An rialtas ag súil le teacht ar phlean réitigh a sheachnódh an dara stailc, ceardchumainn le cúrsaí a phlé inniu

Bhí na mílte oibrí ina seasamh taobh amuigh dá n-ionaid oibre ó mhaidin go tráthnóna inné agus scoileanna, seirbhísí ospidéil agus na céadta foirgneamh poiblí eile dúnta de bharr na stailce

An rialtas ag súil le teacht ar phlean réitigh a sheachnódh an dara stailc, ceardchumainn le cúrsaí a phlé inniu

Lucht na stailce taobh amuigh de Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Tá an rialtas agus na ceardchumainn fós in adharca a chéile faoi chúrsaí pá san earnáil phoiblí i ndiaidh mhórstailc an lae inné, ach táthar ag súil go bhfuil plean réitigh ar na bacáin.

Deir lucht na gceardchumann go gcaithfidh an rialtas moltaí fiúntacha a dhéanamh faoi cheist an phá sula mbeidh aon chomhaontú ann. Tuairiscíodh aréir go raibh na ceithre cheardchumann is mó san earnáil phoiblí – Fórsa, SIPTU, an  INMO agus an INTO – chun cruinniú a bheith acu tráthnóna le toradh na stailce inné agus na chéad chéimeanna eile a phlé.

Deir an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers agus an Rialtas go bhfuil siad ar a ndícheall ag iarraidh stailc náisiúnta eile, atá beartaithe don 21 Deireadh Fómhair, a sheachaint.

Dúirt Chambers gurb é “leas na tíre” é go dtiocfadh an Rialtas agus na ceardchumainn ar réiteach sara mbeadh stailc eile ann.

“Táimid ag iarraidh margadh fiúntach cothrom ar féidir brath air a sholáthar do na hoibrithe,” a dúirt Chambers.

Dúirt sé go raibh “obair dhian ar siúl sa chúlra” i dteannta na gceardchumann ar mhaithe le teacht ar réiteach. Bhí súil aige plean réitigh a fhógairt as seo go ceann lá nó dhó.

Ach tá an caidreamh idir an Rialtas agus na ceardchumainn faoi chomhaontú nua pá na seirbhíse poiblí fós i sáinn agus stailc náisiúnta eile beartaithe don tseachtain seo chugainn.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gur chóir don Taoiseach “breith ar an bhfón” agus idirghabháil a dhéanamh san aighneas.

Bhí na mílte oibrí ina seasamh taobh amuigh dá n-ionaid oibre ó mhaidin go tráthnóna inné agus scoileanna, seirbhísí ospidéil agus na céadta foirgneamh poiblí eile dúnta de bharr na stailce.

Bhí breis is 300,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí ar stailc aon lae siocair an mhoill ar chomhaontú nua pá a aontú leo. Tá stailc eile beartaithe don Chéadaoin seo chugainn, an 21 Deireadh Fómhair, stailc a d’fhágfadh múinteoirí, altraí, dochtúirí, státseirbhísigh agus oibrithe poiblí eile as láthair óna gcuid dualgas arís.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee go raibh “dea-mhéin ar an dá thaobh” maidir le suí chun boird agus tús a chur le cainteanna. Ba mhaith leis an rialtas, a dúirt sí, tuilleadh pá a íoc leis na hoibrithe.

Chuir ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald i leith an Rialtais, áfach, go raibh “cluiche sicín” á imir  acu le 300,000 oibrí seirbhíse poiblí.

“Creidimse gur léiriú ar theip an Rialtais atá ann gurbh éigean tabhairt faoin ghníomhaíocht thionsclaíoch seo.

“Is deacair a chreidiúint gur theip orthu aon rud a dhéanamh cé go raibh a fhios acu le míonna go gcaithfidís tabhairt faoi chainteanna faoi chomhaontú nua pá.

“Sílimse gur imir siad cluiche sicín millteanach agus dímheasúil le 300,000 oibrí ar a bhfuil muid ar fad ag brath.

“Táimid ag brath orthu chun aire a thabhairt dúinn nuair a bhímid tinn. Cuireann siad oideachas ar fáil dár bpáistí. Ritheann siad ár gcuid seirbhísí agus go deimhin féin ritheann siad an foirgneamh agus an córas atá anseo ar ár gcúl, an áit a mbímid ag déanamh ár gcuid oibre mar ionadaithe tofa an phobail agus sílim gur féidir an tacaíocht mhór atá ag an bpobal do na hoibrithe ar fad a fheiceáil.”

Tá an rialtas agus na ceardchumainn in adharca a chéile i gcónaí faoi mhargadh nua pá d’oibrithe na seirbhíse poiblí, in ainneoin achainí an rialtais go rachfaí i mbun cainteanna.

Ba í gníomhaíocht thionsclaíoch an lae inné an stailc is mó dá leithéid sa tír ó bhí an ghéarchéim airgeadais againn beagnach 20 bliain ó shin.

Tháinig an margadh deiridh pá chun deiridh i mí an Mheithimh agus éilíonn na ceardchumainn go gcaithfidh aon idirbheartaíocht faoin gcéad mhargadh eile tús áite a thabhairt do chúrsaí pá agus an costas maireachtála.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers, go bhféadfaí cúrsaí pá a phlé ar thosú d’aon idirbheartaíocht.

Nuair a fiafraíodh den Aire Chambers ar chlár Primetime RTÉ Dé Máirt an bhféadfaí cúrsaí pá a phlé ar dtús in aon chainteanna, dúirt sé “cinnte glan”.

Dúirt Ard-Rúnaí Fórsa, Kevin Callinan, gur ‘dea-thuar’ a raibh le rá ag Chambers ach nárbh leor an ráiteas sin as féin le stailc na Céadaoin seo chugainn a stopadh.

Chuir Leas-Ardrúnaí SIPTU, Adrian Kane, i leith an Rialtais go raibh siad ag plé “le caidreamh tionsclaíoch amhail is gur teilifís réaltachta a bhí ann”.

Tá €1.2 billiún curtha i leataobh sa Bhuiséad do chomhaontú pá.

Tá ceardchumainn na n-oibrithe san earnáil phoiblí cáinteach faoin Rialtas ag áitiú gur theip air aon ghealltanais dháiríre a dhéanamh faoi chúrsaí pá ó tháinig deireadh leis an socrú deireanach ag deireadh mhí an Mheithimh.

Dúirt an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais, James Lawless inné gur “údar aiféala” a bhí i stailc an lae inniu.

“Sílim nár cheapadar chor ar bith roimh ré go dtarlódh sé go mbeadh an doras oscailte ag an Rialtas le haghaidh cainteanna agus an Rialtas ag rá tagaigí isteach, pléimis cúrsaí.”

Ó tharla ceithre cheardchumann an lucht teagaisc, INTO, ASTI, TUI agus IFUT, páirteach sa stailc seo, bhí formhór scoileanna, coláistí agus ollscoileanna dúnta an lá ar fad inné.

Bhí cúntóirí riachtanas speisialta atá i gceardchumann Fórsa ar stailc chomh maith.

Státseirbhísigh a oibríonn i ranna Rialtais agus i bhforais stáit, bhí siadsan freisin ar stailc.

Cuireadh na mílte coinne leighis ar ceal de bharr na stailce agus stop curtha le gach seirbhís sláinte nach raibh práinneach.

Den chéad uair riamh bhí Cumann Fiaclóireachta na hÉireann páirteach i stailc dá leithéid.

Níl raibh an chuid is mó de na cúirteanna ina suí agus bhí láithreacha oidhreachta agus páirceanna náisiúnta dúnta, seachas Páirc an Fhionnuisce.

Cuireadh ar ceal na seisiúin Dála agus Seanaid ar fad agus cuireadh ar fionraí chomh maith cruinnithe na gcoistí Oireachtais.

Bhí leabharlanna poiblí dúnta agus srianta go leor ar sheirbhísí na n-údarás áitiúil.

Fág freagra ar 'An rialtas ag súil le teacht ar phlean réitigh a sheachnódh an dara stailc, ceardchumainn le cúrsaí a phlé inniu'