Easpa dúshláin ón eite chlé in ainneoin na ngéarchéimeanna éagsúla

Is é an rud is suntasaí faoi na seacht suirbhé dhéag a foilsíodh sna meáin i mbliana ná chomh comhsheasmhach is atá siad

Easpa dúshláin ón eite chlé in ainneoin na ngéarchéimeanna éagsúla

Tá contrárthacht mhór i gcroílár pholaitíocht na hÉireann. Léiríonn pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe míshástacht mhór leis an rialtas agus imní ar vótálaithe faoin teip dul i ngleic leis na géarchéimeanna sa tithíocht agus sa gcostas maireachtála.

Ach léiríonn pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe freisin go bhfuil ar a laghad seans chomh maith céanna ag páirtithe an rialtais – is cuma cé chomh míshásta is atá an pobal leo – an chéad toghchán eile a bhuachan agus atá ag an bhfreasúra ar an eite chlé, agus b’fhéidir seans níos fearr.

Go deimhin, is é an rud is suntasaí faoi na seacht suirbhé dhéag a foilsíodh sna meáin phríomhshrutha i mbliana ná chomh comhsheasmhach is atá siad. Is í an mheántacaíocht a léirítear d’Fhianna Fáil/Fine Gael/Neamhspleáigh le chéile – comhrialtas an rialtais reatha – ná 46.5%, uaireanta faoina bhun sin ach níos minice os a chionn.

Nuair a chuirtear an tacaíocht don eite chlé le chéile – más féidir le páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas a ndoicheall roimh Shinn Féin a chur ar leataobh – is ionann í agus 41.3%, agus an chuid eile den tacaíocht á léiriú d’Aontú agus Independent Ireland.

Plus ça change, plus c’est la même chose (Dá mhéad a athraíonn scéal, is ea is mó a fhanann sé mar an gcéanna). In ainneoin na ngéarchéimeanna éagsúla a bhuaileann muid, léiríonn na pobalbhreitheanna nach mbíonn ach athruithe beaga ar an leibhéal tacaíochta do na páirtithe.

I sé cinn de na seacht bpobalbhreith déag tá sé le léamh go soiléir uathu go mbeadh an bua ag an rialtas reatha. Ach sna cinn eile tá cothromaíocht na cumhachta ag Aontú is Independent Ireland.

Cé go bhfuil nimh ghéar idir Aontú is Sinn Féin – rud a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn scoilt i bpáirtí – níl an oiread sin difir idir polasaithe na bpáirtithe sin seachas ar cheist an ghinmhillte is cearta ban.

I gcás Independent Ireland tá a gcuid fréamhacha le Fianna Fáil, is ní fheicim go mbeidh aon deacracht acu socrú a dhéanamh leis an bpáirtí sin. Feictear dom freisin go dtagann bunfhealsúnacht an pháirtí sin salach ar aon socrú leis an eite chlé.

Ach, nuair a scrúdaítear na sonraí níos géire, is é a thaispeántar go bhfuil ceannas suntasach ag Sinn Féin i measc vótálaithe níos óige. I suirbhé Ipsos a foilsíodh ar an 24 Meán Fómhair, bhí 44% den tacaíocht ag Sinn Féin i measc an aoisghrúpa 18-24 (i gcomparáid le 16% ag Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile); agus 34% i measc an aoisghrúpa 25-34.

Go deimhin, is i measc na ndaoine os cionn 65 bliana amháin nach dtagann Sinn Féin sa chéad áit.

Is í an fhadhb atá ann, áfach, go vótálann na haoisghrúpaí is óige sin níos lú ná a vótálann na cohóirt níos sine.

Cén breithiúnas is féidir a dhéanamh air sin?

Ceapaim, má tá an eite chlé le buachan agus rialtas gan FF nó FG a chur le chéile tá feachtas faoi leith ag teastáil le daoine óga a mhealladh chun vótála. Ar ndóigh is iadsan an dream is measa atá buailte ag géarchéim na tithíochta, ach cé go ndeir siad go dtacaíonn siad le Sinn Féin ní chuireann siad de stró orthu féin beart a dhéanamh den dearcadh sin.

Ceapaim go mbaineann an chodarsnacht seo leis an éiginnteacht maidir le polasaithe Shinn Féin. Ní fada ó shin, nuair a bhí an dul chun cinn is mó á dhéanamh ag an bpáirtí, bhíodar á lua le hathchóiriú iomlán ar an gcóras polatiúil is eacnamaíochta.

Ach anois tá Piaras Ó Dochartaigh féin, duine de na hurlabhraithe is fearr dá bhfuil acu, ag iarraidh lucht gnó a chur ar a suaimhneas ag rá go nglacann an páirtí leis an múnla eacnamaíoch reatha.

Má tá an t-aos óg ag iarraidh rud éigin éagsúil cén mhaith a beith á thabhairt le fios nach mbeadh aon bhun-athrú ann?

Feictear dom go bhfuil an páirtí ag iarraidh gan olc a chur ar an Irish Times, ná ar mheáin eile na bunaíochta. Ach i ndáiríre ní mhaithfidh an Bhunaíocht riamh dóibh athaontú na tíre a bhrú chomh diongbháilte sin.

Agus ar ndóigh, in ainneoin go ndeir an páirtí anois gur ar son an Aontais Eorpaigh atá siad agus ag tacú le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [ECAT] i gcogadh na hÚcráine, ní dhéanann sé aon difear don Bhunaíocht, ach laghdaíonn sé uaillmhian na ndaoine óga a bhfuil fíor-athchóiriú polaitiúil ag teastáil uathu.

Fág freagra ar 'Easpa dúshláin ón eite chlé in ainneoin na ngéarchéimeanna éagsúla'