Ceist Dhoireann Ní Ghlacáin don Aire O’Donovan
Is fánach an áit go bhfaighfeá Doireann Ní Ghlacáin.
Luadh an bhean Ghaelach ildánach, a raibh agallamh ag Tuairisc léi maidin inné faoina halbam nua, ag preasócáid de chuid na Roinne Cumarsáide tráthnóna inné.
An tAire Patrick O’Donovan a bhí ar aghaidh na bpiléar agus é á cheistiú faoin mbuiséad nuair a chuir iriseoir ón Irish Examiner ceist air nach raibh aon choinne ag an aire ná aon duine eile a bhí i láthair léi.
“Tá an chuma air go bhfuil an pobal féin sórt bailithe díot. Féach an podchraoltóir Gaeilge Doireann Ní Ghlacáin, nach bhfuil baint ná páirt aici le cúrsaí polaitíochta, a dúirt ar a podchraoladh le déanaí, é seo as a béal féin:
“Nach bhféadfadh Patrick O’Donovan lá amháin a thógáil saor ó bheith ina leibide cruthanta?’. (‘Could Patrick O’Donovan just take a day off from being an ‘effing eejit’?’) Ag tagairt dá raibh le rá agat faoi Choimisiún na Meán a bhí sí. Is cosúil gurb é sin an dearcadh atá fút taobh amuigh den nead pholaitiúil seo. Cad a déarfá faoi sin agus le lucht do thoghcheantair?”
Dúirt Patrick O’Donovan go raibh rudaí i bhfad níos tábhachtaí ag dó na geirbe aige ná “tráchtaireacht dá leithéid”.
Dúirt sé nárbh é ‘leibide cruthanta’ an t-ainm is measa a bhí tugtha air.
Maidir le lá saor a thógáil, níor fhreagair sé an cheist.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
***
Brian Cowen agus an Ghaeilge
Ní haon iontas é go mbeadh an t-iarThaoiseach Brian Cowen le clos faoi agallamh i nGaeilge. Bhí sé ar Fóram RTÉ an tseachtain seo caite agus beidh sé faoi agallamh ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra Dé Sathairn seo chugainn.
Leabhar beathaisnéise Gary Murphy faoin iarThaoiseach a bheith foilsithe is cúis leis na hagallaimh.
Cowen féin is cúis leis an rogha teanga. Cuimhnigh gur le Máirtín Tom Sheáinín, ar Comhrá ar TG4 i mí Lúnasa 2013, a dhein sé a chéad agallamh ó d’éirigh sé as oifig i mí Feabhra 2011.
I nGaeilge, le tagairt do Raiftearaí, a chuir Cowen clabhsúr lena óráid dheireanach sa Dáil mar Thaoiseach, rud a luaitear sa leabhar nua Brian Cowen- Anatomy of Taoiseach.
Seachas sin níl aon tagairt eile don Ghaeilge sa leabhar ach amháin ag a thús, mar a bhfuil cur síos ar ócáid ag Fleadh Cheoil na hÉireann in 2022 nuair a bhronn Comhaltas Ceoltóirí Éireann gradam speisialta ar Cowen.
Deir údar an leabhair go raibh grá ag Cowen don Ghaeilge, don cheol Gaelach agus do CLG agus go raibh sé go mór istigh leis féin ag an ócáid.
Agus Cowen ina Thaoiseach ag tréimhse chomh corraitheach conspóideach sin, ní bheifeá ag súil le mórán faoi cheist na Gaeilge i leabhar Murphy.
Ach is trua nach bhfuil aon tagairt ann don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a sheol Cowen ar an 21 Nollaig 2010. Bhí Ajai Chopra agus a chairde ón IMF sa tír faoin am sin, ach bhí an t-iarThaoiseach meáite ar an straitéis a sheoladh é féin agus é a sheoladh i gceart i dTithe an Rialtais.
Ba léir go raibh suim aige sa chúram. Is cuimhin le Dialann Tuairisc scéal a d’inis aire rialtais dúinn tamall roimhe sin. Bhí an t-aire ag teacht ó chruinniú ag ar pléadh An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Bhí cúpla aire eile ag an gcruinniú a bhí amhrasach go maith faoi am a bheith á chur amú ar a leithéid agus an tír i gcruachás.
Is cosúil gur bhain Cowen geit as a chomhghleacaithe nuair a bhuail sé dorn ar an mbord.
‘Tá sé seo tábhachtach agus táimid chun é a dhéanamh, is cuma faoi aon rud eile,’ a dúirt sé. Labhair sé óna chroí amach faoi thábhacht na teanga. Ba é an trua, a dúradh le Dialann Tuairisc, nár éirigh leis teacht níos minice ar a ghuth féin mar sin le linn na mblianta achrannacha léanmhara sin.
Beidh tuairim Cowen féin faoin nGaeilge agus faoin Straitéis 20 bliain le clos ar RnaG Dé Sathairn.
Seán Tadhg Ó Gairbhí
***
Gaelathon i bPáirc an Fhionnuisce
Beidh na bróga reatha á bhfáisceadh ag na Gaeil go luath don chéad ‘Gaelathon’, rás 5km trí Ghaeilge a bheidh á rith i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, 11 Deireadh Fómhair.
Ní hé an rith an chéad chaitheamh aimsire a chuimhnítear air nuair a luaitear na Gaeil. Chuimhneofá ar an mbádóireacht ar dtús, seans, nó ar an bpeil.
Bainim féin leis an nglúin sin de na Gaeil a bhíonn ina suí ar charraig ag breathnú amach ar an bhfarraige ag cuimhneamh ar chúrsaí an tsaoil.
Ach tá glúin nua ag teacht chun cinn, Gaeil aclaí, lúfara. Gaeil atá in ann a bheith ag rith agus ag caint ag an am céanna. Tá siad ann.
Cén t-ionadh é mar sin go bhfuil ag éirí go maith leis na himeachtaí ParkRun as Gaeilge atá á reáchtáil ar fud na tíre le tamall de bhlianta anuas?
Anois agus an chéad Gaelathon á eagrú ag an gclub reatha Céim ar Chéim in éineacht le Baile Átha Cliath le Gaeilge agus Oifig na nOibreacha Poiblí, beidh áit tionóil nua ag na reathaithe Gaelacha.
Ní hé amháin sin, ach tá bonn speisialta deartha ag an dearthóir Nine Arrow don rás agus bronnfar ceann de na boinn ar gach reathaí a chríochnóidh an cúrsa.
Ná déan nós is ná bris nós a deir an seanfhocal, ach is beag nach mbeadh fonn ar dhuine na bróga reatha a tharraingt amach uair amháin eile ar mhaithe leis an gcomhluadar agus an bonn deas nua.
Bridget Bhreathnach
Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Ceist Dhoireann Ní Ghlacáin don Aire O’Donovan, Brian Cowen agus an Ghaeilge, Gaelathon i bPáirc an Fhionnuisce'