Níl aon am le spáráil – an cúigear íospartach nár frítheadh a dtaisí fós

Tá gaolta na ‘Disappeared’ ag impí ar éinne a bhfuil oiread na fríde d’eolas acu an t-eolas sin a roinnt leis na húdaráis nó le duine iontaofa eile

Níl aon am le spáráil – an cúigear íospartach nár frítheadh a dtaisí fós

Dé Luain seo caite, Lá na Marbh, den 20ú bliain as a chéile leag buíon íobartach bláthfhleasc dhubh ag céimeanna Theach na Parlaiminte in Stormont. Bhí cúig lile bhána sa bhfleasc i gcuimhne ar chúigear nár frítheadh a dtaisí ariamh ó d’fhuadaigh agus mharaigh paraimíleataigh iad. Tá gaolta an chúigir ag impí ar éinne a bhfuil oiread na fríde d’eolas acu faoi cár cuireadh na taisí an fhaisnéis sin a roinnt leis na húdaráis nó le duine iontaofa eile.

Bhí ceathrar den chúigear i measc na ‘Disappeared’ mar a thugtar orthu. Ba iad sin Joe Lynskey, Columba McVeigh, Robert Nairac agus Seamus Maguire. D’fhuadaigh an tIRA iad le linn na dTrioblóidí, mharaigh iad agus chuir a gcoirp i bhfolach i bportaigh nó coillte ar an gcúlráid gan deasghnáth, leacht ná fógra báis.

Níor admhaíodh a marú ar feadh na mblianta agus fágadh a muintir gan tásc ná tuairisc orthu.

I 1999 d’admhaigh an tIRA marú deichniúir agus tugadh an cúram do Choimisiún trasteorann, an Coimisiún Neamhspleách um Aimsiú Thaisí na nÍospartach (an ICLVR) chun eolas a bhailiú gan baol cúisimh -chun na taisí a thabhairt ar ais dá muintir. In imeacht ama cuireadh ainmneacha seachtar eile leis an liosta. Go dtí seo frítheadh 13 corp ach tá teipthe ar iliomad cuardach a theacht ar cheathrar.

Sí Lisa Dorrian an cúigiú íospartach. Cuirtear an milleán ar dhílseoir as í a mharú in 2005, a muintir i mbun feachtais ó shin ag iarraidh a taisí a fháil ar ais. Ba as Beannchor i gContae an Dúin í, bhí sí 25 bliain d’aois, chuaigh sí ag cóisir i bpáirc charbhán ar an 28 Feabhra agus níor facthas í arís. Ó tharla gur maraíodh í tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta in Aibreán 1998, tá a cás lasmuigh de théarmaí tagartha an ICLVR ach tacaíonn gaolta na ndaoine eile atá ar iarraidh lena muintir.

Déanann an grúpa a bhfuil a muintir fós ar iarraidh an tsiúlóid ó dhealbh Carson chuig doirse Stormont gach bliain chun aird a tharraingt ar a gcruachás. Siúlann go leor den mhuintir ar frítheadh taisí a ngaolta in éindí leo, tuiscint mhaith acu ar a gcrá croí. Ní ribín réidh é misneach a choinneáil bliain i ndiaidh bliana, go háirithe nuair a theipeann ar chuardaigh.

Cheap muintir Joe Lynskey arú anuraidh go raibh a thaisí faighte i reilig i gcontae Mhuineacháin agus ba mhór an buille é an t-eolas gur thaisí duine eile a bhí san uaigh. Ba é sin an dara cuardach don iarmhanach Cistéirseach as iarthar Bhéal Feirste. Fuadaíodh agus maraíodh é i 1972 de bharr caidreamh le bean chéile ball eile den IRA, deirtear; ba é Joe Lynskey an chéad duine díobh sin a fuadaíodh.

Bhí Columba McVeigh 19 bliain d’aois nuair a fuadaíodh é oíche Shamhna 1975. Is iomaí cuardach atá déanta i bportach agus riasc sa Bhragán i gcontae Mhuineacháin bunaithe ar eolas a fuair an Coimisiún arís agus arís. Theip orthu go léir, an ceann is deireanaí an t-am seo anuraidh.

Saighdiúir in Arm na Breataine ab ea Robert Nairac. Bhí sé 29 bliain d’aois nuair a fuadaíodh agus maraíodh é i gcontae Ard Mhacha in 1977. Níor frítheadh a thaisí nuair a rinneadh cuardach in 2024 i gceantar ar theorainn Lú agus Ard Mhacha.

Is i mí Feabhra 2022 a d’fhógair an Coimisiún um Aimsiú Thaisí na nÍospartach go raibh Séamus Maguire á chur ar liosta na Disappeared. Ba as Achadh Gallan in aice leis An Lorgain é. Bhí sé 29 bliain d’aois nuair a fuadaíodh agus maraíodh é i 1976. Cuireadh tús le cuardach i nDoire Cluana gar d’Achadh Gallan sa Bhealtaine i mbliana. Bhí príomhimscrúdaitheoir an Choimisiúin, an t-iarGharda Eamonn Henry ar an tsiúlóid Dé Luain.

Chruthaigh an Coimisiún an-mhaith ó bunaíodh é i 1999 agus tá ardmheas ag gaolta na marbh air. D’ainneoin na gcuardach in aisce tá dóchas ag teaghlaigh i gcónaí gur féidir blúire beag eolais sa bhreis a fháil ionas gur féidir a theacht ar thaisí agus iad a adhlacadh mar is mian leo. Ní cabhair é imeacht na mblianta, áfach, na daoine a raibh an t-eolas acu ag dul in aois agus cuimhne éirithe bearnach. Is fiú a mheabhrú dóibh, áfach, go bhfuil saoirse ó chúiseamh acu  – agus ó fhiosrú fiú – maidir le faisnéis ar bith a thugann siad.

Is minic a chluintear “tá sé de cheart ag gach duine comóradh a dhéanamh ar na mairbh” mar chosaint ar shearmanais chonspóideacha i gcuimhne ar pharaimíleataigh. Nár dheas dá dtabharfadh na hiarpharaimíleataigh an deis chéanna dóibh sin atá ag fanacht leathchéad bliain nó níos mó le taisí a ngaolta a fháil. Níl am le spáráil: seans nach bhfuil de dhíth ach an giota beag bídeach deiridh de na míreanna mearaí.

Fág freagra ar 'Níl aon am le spáráil – an cúigear íospartach nár frítheadh a dtaisí fós'