Beidh deis ann as seo go “ceann roinnt seachtainí” leasú a dhéanamh ar cheann de na gnéithe is conspóidí de ráiteas náisiúnta pleanála an rialtais faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, a deir Aire na Gaeltachta.
Tá lucht gníomhaíochta agus polaiteoirí de chuid an fhreasúra míshásta faoi ghné amháin den phlean go háirithe, an treoir do chomhairlí contae go gcuirfí coinníoll teanga i bhfeidhm ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna limistéir pleanála teanga éagsúla sa daonáireamh is déanaí, móide 10%.
De réir anailís a rinne Tuairisc ar fhigiúirí daonáirimh 2022, bheadh coinníoll teanga níos lú ná 50% i gceist i 19 den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta dá gcuirfí i bhfeidhm an moladh sa ráiteas náisiúnta.
Faoin gcur chuige sin sa ráiteas, mar shampla, chuirfí 54% de thithe ar leataobh i bhforbairtí tithíochta i gceantar Chois Fharraige, i nGaeltacht Chonamara, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.
Ach faoin bpolasaí atá i bhfeidhm ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi láthair is gá 80% de thithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta i gCois Fharraige.
Faoin bpolasaí atá in ainm is a bheith á chur i bhfeidhm ar fhorbairtí tithíochta i nGaeltacht Dhún na nGall faoi láthair coinníoll teanga 85% ba chóir a bheith bhfeidhm i bhforbairtí ina bhfuil níos mó ná dhá thigh i gceist. De réir an ráitis ní bheadh aon cheantar Gaeltachta i nDún na nGall, seachas Toraigh, in aon ghiorracht don chéatadán sin.
Clásal teanga 80% an polasaí atá i nGaeltacht na nDéise, i gcomparáid leis an 35% faoi chur chuige an ráitis nua.
Agus ceist a chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh á freagairt ag Dara Calleary, aire na Gaeltachta, dúirt sé nach raibh sé ag “iarraidh aon rud a dhéanamh leis na treoirlínte a dhéanfaidh rudaí níos measa sa Ghaeltacht, go háirithe sna Gaeltachtaí ina bhfuil figiúirí móra [ó thaobh líon na gcainteoirí Gaeilge]”.
Ghéill an t-aire nach bhfuarthas aon chomhairle ó aon shochtheangeolaí agus an ráiteas náisiúnta á leagan amach.
Dúirt sé gur baineadh úsáid “as an taithí agus as an saineolas cuimsitheach atá ag oifigigh sa dá Roinn [An Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta] chun teacht ar an gcur chuige sa ráiteas. Dúirt sé gur “pléadh agus cíoradh an méid atá sa ráiteas i ngrúpa oibre a bhí ag feidhmiú ar feadh roinnt blianta chun na moltaí a fhorbairt”.
Bhí “teagmháil rialta” faoin scéal chomh maith ag Roinn na Gaeltachta le hÚdarás na Gaeltachta, na húdaráis áitiúla agus dreamanna eile, a dúirt sé.
Ach dúirt Calleary go raibh an cheist faoin gcoinníoll teanga á plé faoi láthair aige leana chomhghleacaí ó Fhianna Fáil, Shane Moynihan, cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais agus go gcuirfí san áireamh an tuarascáil atá á réiteach faoi chúrsaí pleanála atá á réiteach ag an gcoiste sin.
“Tá suim agam í a fheiceáil chomh maith leis na figiúirí a bheidh istigh inti a phlé. Tá an tsuim céanna againn faoi na cúrsaí seo. Tá muid ag iarraidh cuidiú leis an Ghaeltacht agus leis an nGaeilge sa Ghaeltacht. Is mian linn beirt an Ghaeilge a chosaint sa Ghaeltacht agus bealach éasca a chruthú do dhaoine le Gaeilge bogadh ar ais go dtí an Ghaeltacht chun tithe a thógáil. Tá na suimeanna céanna againn ina leith sin.
“Tá súil agam go mbeidh muid in ann oibriú le chéile air seo go tapa sna seachtainí atá romhainn. Níl mé ag caint faoi mhí ag an bpointe seo; tá mé ag caint faoi sheachtainí. Mar a dúirt mé, tá mé ag súil le bheith ag obair air seo le chéile.”
Cuirfidh lucht feachtais fáilte roimh ráiteas an Aire mar go raibh roinnt éiginnteachta ann roimhe seo faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeidh deis ann an ráiteas pleanála a leasú.
Cuireadh i leith an rialtais i dTeach Laighean an mhí seo caite gur “foilsíodh faoi dheifir” an ráiteas náisiúnta faoi chúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht gan “aon obair bhaile a bheith déanta”.
Dúirt stiúrthóirí seirbhísí Chomhairle Chontae na Gaillimhe an mhí seo go mbíonn drogall ar bhainc morgáistí a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh teach a cheannach a bhfuil coinníoll teanga Gaeilge curtha leis.
Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go raibh sé “suimiúil go raibh tuairimí difriúla ag finnéithe na n-údarás áitiúil” a bhí os comhair choiste an Oireachtais, go háirithe maidir le daoine a bhíonn “in ann teacht go dtí an Ghaeltacht chun tithe a thógáil, brú an airgeadais agus rudaí mar sin.”
Táthar in ainm is coinníollacha teanga a chur le céatadán áirithe tithe i bhforbairtí tithíochta sa Ghaeltacht lena chinntiú gur cainteoirí Gaeilge a bheidh ina gcónaí iontu. Ní bhíonn cead ag úinéir teach a bhfuil coinníoll teanga leis an teach a dhíol a fhad is a bhíonn an coinníoll i bhfeidhm.
Ní chuireann Comhairle Contae Chorcaí, Comhairle Contae na Mí ná Comhairle Contae Mhaigh Eo aon choinníollacha teanga i bhfeidhm ar fhorbairtí tithíochta sa nGaeltacht, cé gur vótáil comhairleoirí i gCorcaigh i mbliana go dtosófaí ag cur a leithéid i bhfeidhm. Tá sé ráite ag Comhairle Contae Dhún na nGall gur fíor-annamh a leagtar coinníollacha teanga ar fhorbairtí sa gcontae.
Sa treoir do chomhairlí contae atá sa ráiteas coinníoll teanga a chur i bhfeidhm i bhforbairtí tithíochta sa Ghaeltacht a bheadh bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna limistéir pleanála teanga éagsúla sa daonáireamh is déanaí. I bhformhór na gceantar Gaeltachta, laghdú ar chéatadán na dtithe i bhforbairtí tithe a chaithfí a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge an toradh a bheadh ar an gcur chuige nua.
Dúirt sé chomh maith go raibh amhras air an raibh coinníollacha teanga á gcur i bhfeidhm gach áit agus go gcaithfí dul i ngleic le ceist na monatóireachta agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha amach anseo.
Cuirtear coinníollacha teanga le céatadán áirithe tithe i bhforbairtí tithíochta sa nGaeltacht lena chinntiú gur cainteoirí Gaeilge a bheidh ina gcónaí iontu. Ní bhíonn cead ag úinéir teach a bhfuil coinníoll teanga leis an teach a dhíol a fhad is a bhíonn an coinníoll i bhfeidhm.
Tá sé molta sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála a d’fhoilsigh an rialtas do thithíocht tuaithe agus Ghaeltachta gur chóir coinníoll teanga 10 mbliana a chur i bhfeidhm i bhforbairtí tithíochta sa nGaeltacht.
Dúirt an tAire Calleary go raibh sé sásta oibriú leis na Teachtaí agus le grúpaí eile ar an dréachtráiteas.
Níl an ‘coinníoll teanga’ a bhaineann le forbairtí tithíochta sa Ghaeltacht á chur i bhfeidhm
Fág freagra ar 'Cúpla seachtain tugtha ag Aire na Gaeltachta chun moltaí conspóideacha faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a leasú'