Tá sé ráite ag stiúrthóirí seirbhísí Chomhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil drogall ar bhainc morgáistí a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh teach a cheannach a bhfuil coinníoll teanga Gaeilge curtha leis.
Cuirtear coinníollacha teanga le céatadán áirithe tithe i bhforbairtí tithíochta sa nGaeltacht lena chinntiú gur cainteoirí Gaeilge a bheidh ina gcónaí iontu. Ní bhíonn cead ag úinéir teach a bhfuil coinníoll teanga leis an teach a dhíol a fhad is a bhíonn an coinníoll i bhfeidhm.
Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo, dúirt Liam Hanrahan ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe go mbíonn “eagla” ar bhainc nuair a fheictear a leithéid de choinníoll. Cuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe coinníoll teanga seacht mbliana leis na tithe ábhartha sa nGaeltacht, mar shampla.
Dúirt Hanrahan go bhfuil scéalta faighte aige go mbíonn sé deacair ag forbróirí tithe a bhfuil tithe le coinníollacha teanga leo a dhíol in áiteanna cosúil le Baile Chláir ach gurb iad na bainc atá ag cruthú na ndeacrachtaí seachas easpa daoine le Gaeilge.
“Tá sé cloiste againn go bhfuil deacrachtaí ag forbróirí na tithe [le coinníollacha teanga] a líonadh. Feictear dúinn nach í an Ghaeilge an fhadhb áfach mar gur iondúil go mbíonn gasúir ag freastal ar an scoil áitiúil nó ag tosú amach ag foghlaim na Gaeilge, fiú i measc na bpobal nua a bhí tugtha chun na hÉireann, an pobal imirceach,” a dúirt Liam Hanrahan.
“Feictear dúinn gurb é nach bhfuil na bainc ag tabhairt airgead ar iasacht nuair atá coinníoll Gaeilge i gceist. Níl siad ag iarraidh go mbeadh coinníoll teanga ar theach agus tá sé ag cruthú faidhbe. Tá coinníoll seacht mbliana againne a fhágann, má cheannaíonn tú teach, caithfidh tú fanacht ann ar feadh seacht mbliana agus bíonn eagla ar na bainc roimh an gcoinníoll seacht mbliana sin.”
Ghéill Hanrahan nach gcuireann Comhairle Chontae na Gaillimhe an coinníoll i bhfeidhm “go docht” agus gur féidir é a scaoileadh má bhíonn ar dhuine bogadh mar gheall ar “chúrsaí fostaíochta nó mar gheall ar chúrsaí teaghlaigh”. Dúirt sé nach dtarlaíonn sé sin ach “cúpla uair sa mbliain”, áfach.
Dúirt Hanrahan go bhfuil sé curtha in iúl ag an gcomhairle do na bainc gur féidir an coinníoll a scaoileadh más gá.
Tá sé molta sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála a d’fhoilsigh an rialtas do thithíocht tuaithe agus Ghaeltachta gur chóir coinníoll teanga 10 mbliana a chur i bhfeidhm i bhforbairtí tithíochta sa nGaeltacht.
Mhol Fearghal Reidy, príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, gur cheart don Roinn Tithíochta dul i gcomhairle le rannpháirtithe ar nós forbróirí tithíochta agus na bainc chun tuilleadh plé a dhéanamh ar ghnéithe áirithe atá sa dréachtráiteas, an coinníoll teanga ina measc.
“Mar a dúirt Liam, tá bealaí timpeall [ar na deacrachtaí a chruthaíonn an coinníoll teanga] ach níl’s againn an mbeidh iarmhairtí neamhbheartaithe eile ann amach anseo agus molann muid go láidir go mbeadh tuilleadh rannpháirtíochta ann,” a dúirt Reidy.
Ní chuireann Comhairle Contae Chorcaí, Comhairle Contae na Mí ná Comhairle Contae Mhaigh Eo aon choinníollacha teanga i bhfeidhm ar fhorbairtí tithíochta sa nGaeltacht, cé gur vótáil comhairleoirí i gCorcaigh i mbliana go dtosófaí ag cur a leithéid i bhfeidhm. Tá sé ráite ag Comhairle Contae Dhún na nGall gur fíor-annamh a leagtar coinníollacha teanga ar fhorbairtí sa gcontae.
Fág freagra ar 'Bíonn eagla ar bhainc morgáiste a thabhairt do thithe a bhfuil coinníollacha Gaeilge leagtha orthu – Comhairle Chontae na Gaillimhe'