In aerfort Barajas in Madrid na Spáinne, ag tarraingt ar thrí bliana ó shin anois agus mé ag aistriú mo chuid stuif anall as an mBrasaíl chun na hEorpa d’fhonn aire a thabhairt do mo mháthair, a bhí i gcaibidil dheireanach a saoil, chonaic mé dornálaí agus corn ar dhath an airgid ina ghlac.
Bhí mé cinnte gur dornálaí a bhí ann toisc go raibh ceann dá shúile ataithe go tiubh, agus bhí cruth dhá lámhainní dornálaíochta ar an gcorn.
Gradam a bhí buaite aige i gcomórtas éigin, ba léir.
Ach ní raibh cuma lúcháireach ar an bhfear bocht ar chor ar bith. A mhalairt: bhí sé ag tarraingt na gcos go tuisleach timpeall an aerfoirt, go hiomlán leis féin, dath dubh ar shúil amháin agus splanc ná loinnir sa cheann eile, greim an fhir bháite ar an gcorn sin aige. Shílfeá nár bhain sé leis an saol seo ar chor ar bith a thuilleadh ach le saol eile.
Ar feadh nach mór trí bliana ina dhiaidh sin, lean an dornálaí sin dá sheachrán timpeall aerfort Barajas – i m’aigne-se.
Shíl mé go ndéanfadh sé carachtar den scoth i ngearrscéal: duine a bhí tar éis éacht a dhéanamh ach a mhothaigh amhail is go raibh gach a raibh aige sa saol caillte aige.
Thagadh sé aníos i mo chuid smaointe, ag súil go scríobhfainn an gearrscéal sin, cá bhfios, agus d’imíodh leis arís nuair nach gcuirinn peann le páipéar. Ach ansin, mí nó dhó níos déanaí, ba é sin chugam arís é, ag stámhailleach go stadach ó cheann ceann mo chloiginn, greim an fhir bháite ar an gcorn sin aige. Agus bhraithinn ciontach, amhail nach eisean amháin a bhí á ligean síos agam, ach go raibh mé do mo ligean féin síos, mar scríbhneoir.
Bhí íomhá láidir agam, agus blúire de charachtar. Ach ní raibh scéal agam.
Coicís ó shin, chuir col seisir de mo chuid amhrán chugam trí Spotify, traic i bhFionlainnis leis an amhránaí mná Jippu.
Cá bhfuil tú ag dul ar chor ar bith leis an gcolún seo a déarfaidh tú leat féin anois, ach fan liom.
Is féidir na focail Fhionlainnise atá ar eolas agam a chomhaireamh ar lámh amháin, ach Fionlannach í máthair mo chol seisir, agus nuair a d’fhiafraigh mé de mo chol seisir cén bhrí a bhí le teideal an amhráin sin chuir sí téacs chugam:
‘Seo chugat ceacht Fionlainnise an lae inniu. Kuka = cé. Teki = rinne. Minusta = díom. Tän = seo. Naisen = bean. Aire: go leor tuiseal in úsáid!!’
Kuka teki minusta tän naisen? Cé a rinne an bhean seo díom?
Bean dhrámatúil go maith í an bhean san amhráin sin, a bhíonn ‘ag screadaíl ar staighrí an bhloic árasán in ard a cinn’ más fíor do mo chol seisir agus a bhíonn ‘ag díol a cuid laigí féin amuigh ar an tsráid’, pé brí atá leis sin) i rainn éagsúla an amhráin.
Ach ba é an curfá a d’fhan liom, go háirithe toisc go gcanann an t-amhránaí an abairt úd, ‘cé a rinne díom an bhean seo?’, arís is arís eile.
Éistphéist cheart atá san amhrán sin agus mar bharr ar an donas b’iúd chugam arís é siúd, ag timthriall go guagach i m’aigne, fear Barajas agus a chorn ar dhath an airgid.
Ach ansin bhí sé agam.
An bealach isteach i scéal an dornálaí.
Struchtúr a bhí ag teastáil ón bhfear sin san aerfort, struchtúr a chabhródh leis a scéal a insint. Struchtúr ‘ceist agus freagra’, mar atá in úsáid san amhrán sin ón bhFionlainn.
Tuigim anois gur ‘Cé a rinne díom an fear seo?’ an cheist a bhí ag dul timpeall is timpeall in aigne mo charachtair in Barajas agus é ag stánadh amach roimhe trína leathshúil gan loinnir.
Nuair a thosaigh mé ag freagairt na ceiste sin dó ar pháipéar, tháinig an scéal.
Uaireanta ní leor túsphointe amháin chun scéal a scríobh agus bíonn an dara spreagadh uait, mar a bheadh dhá bhreochloch a bhuailfeá in aghaidh a chéile chun tine a lasadh.
Fág freagra ar 'An dornálaí agus an fear a bhí ar thóir scéil'