Tá súil ag Údarás na Gaeltachta caighdeán na fostaíochta sa Ghaeltacht “a ardú” lena straitéis cúig bliana nua a seoladh ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne tráthnóna.
Dúradh go raibh sé mar aidhm ag Straitéis Údarás na Gaeltachta 2026-2030 ceannaireacht a chothú i measc na n-óg agus pobal na Gaeltachta a neartú.
Dúradh go ndíreodh an straitéis nua “ar chaighdeán” an beagnach 10,000 post a dtacaíonn an tÚdarás leo. Táthar ag súil lena chinntiú go bhfuil na poist sin ag teacht “le scileanna phobal na Gaeltachta”.
Dúradh go mbeadh “béim ar leith” ar tháirgiúlacht na gcomhlachtaí Gaeltachta lena chinntiú “go mbeidh teacht aniar iontu agus go mbeidh siad seasmhach i ndomhan atá de shíor ag athrú”.
Díreoidh an straitéis, a dúradh, ar “earnálacha a bhfuil fás i ndán dóibh” amhail an fuinneamh in-athnuaite, earnáil na teanga agus earnáil na teicneolaíochat agus taighde.
Táthar ag súil go mbeidh 70% de na háiteanna i moil dhigiteacha na Gaeltachta lán de thoradh na straitéise agus cuirfear tacaíocht ar fáil do 50 printíseach in aghaidh na bliana. Táthar ag súil chomh maith moil seirbhísí na hearnála poiblí a fhorbairt sa nGaeltacht agus oiliúint sa Ghaeilge a chur ar fáil do 7,500 duine.
Mar chuid den straitéis tá an Ghaeltacht ainmnithe mar ‘Limistéir Nuálaíochta Náisiúnta’ agus gealltar go gcuirfear polasaithe náisiúnta i bhfeidhm ar bhonn “píolótach” chun go mbeadh an Ghaeltacht “ar cheann de na háiteanna is nuálaí in Éirinn”.
Dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, a sheol an straitéis gur “sampla den scoth” é Campas Íosagáin i mBaile Bhuirne “den mhéid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn gníomhaireachtaí an Stáit as lámha a chéile”.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, gurb é “croí” na straitéise nua “líon na ndeiseanna cainte Gaeilge a mhéadú agus cur le hinmharthanacht na bpobal Gaeltachta”.
“Ní féidir todhchaí na Gaeilge a scaradh ó thodhchaí eacnamaíoch agus shóisialta na Gaeltachta. Trí infheistíocht sa teanga, san aos óg, sa nuálaíocht, sa phobal agus san fhostaíocht, táimid ag leagan bunchloch láidir don chéad ghlúin eile agus ag cinntiú go mbeidh an Ghaeltacht ina háit bhríomhar chun cónaí, obair agus gnó a dhéanamh inti.”
Fág freagra ar 'Straitéis nua seolta a dhíreoidh ar ‘caighdeán’ na fostaíochta sa Ghaeltacht ‘a ardú’'