Thosaigh an lá amach gruama is brádán ag teacht is ag imeacht. Bhí turas fada romham, ar mhótarbhealach a mbeadh go leor tráchta air agus gan caint faoi rud ar bith ar an raidió ach cuairt Uachtaráin. Cé a bheadh ag súil le pléisiúr, le rud ar bith dearfach, ar a leithéid de lá?
Bhuail galar éicint an treoraí satailíte agus ní raibh gíog as. Cén chaoi a n-aimseodh mé an bóthar casta chuig an ionad páirceála i gCeatharlach anois? Bhí a fhios agam ó mo thaithí blianta eile, nach raibh aon chomhartha ceart go dtí an t-ionad céanna, ar abhainn na Bearú.
Ach chomh luath agus a shuigh mo chomrádaí spóirt isteach sa charr, laghdaigh an míshuaimhneas.
Bhíomar ar ár mbealach chuig an ‘regatta’ deireanach i mbliana, ag ionad na mbád dragan i gCeatharlach. Ní mór an fonn a bhí orm le bliain anuas aon pháirt a ghlacadh i gceann ar bith de na himeachtaí sin. Níl mé róchinnte cén t-údar a bhí leis an drogall sin – ach bhí mé ag rá liom féin agus muid ag tarraingt ar dheireadh an tséasúir gur chóir dom iarracht a dhéanamh an giúmar diúltach sin a chaitheamh díom.
Ní raibh sé caite díom go hiomlán agus mé ag líonadh bút an chairr le cótaí, scáth báistí, éadaí breise, cathaoir fillte, fleasc tae, ceapairí, agus gach rud a choinneodh duine beo i ndrochaimsir an fhómhair.
‘Ná bíodh aon imní ort,’ a dúirt mo chompánach agus í á socrú féin taobh liom. ‘Tá ‘Mapaí Google’ ar m’fhón agus ar aon nós tá a fhios agam cén bealach le tiomáint chomh fada leis an ionad páirceála.’
Níor airigh mé an turas ar chor ar bith agus an chéad rud eile bhíomar ag tarraingt isteach sa mbaile mór. Agus cótaí ‘tirime’ ildaite agus éide spórt na bhfoirne ar bheagnach chuile dhuine a bhí ag dul i dtreo na habhann, ba léir go mbeadh slua mór i láthair don ‘regatta’ deireanach seo.
Bhí an giúmar ag feabhsú. De réir a chéile, agus muid ag beannú dár gcomh-iomaitheoirí ó chlubanna bád dragan as chuile chearn, ba léir nach raibh ag teastáil ach bolgam caife, socrú síos in aice an champa, ‘gazebo’ a chrochann muid i gcónaí ag féilte den chineál seo, agus bheadh lá den scoth againn.
Bhí foirne ag glacadh páirt ann ó chlubanna i nDún na nGall, i Liatroim, i mBéal Feirste, i gCorcaigh, i Sligeach agus ar ndóigh clubanna as Ceatharlach agus Cill Chainnigh agus áiteacha níos gaire do bhaile.
Ach muide, na Plurabelle Paddlers, an t-aon chlub go bhfios dom, a raibh ailse chíche ar chuile bhall, am éicint ina saol. Tá roinnt clubanna agus fáiltíonn siad roimh bhaill a raibh, nó nach raibh an galar orthu, níl aon riail dhaingean acu. Bheadh sé deacair club a choinneáil ag imeacht sna bailte beaga dá mbeadh sé teoranta dóibh siúd amháin a tháinig slán ón ngalar. D’fhéadfadh suas le 20 duine a bheith sa chriú in éindí le bean stiúrach agus drumadóir.
Scaip na scamaill amach sa lá. Tháinig an ghrian amach. Go deimhin thosaigh sí ag scaladh. Cuireadh na cótaí báistí agus na treabhsair chosanta faoin gcathaoir. Tar éis tamaill b’éigean an scáth báistí a oscailt mar chosaint in aghaidh na gréine. ‘Ar thug éinne uachtar gréine leo?’ Níor thug, ar ndóigh.
Bhí na rásaí bád dragan ag dul ar aghaidh go maith. Bhí ceann amháin de na foirne s’againne (bhí ar ár gcumas dhá fhoireann a chur isteach sna rásaí), a raibh seans maith acu dul chomh fada leis an mbabhta ceannais.
Ní raibh éinne ag éisteacht le nuacht raidió ná ag tabhairt aon aird ar imeachtaí san ardchathair. Uair nó dhó facthas eitleán nó héileacaptar sa spéir ach thairis sin, ba chuma linn faoi imeachtaí polaitíochta nó imeachtaí gailf.
Sna bearnaí idir na rásaí agus muid ag baint an-taitneamh as a bheith inár suí ar bhruach na habhann, chuir muid aithne arís ar ár gcomhbhádóirí ó na clubanna eile. Is breá linn cuairt a thabhairt orthu má bhíonn an deis sin ann i rith na míonna ciúine. Tá cuimhní deasa agamsa go háirithe ar na cuairteanna a thugadh muid ar ár gcomhghleacaithe i Maigh Eo – Club Gráinne Mhaol, i gCaisleán a’ Bharraigh. Théadh muid amach ar an loch a úsáideann siadsan i lár an bhaile. An uair dheireanach a raibh mise ann, thugamar cuairt ar an Ionad Spóirt ansin agus ba é Andy Moran,(as Bealach a’Doirín), laoch peile Mhaigh Eo, a bhí ina bhainisteoir ann.
Is cuimhin liom gur fhanamar san Óstlann a bhí ansin ar an suíomh agus bhí slua Úcránach tar éis leaindeáil ann. Chuireadar fáilte mhór romhainn, cé gur beag Béarla a bhí acu ag an am sin. Rinne duine díobh cáca mór traidisiúnta a bhí déanta as mil dúinne chun an ócáid a cheiliúradh. Súil agam anois go bhfaighidh muid cuireadh ar ais go Maigh Eo.
Cuireadh rás de chineál nua ar an sceideal tar éis an lóin – sort rás ‘luais’. Ní raibh ann ach 100 méadar agus dá mbeadh foireann ag déanamh go maith, chríochnóidís é i mbeagán le cois 30 soicind. Ní dhearna muid a leithéid cheana.
Bhuel, bí ag caint ar chraic! Ní bhíonn an fhoireann in iomaíocht le haon bhád eile díreach ag an am sin – déanann tú an cúrsa i do bhád féin – ach ar ndóigh déantar taifead ar an am agus is mar sin a fhaigheann tú an bua. Fuair ceann de na foirne a chuir muid isteach, an tríú háit agus boinn chré-umha acu ag deireadh an lae. Bhí an oiread ríméid ar chuile dhuine gur ghlac muid páirt ann agus go raibh boinn ag dul abhaile againn ag regatta deireanach na bliana.
‘Cé a chreidfeadh é,’ arsa bean amháin nuair a fuair sí a cuid anála ar ais. ‘Scata ban d’aois ‘áirithe’ a raibh ailse chíche orthu tráth, agus iad in aghaidh na bhfoirne is fearr agus is aclaí sa tír?’
Ach mheabhraigh sí dúinn gurb í an traenáil rialta agus an traenáil ‘bhreise’ anois is arís, a chuireann ár gcóitseálaí Rosemary ar fáil dúinn, atá taobh thiar de na boinn is na trofaithe.
Is dócha go dtuigfeadh Andy Moran é féin an méid sin.
Fág freagra ar 'Maidin ghruama a bhí ann lá regatta deireanach na bliana, ach scaip na scamall…'