Tá sé ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go bhfeictear dó nach bhfuil aon cheangal idir an Ghaeilge agus ról an Rapóirtéara Speisialta don Chomhionannas Ciníoch agus don Chiníochas.
Bhí an Taoiseach ag tabhairt freagra ar cheist sa Dáil ón Teachta Dála Ken O’Flynn, iarbhall dá pháirtí féin atá anois ina iondaí do Independent Ireland, faoi ráiteas a rinne an Dr Ebun Joseph i gcaitheamh an tsamhraidh faoin nGaeilge agus faoi oiliúint múinteoirí in Éirinn.
Dúirt an Taoiseach nach raibh an ráiteas feicthe aige agus go gcaithfeadh sé an comthéacs a fheiceáil, ach nach mbeadh aon ghlacadh ag an Rialtas ar aon ísliú stádas don Ghaeilge.
“Ní ghlacaim le haon bheag is fiú a dhéanfaí den Ghaeilge, mar a tharlaíonn sé, is é a mhalairt atá ar bun againn,” a dúirt an Taoiseach.
“Táimid ag tacú leis an nGaeilge i ngach gné den pholasaí, trí Acht na dTeangacha [Oifigiúla] agus trí stádas bunreachtúil na Gaeilge mar theanga oifigiúil an stáit. Go deimhin is croíchuid den churaclam scoile, ag an mbunleibhéal agus an meánleibhéal araon, í.
“Beidh orm féachaint ar na ráitis sin agus ar an gcomhthéacs ina ndúradh iad agus pléifidh mé an cheist leis an Aire cuí ina dhiaidh sin,” a dúirt sé.
Dúirt an Taoiseach gur cheap sé go raibh post an Dr Joseph mar Rapóirtéir Speisialta don Chomhionannas Ciníoch agus don Chiníochas “thar a bheith tábhachtach” ach nach raibh aon bhaint ag an ról, dar leis, le cúrsaí Gaeilge.
“Is dóigh liom go bhfuil an post thar a bheith tábhachtach maidir le dul i ngleic leis an gciníochas, rud atá díobhálach agus atá i bhfad rófhorleathan inár sochaí, agus caithfimid dul i ngleic leis an gciníochas.
“Ach níl aon cheangal aige, i mo thuairim féin, leis an nGaeilge ná rud ar bith mar sin. Tá sochaí ionchuimsitheach chairdiúil uainn,” a dúirt an Taoiseach.
D’fhiafraigh O’Flynn de Martin cé acu ar aontaigh nó nár aontaigh sé leis an méid a dúirt Joseph faoin riachtanas Gaeilge atá ann do mhúinteoirí.
“Caithfidh mé ceist dhíreach a chur ort, a Thaoisigh, an bhfuil muinín ag do rialtas as an Dr Ebun Joseph go fóill mar rapóirtéir speisialta agus an aontaíonn tú féin, mar Thaoiseach, lena ráitis maidir leis an nGaeilge?
Thagair O’Flynn d’abairt amháin a dúirt an Dr Joseph ar phodchraoladh:
“Le bhur dtoil, le bhur dtoil, lig léi, tá múinteoirí ag teastáil uainn nach bhfuil Gaeilge acu, le bhur dtoil, tá fhios agaibh, stopaigí, stopaigí’ a dúirt sí.
D’fhiafraigh O’Flynn den Taoiseach ar shíl sé go raibh “ráitis mar seo ag teacht leis an oifig atá aici” [an rapóirtéir]”.
Bhí an Teachta Dála do Chorcaigh Thuaidh-Lár ag tagairt do chomhrá a bhí ag an Dr Joseph ar a podchraoladh The DEep Table ag tús mhí Lúnasa. Thug Joseph le fios go gcaithfeadh múinteoirí iar-bhunscoile in Éirinn an Ghaeilge a bheith acu le hábhair eile a mhúineadh, rud nach bhfuil fíor.
Scaipeadh gearrthóg den phodchraoladh – a taifeadadh í bhfoirm físe agus fuaime – ar na meáin shóisialta agus úsáideadh an mhír le cur i leith Joseph go raibh sí ag iarraidh deireadh a chur le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais agus go raibh sí i gcoinne na Gaeilge.
Is ag trácht ar chúrsaí teagaisc a bhí an rapóirtéir ar an bpodchraoladh.
“Nuair a bhí mé féin ar scoil, bhí múinteoirí Fraincise againn agus múinteoirí mar sin. Sin a bhí iontu, múinteoirí Fraincise, agus mhúinidís an Fhraincis. B’aoibhinn leo [an Fhraincis] agus mhúinidís í.
“Gheobhaimis múinteoirí Gaeilge a bheadh sa scoil, mhúineadh siad an chéad bhliain, an dara bliain, an tríú bliain, agus gheobhaimis duine eile leis an gceathrú bliain, an cúigiú bliain, agus an séú bliain a mhúineadh.
“Ansin d’fhéadfaimis múinteoirí mata a bheith againn nach múinfeadh ach an mata agus a dhíreodh ar an mata. I ndeireadh na dála, ní mhúinimid an mata trí Ghaeilge, an múineann?” a dúirt sí.
Faoi láthair ní gá do mhúinteoirí meánscoile in Éirinn, nach múinteoirí Gaeilge iad, Gaeilge a bheith acu ná cáilíocht sa Ghaeilge a bhaint amach. Is gá do mhúinteoirí bunscoile cáilíochtaí Gaeilge a fháil agus an Ghaeilge a mhúineadh mar chuid den churaclam bunscoile.
D’eisigh Joseph ráiteas i ndiaidh na conspóide a chothaigh an podchraoladh ina ndúirt nach raibh sí ag iarraidh deireadh a chur leis an nGaeilge.
“Bhain mo mholadh go sonrach leis an gcaoi a ngabhfaimis i ngleic leis an nganntan múinteoirí, agus úsáid a bhaint as múinteoirí nach bhfuil Gaeilge acu, a fhad is a fheabhsóimid taithí na ndaltaí atá ag foghlaim na Gaeilge,” a dúirt sí.
Is í Ebun Joseph an chéad Rapóirtéir Speisialta don Chomhionannas Ciníoch agus don Chiníochas. Ceapadh an léachtóir, a rugadh sa Nigéir, sa ról in 2024. Ba í a bhunaigh an chéad mhodúl sa Léann Gorm in ollscoil in Éirinn. Bhain sí céim amach sa mhicribhitheolaíocht in Ollscoil Benin agus ansin PhD i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Bhunaigh sí IABS, Institiúid an Fhrithchiníochais agus an Léinn Ghoirm, agus tá sí ina stiúrthóir uirthi ó shin. D’fhoilsigh sí a céad tuarascáil bhliantúil mar rapóirtéir i mí Feabhra na bliana seo.
Fág freagra ar '‘Níl aon cheangal idir an Ghaeilge agus ról an Rapóirtéara Speisialta don Chiníochas’ – an Taoiseach'