‘Leithcheal’ a bheadh ann daoine gan Gaeilge a choinneáil amach ó chomhairle lucht féachana TG4 – Aire na Meán

D’éirigh cruinniú de choiste Oireachtais na meán teasaí an tseachtain seo nuair a mhaígh an tAire Patrick O’Donovan go raibh “leithcheal” i gceist le cainteoirí Gaeilge amháin a bheith ar chomhairle lucht féachana TG4

‘Leithcheal’ a bheadh ann daoine gan Gaeilge a choinneáil amach ó chomhairle lucht féachana TG4 – Aire na Meán

Tá an reachtaíocht chraolacháin á leasú ag an Rialtas chun go mbeadh cead cúigear nach bhfuil aon Ghaeilge acu a bheith ar chomhairle lucht féachana TG4.

D’éirigh cruinniú de choiste Oireachtais na meán teasaí an tseachtain seo nuair a mhaígh an tAire Patrick O’Donovan go raibh “leithcheal” i gceist le cainteoirí Gaeilge amháin a bheith ar chomhairle lucht féachana TG4.

Dúirt Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta go raibh sí fágtha ina “staic” ag caint an Aire agus ag leasú an rialtais agus gur “masla” a bhí ann.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh argóint an Aire “áiféiseach”.

Dúirt an tAire O’Donovan go ndéanfadh riachtanais Ghaeilge leithcheal ar Éireannaigh nua a bhí tagtha chun na tíre agus go raibh iontas air go raibh a leithéid de mholadh ag teacht ó na Daonlathaithe Sóisialta, cúiseamh a shéan an Teachta Gibney.

Cháin cathaoirleach an choiste, Alan Kelly Pháirtí an Lucht Oibre, iompar an aire agus na mball agus dúirt sé go raibh am á chur amú ag an bplé faoi líon na mball ar bhord RTÉ agus comhairlí lucht féachana TG4 agus RTÉ ar cheart Gaeilge a bheith acu.

Leasú an rialtais maidir le comhairle TG4 is mó a chothaigh caint.

Dúirt an tAire O’Donovan go mb’fhéidir go gceapfadh daoine go mbeadh sé “ait” nach gá go mbeadh Gaeilge líofa ag cúigear den 15 ball ar chomhairle lucht féachana TG4 ach gur aithin sé an ról a bhí ag an stáisiún dóibh siúd a bhíonn ag foghlaim na teanga nó a bhfuil spéis acu inti ach nach labhraíonn í.

“Ní gá go mbeadh lucht féachana ar fad TG4 inniúil sa Ghaeilge agus sílim go mbíonn sé sin an-soiléir tráthnóna Dé Domhnaigh, mar shampla, nuair is dócha nach bhfuil an Ghaeilge ag formhór na ndaoine atá ag féachaint ar TG4 [ach] a bhíonn ag féachaint ar chluichí agus is rud maith é sin mar go mbíonn siad ag fáil taithí ar an nGaeilge.”

Dúirt O’Donovan go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh ról ag daoine nach bhfuil Gaeilge acu ar chomhairlí lucht féachana TG4 agus RTÉ.

“B’fhéidir nach mbeadh líofacht acu sa Ghaeilge ach b’fhéidir go mbeadh suim mhór acu inti.”

Dúirt sé go bhféadfadh daoine gan Gaeilge ach atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge a bheith ar an gcomhairle, mar shampla. Dúirt an tAire go raibh tráth ann nach ligfí do dhaoine nach raibh líofa sa nGaeilge páirt a ghlacadh sa bplé faoin teanga agus gur céim siar a bhí sa mholadh a rinne Sinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta.

“Is breá liom an dá uair an chloig a chaithim gach Domhnach ag féachaint ar na cluichí Gaelacha,” a dúirt Brian Brennan Fhine Gael. “Cén fáth nach mbeadh an deis ag duine cosúil liomsa nó duine atá tagtha anseo ó thír eile ionchur a bheith againn in obair TG4?”

Dá ligfí do dhaoine gan caighdeán cuí Gaeilge a bheith mar bhaill ar chomhairle TG4, dúirt Sinéad Gibney go raibh an baol ann go gcaithfí obair na comhairle a reáchtáil trí Bhéarla. Dúirt sí go mbeadh costas breise ar TG4 chun é sin a sheachaint agus go gcaithfí dul ag plé le hateangairí.

Mhol Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta leasú ar an reachtaíocht a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a laghad ag triúr de chomhairle lucht féachana RTÉ. Dúirt sí go mbíonn Gaeilge ag thart ar thriúr den 15 ball ar an gcomhairle de ghnáth ach go gcinnteodh an leasú ar an reachtaíocht go mbeadh cainteoirí Gaeilge ar an gcomhairle i gcónaí.

Dhiúltaigh an tAire O’Donovan glacadh leis an leasú áfach agus dhiúltaigh sé freisin do mholtaí de chuid Shinn Féin go mbeadh Gaeilge ag 50% de bhaill bhord RTÉ agus go mbunófaí comhairle lucht éisteachta ar leith do Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar '‘Leithcheal’ a bheadh ann daoine gan Gaeilge a choinneáil amach ó chomhairle lucht féachana TG4 – Aire na Meán'

  • Béarlóir

    Nach gcuimhneofar ar na Béarlóirí bochta?!

  • Donal Deroiste

    An rialtas ag iarraidh an dubh a chur ina geal orainn, mar is gnáth? Ag cuir tuilleadh brú ar daoine Éireannach gaelach agus ag ligint gur liberálach é. Abair an seafóid sin do TV na Fraince i dtaobh Feancaise.

  • Graham Ó Móráin

    Cumann na nGaedheal
    go
    Naimhde na nGael

    Forbairt ghairmiúil, is dócha.

  • Seán Mag Leannáin

    Tá an tAire O’Donovan ag seasamh air nach gá go mbeadh Gaeilge ag cúigear as an gcúigéar déag ar an gComhairle Lucht Féachana TG4 ach san am céanna níl sé sásta glacadh leis go mbeadh ar a laghad triúr Gaeilgeoirí i measc na gcúigear déag ar Chomhairle Lucht Féachana RTÉ. Tá imní ar an Aire freisin go bhfuil an teideal Coimisiún na Meán ag cur mearbhaill ar dhaoine anseo agus thar lear. Le bheith féaráilte don Aire, murab ionann agus tromlach mór a gcomhleacaithe, chuir O’Donovan d’iachall air féin an Ghaeilge a fhoghlaim agus chomh maith leis sin baintear úsáid as an dá teanga sna postáileacha meán sóisialta sa Roinn Cultúir a bhfuil seisean freagrach as. Ach tá an chuma air anois go mb’fhéidir go bhfuil beagáinín mearbhaill ar an Aire féin seachas ar Choimisiún na Meán!

  • Ag Caoineadh

    ““Ní gá go mbeadh lucht féachana ar fad TG4 inniúil sa Ghaeilge ”

    Ní gá mar go bhfreastalaíonn TG4 orthu!

    Ní gá go mbeadh aon duine inniúil sa Ghaeilge, i n-aon áit ar domhan, sin í an fhadhb (ceann de na fadhbanna ar aon nós)!!

    “daoine gan Gaeilge ach atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge”

    Níl tú ‘á dtógáil le Gaeilge’ mura bhfuil Gaeilge agat, tá tú ‘á gcur go Gaelscoil’ nó ‘á gcur ós comhair teilifíse’. Seafóid.

    “ach b’fhéidir go mbeadh suim mhór acu inti.”

    Tá suim agam i dornálaíocht cé nár imir mé riamh é, b’fhéidir gur cheart mo leithéidse a bheith ag tabhairt comhairle do dhornálaithe agus a gcuid traenálaithe?

    “go mbeadh cead cúigear nach bhfuil aon Ghaeilge acu a bheith ar chomhairle lucht féachana TG4”

    Béarla a bheidh á labhairt ag 15 acu mar sin. Ach b’fhéidir go ndéarfadh duine acu “a chairde”, “go raibh maith agat”, “slán”, le go maífidís gur cruinnithe ‘dátheangacha’ iad.

    Bíonn Béarlóirí a mbrú féin isteach i ngach áit. Mar ‘orgánach soisialta’ déanann siad damáiste don Ghaeilge i ngan fhios dóibh féin.

    San am atá le teacht, beidh rath ar TG4 mar ghnólacht ach ní bheidh an Ghaeilge ach ina maisiúchán ar na ballaí ann agus tabharfar ‘Gaeltacht’ ar áit ina mbíonn Béarlóirí agus foghlaimeoirí ‘brodúil’ as ‘oidhreacht Gaeltachta’ na háite…

  • Gallgeoir anaithnid.

    Abair dá má rud é nach raibh Gaeilge agam agus gur cuireadh ar an gcomhairle seo mé agus ansin gur fhoghlaim mé an teanga go hann tapaidh (fíorthapa, tá ‘fhios agat) agus gur sceith cheann de na seoiníní eile den chuigear ar an gcoiste mo rún náireach, an mbeadh orm éirigh as an gcomhairle?