na nIonadaithe.

Gheall Garcia cheana go bhfiosrófaí na líomhaintí faoin gcaimiléireacht atá déanta in aghaidh Trump agus a chlann, chomh maith le scannal na gComhad Epstein, ról Elon Musk sa sceanairt a deineadh ar an earnáil phoiblí agus iompar ICE, an ghníomhaireacht forfheidhmiúcháin custam agus inimirce.

Fág freagra ar 'Bua stairiúil ag na Daonlathaigh, teip a mbeidh trácht sa stair uirthi do Trump agus na Poblachtánaigh'