Tá an chuma ar an scéal gur ceannaire ar leathchois a bheidh i Donald Trump sa dá bhliain deiridh atá fágtha aige sa Teach Bán agus stánáil tugtha don Pháirtí Poblachtánach i dtoghcháin lár téarma Stáit Aontaithe Mheiriceá.
De réir mar a tháinig torthaí na dtoghchán isteach aréir, ba léir go mbeadh an Páirtí Poblachtánach faoi uisce ag an ‘Maidhm Ghorm’ agus go bhfaigheadh an Páirtí Daonlathach smacht ar Theach na nIonadaithe agus ar an Seanad.
Luath go maith bhí sé soiléir go mbeadh Teach na nIonadaithe agus go mbeadh i bhfad níos mó suíochán acu ná an 218 ceann a theastaíonn do mhóramh. Ba léir tar éis tamaill gur ag na Daonlathaigh a bheadh an svae sa Seanad chomh maith.
Bhí an Páirtí Daonlathach chun cinn i mbeagnach gach stát is tábhachtaí ó thaobh cé acu páirtí a gheobhaidh ceannas ar an Seanad, stáit amhail North Carolina, South Carolina agus Ohio, áit ar éirigh leo suíocháin a bhuachan ó na Poblachtánaigh.
In Texas, sa toghchán ba mhó sa tír a raibh aird air, d’éirigh le James Talarico greim a fháil ar shuíochán Seanaid do na Daonlathaigh den chéad uair ó 1988.
In Kansas d’éirigh le Adam Hamilton suíochán a fháil do na Daonlathaigh, an chéad uair acu greim a fháil ar shuíochán seanaid ansin ó 1932.
Bhuaigh na Daonlathaigh go leor suíochán ó na Poblachtánaigh chomh maith i dtoghchán Theach na nIonadaithe agus an lá leo i stáit amhail Pennsylvania, Kentucky, New Jersey agus North Carolina.
Chuaigh na milliúin duine go dtí na botháin vótála inné chun ionadaithe a thoghadh chuig Tithe na Comhdhála agus a mbreithiúnas a thabhairt ar an uachtarán is lú a bhfuil gean ag an bpobal air le 80 bliain.
Roimh na toghcháin lár téarma, d’achainigh an tUachtarán Donald Trump ar an bpobal a vótaí a chaitheamh amhail is go raibh sé féin ar an bpáipéar ballóide agus tugadh teachtaireacht shoiléir dó.
D’fhéadfadh sé a bheith an-chrua ar an Uachtarán aon dlí a rith tríd an gComhdháil as seo go dtí deireadh a théarma.
Meastar go gcuirfidh na Daonlathaigh buarach ar an Uachtarán is a chuid scéimeanna sa dá bhliain atá fágtha aige sa Teach Bán.
Cuirfidh an ‘Mhaidhm Ghorm’, ar gaire do ‘Súnamaí Gorm’ í, tús chomh maith le hiomaíocht ghéar chomharbais agus cinneadh le déanamh ag an dá pháirtí faoina n-iarrthóirí do thoghchán na huachtaránachta in 2028.
Le dhá bhliain anuas, is beag nach raibh cead a chinn ag Trump lena chumhacht feidhmiúcháin agus d’éirigh leis a chiontú in dhá tháinseamh a sheachaint a bhuíochas don tromlach a bhí ag a pháirtí in dhá theach na Comhdhála.
Ach d’fhéadfadh gurb iad na toghcháin inné an tús le deireadh ré an Trumpaigh.
Ba iad na ceisteanna is mó a tharraing caint i rith an fheachtais seo an eacnamaíocht, an costas maireachtála, dindiúir Trump, an inimirce, an cogadh san Iaráin agus an imní faoin intleacht shaorga.
Bhí rogha le déanamh faoi gach uile cheann den 435 suíochán i dTeach na nIonadaithe inné chomh maith leis an tríú cuid den 100 suíochán atá sa Seanad. Bhí cual feidhmeannach eile le toghadh ag leibhéal na stát freisin.
Dúirt Donald Trump “gur cinnte gur ghlac sé le torthaí na dtoghchán” agus go raibh sé sásta comhoibriú le Daonlathaigh. “Éireoidh linn socrú éigin a dhéanamh,” ar sé.
Bhí ina imní go ndéanfaidh an tUachtarán iarracht cur isteach ar thorthaí an toghcháin, mar is iad na stáit féin a ritheann na toghcháin.
D’ainneoin nár chuir sé aon fhianaise ar fáil fós, nós é ag an Uachtarán Trump a bheith ag caitheamh amhrais ar bhailíocht thorthaí toghcháin agus ag áitiú go mbíonn séitéireacht nó camastaíl bhallóide ar bun.
Fág freagra ar 'Trump agus na Poblachtánaigh faoi uisce ag ‘Súnámaí Gorm’ na nDaonlathach i dtoghcháin lár téarma'