Polasaí ‘stuama’ le réiteach d’úsáid na hintleachta saorga in obair Oireachtas na Gaeilge

Litríodh ainm Sheáin Uí Riada mícheart ar íomhá de Chorn Uí Riada a bhí ar chlúdach leabhráin de chuid an Oireachtais

Polasaí ‘stuama’ le réiteach d’úsáid na hintleachta saorga in obair Oireachtas na Gaeilge

Tá “polasaí stuama” le réiteach ag Oireachtas na Gaeilge d’úsáid na hintleachta saorga in obair na heagraíochta sin.

Dheimhnigh ceannaire Oireachtas na Gaeilge do Tuairisc gur leis an intleacht shaorga a dearadh an clúdach do Chlár na gComórtas Taibhealaíon d’Oireachtas na Samhna 2026, cinneadh a d’fhág gur mílitríodh ainm an chumadóra Seán Ó Riada ar an gclúdach.

Tá íomhá de Mhicheál Ó Confhaola, buaiteoir Chorn Uí Riada 2025, ar chlúdach an leabhráin agus an corn ina ghlac aige.

Is é atá greanta ar an gcorn ceart ná ‘Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada’ – focail atá soiléir ar leabhráin eile a d’fhoilsigh an tOireachtas le blianta beaga anuas. Ach is é atá le feiceáil ar an íomhá de Chorn Uí Riada, a úsáideadh an intleacht shaorga le linn a dheartha, ná meascán litreacha cearta agus cruthanna nach litreacha iad.

‘Com’ atá in áit ‘Corn’ agus tá an ‘ponc séimhithe’ nó an ‘buailte’ le feiceáil os cionn na litreacha ‘n’ agus ‘a’. Rud éigin atá cosúil le ‘Com İå Riaňh’ atá le léamh ar an íomhá.

Dúirt ceannasaí an Oireachtais Máirín Nic Dhonnchadha nár tugadh an earráid faoi deara agus na leabhráin á gcur i gcló agus á seoladh amach chuig iar-iomaitheoirí na gcomórtas taibhealaíon.

“Ullmhaíodh leaganacha éagsúla d’íomhá le húsáid ar chlúdach an chláir, ceann a bhí déanta le cabhair ó áis intleachta saorga agus sin é an ceann a roghnaíodh le cló ar an ábhar gur measadh go raibh sé níos snasta ná na cinn eile.

“Gan amhras, níor thugamar aon earráid san íomhá faoi deara. Ní gnáthnós leis an eagraíocht aon áiseanna intleachta saorga a úsáid inár gcuid oibre ach aithnímid an riachtanas atá le polasaí stuama a bheith againn ina leith agus táimid ag obair air sin,” a dúirt sí le Tuairisc.

An samhradh seo caite, dúirt an tOireachtas go raibh an eagraíocht “ag obair le saineolaithe” leis na bagairtí a bhaineann leis an intleacht shaorga do Chomórtais Liteartha an Oireachtais a aithint.

Chuir Tuairisc ceist an uair sin faoi na beartais atá i bhfeidhm ag Oireachtas na Gaeilge le dul i ngleic leis na dúshláin nua atá roimh lucht eagraithe an chomórtais agus na moltóirí ó tháinig ann do na samhailtí móra teanga atá in ann aistí, gearrscéalta, agus fiú úrscéalta Gaeilge ghiniúint.

Cé nár dúradh go sonrach go raibh beartais ar leith i bhfeidhm ag an Oireachtas maidir leis an intleacht shaorga, dúradh go raibh an eagraíocht i gcomhairle le saineolaithe faoin scéal.

“Tá an tOireachtas ag obair le saineolaithe intleachta saorga chun deiseanna agus bagairtí d’obair na heagraíochta a aithint,” a dúradh i mí Iúil na bliana seo caite

“Tá na Comórtais Liteartha agus tionscadail uile na heagraíochta á n-áireamh againn, chun an eagraíocht féin, chomh maith leis an bpobal ar a bhfuilimid ag freastal a chosaint ach freisin chun go mbeimid eolach ar na tairbhí iontacha atá ag baint leis an intleacht shaorga do thodhchaí an Oireachtais, do mhodhanna oibre na foirne agus iliomad gnéithe eile.”

Fág freagra ar 'Polasaí ‘stuama’ le réiteach d’úsáid na hintleachta saorga in obair Oireachtas na Gaeilge'

  • Mr Bundún

    Caighdeán amháin do na scríbhneoirí, agus ceann eile dóibh féin mar sin. Ach má ghlactar leis in áiteachaí, tuige nach nglacfar leis in áiteachaí eile? Nó an gcuireann daoine na ceisteanna seo orthu féin fiú, nó ab é an chaoi go bhfuil cuid mhór daoine ar an saol seo ag imeacht rompu leath ina gcodladh? Ceist agam ort a Chlaude, an bhfuil an saol seo ina chadás nó ina bhrochán?

  • Donncha

    Nach beag meas atá acu ar an bpobal cruthaitheach. Náireach agus drochmheasúil.