Tá an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ag iarraidh go gcuirfeadh an tAontas Eorpach airgead breise ar fáil chun pobail agus teangacha mionlaithe a chosaint.
Bhí Ní Mhurchú, Feisire de chuid Fhianna Fáil d’Éireann Theas, i measc grúpa feisirí a scríobh litir chuig Uachtarán an Choimisiún Eorpaigh Ursula von der Leyen an tseachtain seo ag iarraidh uirthi gníomh a dhéanamh chun tacú le pobail mhionlaigh san AE.
Deir Ní Mhurchú go dtuigeann sí mar chainteoir Gaeilge an dua a bhaineann le cothrom na Féinne a fháil do theanga mhionlaigh.
“In ainneoin go bhfuil an Ghaeilge rangaithe mar theanga oifigiúil oibre ag leibhéal an AE, níl acmhainní ar fáil di fós i gcomparáid leis an gcuid is mó de theangacha oifigiúla eile an Aontais,” a deir Ní Mhurchú i ráiteas.
Deir sí go bhfuil sí tar éis a cuid “frustrachais” a chur in iúl faoin gá a chinntiú go ndéanfaí ateangaireacht ar an méid a deireann sí i nGaeilge agus í mbun a cuid dualgas mar fheisire Eorpach.
Deir sí gur cheart don AE tacaíocht fhadtéarmach a chur ar fáil do phobail ar fud na hEorpa atá faoi bhrú, Bascaigh, Briotánaigh, Catalónaigh, Vaileinsiánaigh, Ungáraigh sa tSlóvaic agus Fionlannaigh a bhíonn ag labhairt na Sualainnise ina measc, a deir sí.
Meastar go bhfuil 50 milliún duine san Aontas Eorpach atá mar chuid de phobail mhionlaigh nó a labhraíonn mionteanga.
Agus an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais á ullmhú, tá Ní Mhurchú ag éileamh “maoiniú tiomnaithe” chun a chinntiú go gcuirfear “oideachas agus rochtain dhigiteach ar fáil don iliomad pobal mionlaigh san Aontas ina dteanga dhúchais”.
Tá Ní Mhurchú mar bhall d’Idirghrúpa a bhíonn ag plé le mionlaigh agus mionteanacha a sheol an litir chuig Ursula von der Leyen an tseachtain seo.
Deir Ní Mhurchú gur mian leis na milliúin Eorpach a dteanga a úsáid, a gcultúr a chaomhnú agus cothromaíocht a fháil. Deir sí go bhfuil teachtaireacht shoiléir ón Aontas de a léireodh go bhfuil meas ar na hinstitiúidí Eorpacha ar éagsúlacht na bpobal seo.
Fág freagra ar 'Tacaíocht do mhionteangacha agus do phobail mhionlaigh de dhíth ón Aontas Eorpach – Cynthia Ní Mhurchú'