Ón bhFrainc go dtí an tSeirbia, tá an t-aos óg i gcoinne na sean

In Éirinn bíonn an t-aos óg ag gearán, is iad ina suí ar an taobhlíne, ag gearán leo féin agus gan aon rud á dhéanamh acu

Ón bhFrainc go dtí an tSeirbia, tá an t-aos óg i gcoinne na sean

Tugaim faoi deara go bhfuil scéal úr ag na meáin maidir le coimhlintí sóisialta. Ní coimhlintí aicmeacha atá iontu, dar leis an míniú coiteann, ach coimhlintí aoise.

Deirtear go bhfuil polasaithe an rialtais – in Éirinn agus thar lear – dírithe ar leas na sean is go bhfuil an t-aos óg thíos leis sin.

Sé sin, níl an milleán ar an rialtas toisc nach ngearrann siad dóthain cánach ar dhaoine saibhre le tithe a thógáil a chuirfeadh deireadh leis an ngéarchéim thithíochta. Tá an milleán ar an aos sean toisc go bhfuil pinsin rómhóra acu.

Is é sin le rá arís: níl géarchéim ann toisc go bhfuil polasaithe an rialtais dírithe ar bhrabús a chinntiú do lucht tógála is lucht airgid, ach toisc go bhfuil saol rómhaith ag seandaoine.

An réiteach mar sin: na brabúis a choinneáil ach na pinsin a ísliú!

Seafóid, ar ndóigh.

Ach tá an t-aos óg ar buile. Agus tá siad ar buile ar fud na hEorpa, is cosúil.

In Éirinn tá tacaíocht do Shinn Féin i measc daoine faoi bhun 24 ag 44%, i gcomparáid le 16% don dá pháirtí rialtais le chéile. San aoisghrúpa idir 24 agus 34 tacaíonn 34% le Sinn Féin, agus 22% ag Fianna Fáil agus Fine Gael.

Ar ndóigh, ní vótálann an céatadán céanna daoine óga is a vótálann seandaoine in Éirinn. Go deimhin in Éirinn bíonn an t-aos óg ag gearán, ach bíonn siad béasach freisin, is iad ina suí ar an taobhlíne, ag gearán leo féin ach gan aon rud á dhéanamh acu.

Ach sa bhFrainc, tá an t-aos óg ar buile, sea, ach tá siad gníomhach ag iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi. Tá a míshástacht á cur in iúl le hagóidí, le círéibeacha agus le dúshlán oscailte don státchóras.

Sé an rud a threisíonn an dúshlán seo ná gur éirigh leis na daltaí scoile a gcás a nascadh le gearáin na n-oibrithe. Ní léir cén toradh sa deireadh a bheas air seo, ach is cosúil go bhfuil an lár polaitiúil scriosta agus go mbeidh sé ina throid idir an eite fhíorchlé agus an eite dheis i bhfad amach, an Rassemblement National.

Agus troid eatarthu ar na sráideanna, b’fhéidir.

Níl an Fhrainc léi féin. Tá agóidí is fearg le feiceáil freisin sa mBeilg, san Iodáil, san Albáin, agus thar aon áit eile, sa tSeirbia. Ansin, d’éirigh le Liosta na Mac Léinn an rialtas a chur as oifig le móramh substaintiúil.

Rialtas báúil leis an Rúis ab ea rialtas Vucic sa tSeirbia, agus ghlac tráchtairí an Aontais Eorpaigh leis an toradh go fonnmhar ag ceapadh go raibh an tSeirbia ag tréigean neamhspleáchais is ag éirí níos báúla leis an AE.

Mo léan, níl sé chomh simplí sin. Dúirt Jovo Bakić ó Liosta na Mac Léinn a bhuaigh sa toghchán nach gcuirfidh rialtas nua na Seirbia smachtbhannaí ar an Rúis. “Tá meas againn ar an Rúis mar mhórchumhacht agus mar chomhpháirtí atá tábhachtach dúinn go stairiúil, agus i go leor cásanna fiú mar chosantóir againn. Ní bheidh aon athruithe ann.”

Go deimhin, níor éirigh go maith leis an t-aon pháirtí atá go hiomlán ar son an AE, Páirtí na Seirbia Eorpaí de chuid Marinika Tepić, ach aon faoin gcéad de na vótaí a fháil: teip iomlán.

Ach, ar ndóigh, ní bhacann lucht molta an AE le fíricí ná leis an fhírinne.

Ar an taobh eile, cé gur Liosta Mac Leinn é, níl aon mhic léinn i measc na ndaoine a toghadh ar an liosta. Is ollúna is tráchtairi iad atá roghnaithe le labhairt ar son na mac léinn.

Ag cur leis an éiginnteacht, nil aon dearcadh cinnte fealsúnachta ag an Liosta – cuid acu ar chlé agus cuid eile ar dheis. Tá a fhios acu céard é a bhfuil siad ina choinne, ach níl a fhios acu céard go díreach a bhfuil siad ar a shon.

Fágann sé sin go bhfuil an ghluaiseacht oscailte d’ionramháil ón taobh amuigh, is tá scáth na Bruiséile le feiceáil sa mhéad sin.

Dála an scéil is fiú a rá gur éirigh Vucic as nuair a chaill sé an toghchán, mar a d’éirigh Viktor Orban as nuair a chaill seisean san Ungáir.

Cuir i gcomparáid a tharla sa Rómáin: cuireadh an toghchán ar ceal nuair a chaill fear an AE, cuireadh cosc ar an té a bhuaigh, agus cuireadh i bpríosún é. Daonlathas na hEorpa!

Mar a dúirt mé, in Éirinn, go fóill ar aon chuma, tá an t-aos óg ag fanacht ciúin, ach má fhásann spiorad an réabhlóideachais ar fud na hEorpa, an féidir a bheith cinnte go bhfanfaidh siad umhal is séimh?

 

Fág freagra ar 'Ón bhFrainc go dtí an tSeirbia, tá an t-aos óg i gcoinne na sean'