‘Shanty towns’ taobh amuigh den Daingean mar gheall ar an ngéarchéim thithíochta

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné go bhfuil daoine óga atá ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht nó filleadh uirthi ‘á gcoinneáil amach as an margadh tithíochta’

‘Shanty towns’ taobh amuigh den Daingean mar gheall ar an ngéarchéim thithíochta

Tuairiscíodh le linn taighde a rinneadh faoin ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht go raibh bailte seantán (‘shanty towns’) i ngarraithe taobh amuigh den Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, inné, dúirt an Dr Ann Nolan, ollamh cúnta le polasaí sóisialta i gColáiste na Tríonóide, gur thug fostóirí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne tuairiscí go raibh “irregular shanty town accommodation” lonnaithe taobh amuigh den bhaile Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta dá bhfostaithe sa cheantar.

“Thug fostóirí tuairiscí ar chóiríocht neamhrialta baile seantán, nach raibh uisce ná córas cuí séarachais inti, i ngoirt taobh amuigh de bhaile an Daingin,” a dúirt Nolan le baill an Chomhchoiste Oireachtais ag an gcruinniú inné.

Dúirt sí gur mithid an cheist a chur cé acu an féidir nó nach féidir “i bhfírinne” na spriocanna atá luaite sa Ráiteas Náisiúnta Pleanála a bhaint amach. Dúirt sí gur léiríodh sa staidéar a rinneadh ar Chorca Dhuibhne go bhfuil daoine óga atá ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht nó filleadh uirthi “á gcoinneáil amach as an margadh tithíochta” sa cheantar.

“Tarraingítear ceisteanna bunúsacha anuas inár gcás samplach faoin bhféidearthacht atá ann príomhsprioc an Ráitis Náisiúnta Pleanála a bhaint amach.

“Cén chaoi ar féidir le cainteoirí Gaeilge a bhfuil ceangal láidir acu le ceantar, mar a shainítear sa Ráiteas, fanacht sa Ghaeltacht, filleadh ar an nGaeltacht, nó aistriú idir ceantair Ghaeltachta mura bhfuil an t-ioncam atá ar fáil ón ngeilleagar áitiúil in ann teach cónaithe buan ná ar cíos a fháil?” a d’fhiafraigh Nolan den choiste.

Ba iad na tithe saoire agus tithe Airbnb an t-údar imní is mó do na pobail Ghaeltachta a ghlac páirt sa staidéar a rinneadh i gcaitheamh an tsamhraidh. Rinne Nolan agus a foireann “cuardach arís agus arís eile” ar na suíomhanna Idirlín Daft.ie agus Airbnb.com agus ní bhfuarthas oiread is teach amháin ar fáil ar cíos fadtéarmach le linn na tréimhse sin.

“Ní raibh aon teach ar cíos fadtéarmach ar fáil ar chor ar bith i nGaeltacht Chiarraí Thiar le linn na tréimhse sin, ach bhí os cionn míle áit ar fáil go gearrthéarmach ar Airbnb i gCorca Dhuibhne,” a dúirt sí.

Moltar don rialtas sa tuarascáil taighde, a foilsíodh an mhí seo caite airgead a chur i leataobh ó Bhuiséad 2027 le tithíocht shóisialta agus tithíochta inacmhainne a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta “go práinneach”.

Mhaígh an Dr Nolan go raibh ceisteanna móra le cur faoi earnáil na turasóireachta sa Ghaeltacht agus na pleananna atá ann faoi láthair an earnáil sin a mhéadú.

“D’fhéadfadh na moltaí atá ann an turasóireacht a mhéadú sa Ghaeltacht, gan bearta a bheith i bhfeidhm le tacú le riachtanais tithíochta an daonra bhuain ar cainteoirí Gaeilge iad, an lasair a chur sa bharrach,” a dúirt sí.

Dúirt sí go gcaithfidh Rialtas na hÉireann glacadh le Gníomh Tithíochta Inacmhainne Choimisiún an Aontais Eorpaigh chomh luath agus is féidir agus “an bealach a réiteach leis an nGaeltacht a shainiú mar cheantar atá faoi bhrú tromchúiseach tithíochta” faoin Acht sin.

Mhaígh sí go raibh géarghá le freagra ón rialtas a bheadh “spriocdhírithe” agus comhordaithe” idir na Ranna Rialtais ar fad ar an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht, agus go raibh na polasaithe éagsúla atá ag ranna éagsúla ag teacht salach ar a chéile faoi láthair.

“Tá scoilt, roinnt, agus scaradh mór i gceist le polasaí [an Stáit]. Tá cuir chuige ar leith ann don Ghaeilge, don tithíocht inacmhainne, don phróiseas pleanála, don turasóireacht, don gheilleagar áitiúil, agus do thithe saoire agus cíos gearrthéarmach. Níl [na polasaithe] ag baint na spriocanna amach.

“Is fadhbanna iad seo atá nasctha le chéile agus tá réitigh atá nasctha le chéile ag teastáil má tá daoine le fanacht sa Ghaeltacht nó filleadh uirthi agus a gclann a thógáil ansin, mar atá luaite mar sprioc sa Ráiteas Náisiúnta Pleanála,” a dúirt sí.

Fág freagra ar '‘Shanty towns’ taobh amuigh den Daingean mar gheall ar an ngéarchéim thithíochta'