Gníomhaíocht 1: Tobsmaointeoireacht
- An raibh tú páirteach i bhfeachtas riamh? An bhfuil aon rud gur mhaith leat feachtas a thosnú faoi?
- Déan cur síos ar an bhfeachtas. Ábhar machnaimh:
- Cén fáth go díreach a bhfuil sibh ag feachtasaíocht? Cad atá sibh ag iarraidh a bhaint amach? Cad na slite atá tú ag feachtasaíocht? Cé atá leat? Cé atá ar an taobh eile?
- Úsáid an pictiúr thíos mar spreagadh.

- B’fhéidir go mbeadh na focail/nathanna seo cabhrach:
- Feachtas/Ag feachtasaíocht
- Táimid ag lorg…
- Nílimid sásta
- Cothrom na Féinne
- Agóid
- Ag eagrú
- Ag bailiú
- Na meáin/na meáin shóisialta
Gníomhaíocht 2 – Léitheoireacht
Anois, léigh an t-alt thíos.

Grúpa feachtasaíochta nua bunaithe chun éileamh a dhéanamh ar oideachas lán-Ghaeilge
- Tá grúpa feachtais nua bunaithe chun brú a chur ar an rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do gach páiste sa tír ar mhian leo é. Tá tuismitheoirí a bhí páirteach i bhfeachtais áirithe timpeall na tíre chun scoileanna lán-Ghaeilge a éileamh anois tagtha le chéile chun grúpa náisiúnta, IMEASC, a bhunú. Deir bunaitheoirí an ghrúpa go bhfuil súil acu aird a tharraingt ar na bacanna “córasacha institiúideacha” atá “ag cur cosc” ar pháistí teacht ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Deir an grúpa go bhfuil tuismitheoirí suas le 20% de pháistí scoile an stáit ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ach nach bhfuil na scoileanna ar fáil dóibh.
- Deir IMEASC go bhfuil gá le reachtaíocht chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag gach páiste oideachas lán-Ghaeilge a fháil. Tá feachtas nua le seoladh ag an ngrúpa an tseachtain seo chun an t-éileamh atá ann agus an obair atá le déanamh a chur ina luí ar pholaiteoirí. Tá baill de choiste Oireachtais na Gaeilge, an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ó Fhianna Fáil agus an t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ina measc siúd a bhfuil tacaíocht léirithe acu don ghrúpa.

- Dúirt urlabhraí de chuid IMEASC, Rachel de Bhailís, nach dtuigeann go leor den phobal nach bhfuil an ceart ag gach páiste oideachas a fháil trí Ghaeilge. Múinteoir Gaelcholáiste agus tuismitheoir í de Bhailís agus bhí sí i mbun feachtais chun Gaelcholáiste nua a thógáil i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Dúirt sí gurb iad na tuismitheoirí féin a bhunaigh an-chuid de na scoileanna lán-Ghaeilge atá ann timpeall na tíre agus nach bhfuil aon chóras ceart ag an Roinn Oideachais go fóill chun scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú breis is 100 bliain ar aghaidh ó bhunú an stáit.

- Tá sé luaite sa chlár rialtais go mbunóidh an rialtas Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nuair in áiteanna a bhfuil éileamh orthu ach tá imní léirithe ag lucht feachtais nach bhfuil sé i gceist an gealltanas sin a chomhlíonadh. Léirigh torthaí pobalbhreitheanna le gairid go roghnódh 49% de dhaoine an t-oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh a leithéid ar fáil ina gceantar. Tá céatadán na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge – 5.9% – níos ísle ná mar a bhí ag aon am le breis is deich mbliana anuas.5. Tá 11 contae ó dheas nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu – Liatroim, an Iarmhí, Tiobraid Árann, contae an Chláir, Laois, Uíbh Fhailí, Sligeach, contae Lú, an Longfort, an Cabhán agus Ros Comáin. Tá beagnach 90,000 dalta iarbhunscoile sna contaetha sin i láthair na huaire. Níl aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i Maigh Eo ná i gcontae na Mí ach an oiread. Deir IMEASC go léiríonn an fás a tháinig ar líon na scoileanna Breatnaise agus ar líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Bhreatnaise sa mBreatain Bheag le breis is leathchéad bliain anuas an dul chun cinn is féidir a dhéanamh nuair atá toil pholaitiúil ann.
Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Tuisceana agus Léirthuisceana
Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.
- Cén fáth a bhfuil grúpa feachtais bunaithe? (alt 1)
- Cé atá sa ghrúpa seo? (alt 1)
- Cén fáth a luaitear Cynthia Ní Mhurchú? (alt 2)
- Cén ról atá ag Rachel de Bhailís? (alt 3)
- Cad atá luaite i gclár an rialtais? (alt 4)
- Cad dó a thagraíonn an figiúr 11? (alt 5)
- Cad atá eiseachtúil faoi Mhaigh Eo? (alt 5)
- Cén fáth meas tú a bhfuil comharthaí athfhriotail ar na focail “córasacha institiúideacha” agus “ag cur cosc”?
Gníomhaíocht 4 – Deis Taifeadta
- Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
- Déan iarracht an fhoghraíocht a rá i gceart.
- Is féidir úsáid a bhaint as abair.ie le cabhrú leat. Úsáid pé canúint atá cuí duit.
Gníomhaíocht 5 – Nathanna Cainte: bí ag caint agus ag scríobh
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- bunaithe
- ar fáil
- páirteach
- éileamh/an t-éileamh
- bunaitheoir/bunaitheoirí
- Tá gá…
- tacaíocht
- Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa. Cabhróidh an pictiúr leat leis an gcéad cheann.

-
- urlabhraí
- nach dtuigeann (sin an aimsir láithreach, is féidir triail a bhaint as aimsir eile)
- reachtaíocht
- bunaitheoir
- imní léirithe
- gá
- toil
Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 6 – Cúinne na Gramadaí
- Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:
- Ainmfhocal san uimhir iolra.
- Briathar san aimsir chaite.
- Ainmfhocal sa tuiseal ginideach
- Ainm briathartha.
Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie
Gníomhaíocht 7
- Smaoinigh arís ar an bhfeachtas a bhí á phlé agat in Gníomhaíocht 1. Samhlaigh go raibh agóid agaibh mar chuid fheachtas agus gur tharla eachtra éigin. Díreach ina dhiaidh sin glaonn tú ar do chara le hinsint di/dó faoin méid a tharla.
- Déan ríomphost chuig polaiteoir (nó duine cuí eile) leis an bhfeachtas a mhíniú.
-
- Cá raibh an agóid ar siúl
- Cé a bhí ann
- Cad a tharla – seo pointe mór. D’fhéadfadh rud dearfach nó diúltach a bheith i gceist.
- Cén ról a bhí agat féin san eachtra.
- Cén chríoch a bhí leis an eachtra.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Grúpa feachtasaíochta nua bunaithe'