CULTÚR: Gradam RnaG bronnta ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceolchoirm i dTiobraid Árann

Deir RnaG gur bronnadh gradam na bliana seo ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann mar aitheantas ar an ról lárnach atá aige i gcaomhnú is i gcur chun cinn chultúr dúchasach na hÉireann

CULTÚR: Gradam RnaG bronnta ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceolchoirm i dTiobraid Árann

Bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2026 ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceolchoirm speisialta i gCaiseal, contae Thiobraid Árann aréir.

Bronntar an gradam mar chomhartha ómóis do dhaoine nó do ghrúpaí as a saothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Deir RnaG gur bronnadh gradam na bliana seo ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann mar aitheantas ar an ról lárnach atá aige i gcaomhnú agus i gcur chun cinn chultúr dúchasach na hÉireann.

Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceiliúradh 75 bliain a bhunaithe i mbliana.

“Tá glúnta de cheoltóirí, amhránaithe, damhsóirí agus lucht leanúna an chultúir tar éis tairbhe a bhaint as an obair mhór mhillteach atá déanta ag baill agus ag craobhacha de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar fud na tíre agus thar lear,” a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Bhí sé sin uilig le feiceáil go soiléir ag an bhFleadh Cheoil i mBéal Feirste cúpla mí ó shin. Agus an 75 bliain á chomóradh agus á cheiliúradh acu, guím gach rath ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann sna blianta amach romhainn.

“Go leana an ceol, an cultúr agus an spiorad pobail atá mar chroílár na heagraíochta ag spreagadh agus ag saibhriú saol daoine ar fud an domhain.”

Bhí plúr na gceoltóirí ó bhrainsí éagsúla den Chomhaltas i gCúige Mumhan le cloisteáil ag an gceolchoirm a reáchtáladh in Ionad Cultúrtha Brú Ború i gCaiseal inné.

Bhí an cheolchoirm mar chuid de shraith ceolchoirmeacha atá á cur ar stáitse i mbliana chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain RTÉ agus ar 75 bliain an Chomhaltais.

Reáchtáladh an chéad cheann i gCeoláras Coleman i nGoirtín, Contae Shligigh agus tá péire eile le reáchtáil, ceann i gceanncheathrú an Chomhaltais, Cultúrlann na hÉireann i mBaile an Manach, Baile Átha Cliath ar an 18 Samhain agus ceann eile ar an 2 Nollaig i nDún Uladh, Tír Eoghain.

Beidh Neansaí Ní Choisdealbha mar bhean an tí, agus beidh na ceolchoirmeacha uilig á gcraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Gradam RnaG bronnta ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceolchoirm i dTiobraid Árann'