‘Tubaiste’ na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht léirithe i dTeach Laighean

Deir Comhairle Contae na Mí go bhfuil deireadh curtha le plean clásal feidhme teanga a chur isteach sa gcéad phlean forbartha contae eile toisc go bhfuil céatadán leagtha amach sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht

‘Tubaiste’ na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht léirithe i dTeach Laighean

Tá léargas tugtha sa Dáil an tseachtain seo ar an lorg a d’fhéadfadh a bheith ag moltaí pleanála nua ar thodhchaí na Gaeltachta.

D’fhoilsigh an rialtas dréachtráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht i rith an tsamhraidh ach tá imní léirithe faoi chuid de na moltaí atá ann, moladh maidir leis an gclásal feidhme teanga a chuirfí i bhfeidhm ar fhorbairtí tithíochta sa nGaeltacht ina measc.

Faoin moladh nua, bheadh an céatadán tithe a chuirfí ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairt tithíochta sa nGaeltacht bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa limistéar pleanála teanga ina mbeadh an fhorbairt á déanamh. Laghdú ar chéatadán na dtithe a chaithfí a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge an toradh a bheadh ar an gcur chuige nua i bhformhór na gceantar Gaeltachta.

Tá Comhairle Contae na Mí ar cheann de na húdaráis áitiúla Gaeltachta nach bhfuil clásal teanga curtha i bhfeidhm acu i bplean forbartha an chontae. Cé go raibh obair ar bun chun é sin a chur ina cheart agus céatadán “sách ard” a chur isteach sa bplean nua atá á fhorbairt, tá ráite anois ag an gComhairle go bhfuil an obair sin curtha i leataobh agus go nglacfar leis an gcéatadán atá molta sa ráiteas náisiúnta pleanála, céatadán a d’fhéadfadh a bheith cuid mhaith níos ísle ná mar a bhí á mholadh ag an gComhairle féin.

“Tá Comhairle Contae na Mí ag obair faoi láthair ar phlean forbartha contae nua agus bhí muid ag féachaint ar an gcéatadán sin [don chlásal feidhme teanga] a fhágáil sách ard, sprioc ard a leagan síos,” a dúirt Gareth McMahon, stiúrthóir seirbhísí le Comhairle Contae na Mí.

“Faoi láthair, labhraíonn thart ar 43% den daonra i Ráth Chairn an Ghaeilge [go laethúil] agus sa dara ceantar [Gaeltachta] againn, Baile Ghib, tá sé faoi bhun 10%. Chun tuilleadh cainteoirí Gaeilge a thabhairt chuig Baile Ghib ach go háirithe ach chuig Ráth Chairn chomh maith, bhí muid ag breathnú ar sprioc thart ar 70% a leagan amach sa bplean forbartha. Anois, áfach, leagfar síos an céatadán dúinn sna treoirlínte tithíochta tuaithe agus glacfaidh muid agus cuirfidh muid i bhfeidhm na treoirlínte sin sa bplean forbartha nuair a ghlacfar leis.”

Deirtear sa deachtráiteas náisiúnta pleanála go mbeidh céatadán na dtithe a chaithfí a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais sa Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta ina bhfuil an fhorbairt suite.

De réir daonáirimh 2022, bhí 14% de phobal LPT na Mí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. D’fhágfadh sin nach gcaithfí ach 24% de thithe i bhforbairt tithíochta sa limistéar a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge, céatadán i bhfad níos ísle ná an 70% a bhí ar intinn ag Comhairle Contae na Mí.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go mbeadh sé “go hiomlán tubaisteach” dá gcuirfí clásal feidhme chomh híseal i bhfeidhm i mBaile Ghib, ceantar a bhí “an-leochaileach” a dúirt sé.

D’iarr sé ar Chomhairle Contae na Mí athmhachnamh a dhéanamh faoin gcinneadh gan glacadh le céatadán ard don chlásal feidhme.

“Impím oraibh féachaint air seo arís ag déanamh cinnte go bhfuil an céatadán ard go leor, fiú i gcásanna cosúil le Baile Ghib, áit a bhfuil an stádas Gaeltachta i mbaol toisc go bhfuil sé chomh lag.”

Dúirt Gareth McMahon ón gComhairle gur aontaigh sé leis an méid a bhí ráite ag an Teachta Ó Snodaigh agus go mbeadh baol ag baint le “cur chuige róchaighdeánaithe”.

D’aontaigh sé gur ceantar Gaeltachta an-leochaileach atá i mBaile Ghib agus go dteastódh “cur chuige ar leith” chun an pobal labhartha Gaeilge a athbhunú ansin.

Dúirt Aisling O’Sullivan, pleanálaí sinsearach i gComhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge, go raibh an Chomhairle “sásta go maith” leis an gcéatadán 80% a bhí leagtha síos don chlásal feidhme teanga d’fhorbairtí i nGaeltacht na nDéise agus go raibh an baol ann go gcruthófaí deacrachtaí do chainteoirí Gaeilge agus don Ghaeltacht dá ndéanfaí an céatadán a laghdú.

Faoin dreáchtráiteas pleanála, ní chaithfí ach 35% de thithe i bhforbairt sa nGaeltacht sin a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Tubaiste’ na dtreoirlínte pleanála don Ghaeltacht léirithe i dTeach Laighean'