‘Foilsithe faoi dheifir, gan aon obair bhaile’ – cáineadh déanta i dTeach Laighean ar ráiteas tithíochta Gaeltachta

Bhí an ráiteas pleanála náisiúnta, a foilsíodh i mí an Mheithimh, faoi chaibidil inné ag cruinniú den choiste Oireachtais a bhíonn ag plé le cúrsaí tithíochta

‘Foilsithe faoi dheifir, gan aon obair bhaile’ – cáineadh déanta i dTeach Laighean ar ráiteas tithíochta Gaeltachta

An tAire Stáit sa Roinn Tithíochta John Cummins

Cuireadh i leith an rialtais i dTeach Laighean inné gur “foilsíodh faoi dheifir” an ráiteas náisiúnta faoi chúrsaí pleanála agus tithíocha sa Ghaeltacht gan “aon obair bhaile a bheith déanta”.

Bhí an ráiteas pleanála náisiúnta, a foilsíodh i mí an Mheithimh, faoi chaibidil inné ag cruinniú den choiste Oireachtais a bhíonn ag plé le cúrsaí tithíochta.

Thug an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta John Cummins soiléiriú ag an gcruinniú faoi coincheap ‘an tAitheantas Idir-Ghaeltachta’, a deirtear a dhéanfaidh níos éasca é do chainteoirí Gaeilge atá ina gcónaí i gceantar Gaeltachta bogadh le cónaí agus obair i gceantar Gaeltachta eile.

Bhí lucht feachtais míshásta go raibh an chuma ar an rogha sin sa ráiteas go raibh treoir á tabhairt nár cheart cead pleanála a thabhairt sa Ghaeltacht do shuíomh níos faide ná trí chiliméadar ón áit a bhfuil cónaí ar an iarratasóir.

Shoiléirigh Cummins nach mbainfeadh an treoir sin le haon chainteoir Gaeilge sa Ghaeltacht, is cuma cén ceantar Gaeltachta sa stát a mbeadh cead pleanála á lorg acu. Bhainfeadh an treoir ‘trí chiliméadar’ sin le “cainteoirí Béarla” amháin sa Ghaeltacht, ar sé.

Bhí Bánú agus grúpaí feachtais eile míshásta chomh maith faoin treoir a thugtar do chomhairlí contae sa ráiteas coinníoll teanga a chur i bhfeidhm i bhforbairtí tithíochta sa Ghaeltacht a bheadh bunaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna limistéir pleanála teanga éagsúla sa daonáireamh is déanaí.

Mhaígh lucht feachtais gur “céim ar gcúl” a bheadh anseo i bhformhór na gceantar Gaeltachta.

Faoin gcur chuige sin sa ráiteas, mar shampla, chuirfí 54% de thithe ar leataobh i bhforbairtí tithíochta i gceantar Chois Fharraige, i nGaeltacht Chonamara, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír.

Ach faoin bpolasaí atá i bhfeidhm ag Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi láthair is gá 80% de thithe a chur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i bhforbairtí tithíochta i gCois Fharraige.

De réir anailís a rinne Tuairisc ar fhigiúirí daonáirimh 2022, bheadh coinníoll teanga níos lú ná 50% i gceist i 19 den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta dá nglacfaí leis an ráiteas.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Tithíochta, John Cummins go raibh ceist an chlásail teanga agus roinnt rudaí sa mhír faoin nGaeltacht sa ráiteas “á meá” i gcónaí ach go raibh práinn le foilsiú an ráitis.

“Bhí orainn rud éigin a fhoilsiú, bhí orainn dréacht a chur amach ansin,” a dúirt Cummins.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Conor D. McGuinness nach raibh sé “maith a dhóthain” ag an aire stáit a rá go raibh ar an rialtas “rud éigin a fhoilsiú” faoin nGaeltacht.

Conor D. McGuinness

Dúirt McGuinness gur gealladh treoirlínte pleanála Gaeltachta do mhuintir na Gaeltachta cúig bliana ó shin ach gur léir nár éist an rialtas le lucht feachtais ná le moltaí an choiste Oireachtais féin. “Ina áit sin foilsíodh an ráiteas faoi dheifir gan aon obair bhaile a bheith déanta,” a dúirt urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin.

Dúirt an t-aire stáit John Cummins go raibh an méid a bhí ráite aige “tógtha as comhthéacs” ag McGuinness.

Dúirt Cummins go bhfuil cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht lárnach sa Dréacht-Ráiteas Pleanála Náisiúnta maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe agus Gaeltachta.

Dúirt sé go dtabharfadh an ráiteas cosaint níos soiléire agus níos seasmhaí don Ghaeltacht sa chóras pleanála.

Ach “tagann an uair”, a dúirt sé, go gcaitheann tú cáipéis a fhoilsiú chun go mbeifí in ann í a phlé.

Dúirt sé nach “cáipéis chríochnúil” a bhí sa ráiteas a gcaithfear scagadh a dhéanamh go fóill air ó thaobh impleachtaí timpeallachta.

Dúirt Cummins go mbíonn gá le “mionleasuithe” i gcónaí ar cháipéisí dá leithéid agus gurb amhlaidh i gcás mhír na Gaeltachta sa phlean.

Dúirt sé gcoimeádfadh an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta “faoi bhreithniú” gnéithe éagsúla den ráiteas faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Foilsithe faoi dheifir, gan aon obair bhaile’ – cáineadh déanta i dTeach Laighean ar ráiteas tithíochta Gaeltachta'