Neamhaird déanta ag Aire na Meán ar éileamh TG4 go mbeadh Gaeilge ag gach duine ar chomhairle lucht féachana

Deir TG4 gur iarr an stáisiún gur cainteoirí Gaeilge amháin a bheadh ina mbaill den chomhairle 15 ball

Neamhaird déanta ag Aire na Meán ar éileamh TG4 go mbeadh Gaeilge ag gach duine ar chomhairle lucht féachana

Tá Aire na Meán ag brú ar aghaidh le leasú ar an reachtaíocht a d’fhágfadh nach gá do gach ball de chomhairle lucht féachana TG4 Gaeilge a bheith acu in ainneoin gur iarr an stáisiún gan an t-athrú a dhéanamh.

Tá leasú ar an Acht Craolacháin molta ag an Aire Patrick O’Donovan chun go mbeadh cead cúigear nach bhfuil aon Ghaeilge acu a bheith ar chomhairle lucht féachana TG4.

Dúirt an tAire O’Donovan go raibh “leithcheal” i gceist le cainteoirí Gaeilge amháin a bheith ar chomhairle lucht féachana TG4.

Dúirt TG4 le Tuairisc gur iarr an stáisiún roimhe seo nach ndéanfaí an reachtaíocht a leasú agus gur cainteoirí Gaeilge amháin a bheadh mar bhaill den chomhairle 15 ball.

“D’iarr TG4 go mbeadh Gaeilge líofa ag gach comhalta de Chomhairle Lucht Féachana TG4, mar atá amhlaidh faoi láthair,” a dúirt urlabhraí o TG4.

In aighneacht a chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín faoi bhráid Choiste Oireachtais na Meán mar chuid den ghrinnscrúdú réamhreachtach a rinneadh ar an mbille anuraidh, dúradh “go gcaithfeadh gach ball de Chomhairle Lucht Féachana TG4 a bheith inniúil sa Ghaeilge”.

Mhol an coiste áfach ach gur cheart go mbeadh inniúlacht sa nGaeilge ag “sciar suntasach” de chomhairle TG4.

Is léir go bhfuil neamhaird déanta ag an Aire O’Donovan ar éileamh TG4. Agus an bille á phlé i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt an tAire O’Donovan go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh ról ag daoine nach raibh aon Ghaeilge acu ar chomhairle TG4 agus go bhféadfadh daoine nach raibh an teanga acu ach a raibh suim acu inti cur le hobair na comhairle.

Cháin polaiteoirí ón bhfreasúra moladh agus caint an Aire. Dúirt Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta gur “masla” a bhí ann agus dúirt Aengus Ó Snodaigh Shinn Féin go raibh argóint an Aire ‘áiféiseach’.

Cé go bhfuil sé ag moladh go mbeadh cead ag daoine gan Gaeilge a bheith ina mball de chomhairle lucht féachana TG4, dhiúltaigh an tAire do leasú a mhol go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag ar a laghad triúr a bheadh mar bhaill de chomhairle lucht féachana RTÉ.

Faoin reachtaíocht mholta, is é Coimisiún na Meán a dhéanfadh na baill ar chomhairlí lucht féachana RTÉ agus TG4 a cheapadh feasta i ndiaidh comórtas roghnúcháin phoiblí.

Deir an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt go ndéanfaidh an bille ról na gcomhairlí “a leathnú go suntasach mar chomhlachtaí neamhspleácha”.

Fág freagra ar 'Neamhaird déanta ag Aire na Meán ar éileamh TG4 go mbeadh Gaeilge ag gach duine ar chomhairle lucht féachana'